Ó am go chéile tagann folúntas aníos sa Seanad, nuair a chailltear, nuair a dícháiltear nó nuair a éiríonn ball de fho-phainéal as, déantar an folúntas a líonadh le fo-thoghchán.
Ní mór do naonár comhalta den Dáil nó den Seanad duine a chomhainmniú le bheith ina (h)iarrthóir do fholúntas ar fho-phainéal Oireachtais. Ní mór don eagras cláraithe ainmniúcháin don phainéal cuí duine a ainmniú mar iarrthóir do fholúntas ar fho-phainéal na n-údarás ainmniúcháin.
Teachtaí Dála agus comhaltaí an tSeanaid amháin a bhíonn vótaí acu i bhfo-thoghchán an tSeanaid. Ballóid rúnda a bhíonn ann agus déantar na vótaí a chomhaireamh leis an gcóras céanna d'ollthoghchán ach nach mbíonn ach iarrthóir amháin tofa.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.