Is iad muintir na hÉireann a thoghann Uachtarán na
hÉireann go díreach le haghaidh téarma 7 mbliana. Níl cead acu fónamh
ar feadh níos mó ná dhá thréimhse. (I bhfocail eile, ní féidir leo
fónamh ar feadh níos mó ná 14 bliana). Is í Máire Mhic Ghiolla Íosa
Uachtarán na hÉireann faoi láthair, agus thosaigh sí a dara tréimhse mar
Uachtarán ar 11 Samhain 2004.
Ní mór go mbeadh na hiarrthóirí intofa mar Uachtarán agus ní mór iad a bheith ainmnithe. Leagann Bunreacht na hÉireann síos na riachtanais cháilitheachta. Le bheith intofa mar Uachtarán, ní mór do dhuine a bheith ina s(h)aoránach agus 35 bliana a bheith slán aige/aici.
Féadann 20 ball den Oireachtas ar a laghad tú a ainmniú mar Uachtarán (is é sin an Dáil agus an Seanad nó ceithre údarás áitiúil ar a laghad.
Is féidir le Iar Uachtarán nó Uachtarán atá ag éirí as oifig é/í féin a ainmiú le seasamh arís.
Ní mór don toghchán tarlú faoin dáta ar a rachaidh téarma an Uachtaráin reatha in éag, ach ní féidir leis tarlú níos mó ná 60 lá roimhe sin. Má bhristear an tUachtarán as oifig, má éagumasaítear é/í, má éiríonn sé/sí as oifig nó má fhaigheann sé/sí bás; ní mór toghchán a reáchtáil dá bharr sin laistigh de na 60 lá a leanfaidh sin.
Is le ballóid rúnda agus de réir na hionadaíochta cionúire ar mhodh an aonghutha inaistrithe a dhéanfar an vótáil.
Mura bhfuil aon duine ainmhithe don oifig Uachtaráin ach iarratasóir amháin, níl aon ghá lean go ballóid toghcháin. Tharla sé i Samhain 2004 nuair d'oirníodh Máire Mhic Ghiolla Íosa mar Uachtarán le haghaidh téarma eile gan toghchán an Uachtaráin toisc ba í an t-aon iarratasóir.
Bhí na teorainneacha caiteachais laghdaithe i 2011. Is é €750,000 (€1.3 milliún roimhe seo) an teorann agus is é €200,000 (€260,000 roimhe seo) an méid is féidir an Stát le hiarrthóír a aisíoc.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.