Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Toghcháin agus Reifrinn > Toghcháin Náisiúnta > Fothoghcháin in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Fothoghcháin in Éirinn

Eolas

Má fhaigheann TD bás nó má éiríonn sé/sí as, líontar a s(h)uíochán trí fothoghchán a reachtáil mura mbeidh olltoghchán le bheith ann go luath.

Nuair a fhaigheann TD bás, nó nuair a éiríonn sé/sí as, ritheann an Dáil rún ag tabhairt ordaithe do cheann comhairimh dháilcheantar an Teachta Dála toghchán a reachtáil chun an folúntas a líonadh. Go dtí 2011 ní raibh aon teorainn ama ar an Dáil chun an rún a rith. Soláthraíonn an tAcht Toghcháin (Leasú) 2011 (pdf), mura dtairgeann an Dáil an t-eascaire a eisiúint laistigh 6 mhí go gcaithfidh an Ceann Comhairle an Cléireach Dála a ordú chun an t-eascaire a eisiúint.

Nuair a fhaigheann TD bás, tá an nós ann go molann páirtí an iartheachta an tairiscint ach ní dhéantar é go dtí go bhfuil mí ar a laghad thart.

Tá an modh céanna i bhfeidhm chun iarrthóirí a ainmniú, vótáil agus don chomhaireamh i bhfothoghcháin Dála agus atá don olltoghchán. Níl de dhifríocht ann ach nach bhfuil ach suíochán amháin le líonadh i bhfothoghchán.

Rialacha

Ní féidir le duine atá ina t(h)eachta i nDáil Éireann cheana féin a bheith ina (h)iarrthóir i bhfothoghchán Dála.

Póstaeir agus comharthaí a bhaineann le fothoghcháin

Cuireann dlí na hÉireann cosc ar phóstaeir/comharthaí a chrochadh ar phollaí nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí, mura bhfuil cead scríofa úinéara an pholla nó struchtúir eile faighte agat sula gcuireann tú an póstaer/comhartha in airde. Níl aon rialacha curtha i bhfeidhm maidir le fad na tréimhse roimh fothoghchán ina mbíonn sé ceadaithe póstaeir agus comharthaí a chrochadh. Mar sin féin, tá cumhacht ag údaráis áitiúla fodhlíthe a thabhairt isteach má roghnaíonn siad treoracha a leagan amach maidir le crochadh an ábhair spreagtha. Lena chois sin, tá cumhacht ag údaráis áitiúla na míreanna sin a bhaint anuas má dhíscaoileann siad nó má chruthaítear núis bhruscair.

Tar éis fothoghcháin, caithfidh páirtí/iarrthóir na póstaeir a bhaint anuas laistigh de thréimhse seacht lá. Tar éis an dáta sin, eisíonn d’údarás áitiúil fíneáil ar an láthair €150 i ndáil le gach póstaer ar leith atá fágtha thuas. Bainfidh d’údarás áitiúil an póstaer anuas de mar a eisítear fíneáil. Má eisítear fíneáil ar pháirtí/iarrthóir agus go ndiúltaítear íocaíocht a dhéanamh, féadfaidh d’údarás áitiúil iad a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche chun an íocaíocht fhorfheidhmiú. An t-uasphionós sa Chúirt Dúiche tar éis an chiontaithe ar neamhíoc na fíneála ná €3,000.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Olltoghcháin
    Ní foláir olltoghchán a bheith ann taobh istigh de thréimhse áirithe ó lánscor na Dála (Teach na parlaiminte Éireannaigh). Conas atá dáta an Olltoghcháin cinnte agus conas a shonraítear an lá vótaíochta.
  • Ath-Iarrthóirí do Pharlaimint na hEorpa
    Má chailltear Feisire Eorpach nó má éiríonn sé/sí as oifig, líontar an folúntas ó liosta ionaid iarrthóirí incháilithe.
  • Toghcháin Áitiúla
    Reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach 5 bhliain agus toghann baill den phobal áitiúil seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an phobail sna húdaráis áitiúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.