Chuir an tAcht um Thoghchán 1997 córas nua i bhfeidhm chun teorainn a chur ar chaiteachas toghcháin páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí, agus chun é a smachtú. Ó tháinig an tAcht i bhfeidhm, ní folair do pháirtithe agus iarrthóirí cuntas a dhéanamh ar gach a chaitheann siad ar thoghchán, caiteachas ar fhógraíocht, cur chun cinn an pháirtí, cur in aghaidh iarrthóirí eile, agus cuartú vótaí. Tosaíonn an tréimhse vótála ar dháta lánscoir na Dála agus leanann sí ar aghaidh go dtí lá na vótála, lena n-áirítear an dá dáta.
Leagann Acht 1997 síos teorainn ionas nach bhféadfadh iarrthóirí níos mó ná méid áirithe airgid a chaitheamh ar thoghcháin. Seo a leanas an t-uasmhéid gur feidir le iarrthóir a chaitheamh ar thoghchán Dála:
Chuir Acht 1997 córas cúitimh ar chostais toghcháin i bhfeidhm chomh maith. Má tá ar a laghad an ceathrú chuid de chuóta na vótaí faighte ag iarrthóir sa dháilcheantar inar sheas sé/sí, d'fhéadfadh sé/sí iarratas a dhéanamh ar chúiteamh a c(h)ostais toghcháin suas go dtí €8,700.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.