Más mian leat go n-ainmneofaí tú le seasamh i dtoghchán údaráis áitiúil in Éirinn, tá seachtain faoi leith ann nach mór tú a ainmniú. Tarlaíonn an tseachtain sin 4 seachtaine roimh an lá vótaíochta.
D'fhéadfá tú féin a ainmniú nó d'fhéadfadh vótálaí údaráis
áitiúil atá cláraithe sa cheantar thú a ainmniú. D'fhéadfá a bheith
ainmnithe le haghaidh níos mó ná ceantar amháin.
Chun a bheith i dteideal a bheith tofa d'údarás áitiúil, ní foláir duit a bheith i do chónaí in Éirinn agus ar a laghad 18 bliain d'aois.
Tá daoine áirithe dícháilithe ó bheith ina mbaill d'údarás áitiúil:
Tá foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ag oifig do Bhainisteora Cathrach nó Contae áitiúil. Nuair a bheidh d’fhoirm ainmniúcháin comhlánaithe agat, ní mór duit an fhoirm ainmniúcháin a sheoladh ar ais chuig oifig an Bhainisteora Cathrach nó Contae. Féadfaidh tú cleamhnacht pháirtí a áireamh ar an bpáipéar ainmniúcháin. Mura bhfuil aon chleamhnacht pháirtí agat, d’fhéadfaí cur síos ort mar ‘Neamhpháirtí’ nó féadfaidh tú an spás sin a fhágáil bán.
Más ball de pháirtí polaitíochta thú, ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith i gceangal le d' fhoirm ainmniúcháin.
Más iarrthóir neamhspleách thú ní mór duit d' fhoirm ainmniúcháin a chomhlánú agus ceann de na rudaí seo a leanas:
Ní mór don cheann comhairimh cinneadh an bhfuil do pháipéar ainmniúcháin bailí laistigh d’uair an chloig ó chuirtear i láthair é. Ní féidir cinneadh go bhfuil do pháipéar ainmniúcháin neamhbhailí ach:
Éilítear ar an gceann comhairimh cur i gcoinne aon chur síos ar aon iarrthóir atá (dar leis an gceann comhairimh) rófhada nó nach leor é chun an t-iarrthóir a aithint. Is féidir leis an iarrthóir nó leis na cinn chomhairimh na sonraí atá le feiceáil ar an bpáipéar ainmniúcháin a leasú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.