Chun a bheith ainmnithe mar theachta i nDáil Éireann, d'fhéadfá tú féin a ainmniú, nó d'fhéadfadh vótálaí Dála thú a ainmniú.
Roimh ainmniúchán ba chóir duit seiceáil go bhfuil tú i dteideal bheith mar theachta i nDáil Éireann. Chun a bheith intofa mar theachta i nDáil Éireann:
Ní foláir duit "paipéar ainmniúcháin" a líonadh agus é a thabhairt do cheann comhairimh do dháilcheantair. D'fhéadfadh a bheith ainmnithe mar theachta i níos mó ná dáilcheantar amháin agus ní gá duit bheith i do chónaí sa dháilcheantar chun bheith ainmnithe. Más maith leat, d'fhéadfá do chomhcheangal le páirtí polaitíochta a lua ar do pháipéar ainmniúcháin. D'fhéadfá chomh maith griangraf agus/nó comhartha páirtí polaitíochta a chur ar fáil le taispeáint ar an bpáipéar ballóide.
Beidh ar an gceann comhairimh cinneadh a dhéanamh ar bhailíocht do pháipéar ainmniúcháin taobh istigh d'uair an chloig tar éis dó/dí é a fháil. Cuirfidh sé/sí i gcoinne d'ainm (nó an cur síos ort)
Ní mór duit na sonraí ar an bpáipéar ainmniúcháin a athrú má chuireann an ceann comhairimh ina n-aghaidh. Ní foláir don cheann comhairimh glacadh leis go bhfuil do phaipéar ainmniúcháin bailí má tá sé líonta i gceart agus sínithe.
Mar iarrthóir i dtoghchán Dála, tá tú i dteideal litir um thoghcháin saor ó chostas poist a sheoladh chuig gach vótálaí sa dáilcheantar. Más ball de pháirtí polaitíochta thú ag a bhfuil níos mó ná iarrthóir amháin sa dáilcheantar, ní bheidh ceadaithe ach litir amháin saor ó chostas poist eadraibh.
Ní foláir duit do pháipéar ainmniúcháin a chur i láthair ceann comhairimh do dháilcheantair roimh 12 meánlae ar an 7ú lá tar éis don Dáil ordú a eisiúnt don cheann comhairimh.
Chun a bheith ainmnithe mar theachta i nDáil Éireann, ní mór d'iarrthóirí ceann de na roghanna seo leanas a chomhlánú:
Má tá tú ag iarraidh griangraf nó comhartha páirtí a chur ar fáil, ní foláir dó cloí le coinníollacha áirithe maidir le méid agus cruth. Mura gcuireann tú griangraf agus/nó comhartha ar fáil, fágfar an spás nó na spásanna ar an bpáipéar ballóide folamh.
Chun d'ainmniúchán a tharraingt siar, ní foláir duit an ceann comhairimh
a chur ar an eolas i scríbhinn am ar bith roimh 12 meánlae ar an 7ú lá tar
éis don Dáil ordú a eisiúnt don cheann comhairimh.
Ní foláir duit páipéar ainmniúcháin a fháil ó cheann comhairimh do dháilcheantair, is é an sirriam nó an cláraitheoir contae. Tá sonraí teagmhála don cheann comhairimh do dháilcheantair ar fáil ón Rannóg Toghchórais d'údarás áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.