Ainmniúcháin an Taoisigh chuig an Seanad

Eolas

Ainmníonn an Taoiseach aon chomhalta déag den Seanad. Is féidir leis an Taoiseach aon duine atá intofa mar Sheanadóir a ainmniú.

Nuair is comhrialtas atá ann, is iondúil go roinníonn na páirtithe na hainmniúcháin de réir cumhacht na bpáirtithe.

Go hiondúil, déanann an Taoiseach daoine a ainmniú nuair atá na suíocháin eile sa Seanad líonta.

De réir an Bhunreachta, is féidir beirt Seanadóir a ainmniú ina mbaill den Rialtas agus mar sin is féidir leis an Taoiseach duine a ainmniú ar mhaithe leis an duine sin a cheapadh mar bhall den Rialtas.

Page edited: 19 May 2015