Reachtáiltear toghcháin áitiúla gach cúig bhliain i mí Bealtaine nó mí Meitheamh. Toghann baill den phobal áitiúil Comhairleoirí ag na toghcháin seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an phobail sna húdaráis áitiúla. Faoi láthair tá níos mó ná 3 milliún toghthóir rialtais áitiúil in Éirinn.
Athraíonn líon na gComhairleoirí a d'fhéadfaí a thoghadh do chuile údarás áitiúil ó cheantar go ceantar.
D'fhéadfadh an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil ceantar gach baile, cathair, nó contae a roinnt i gceantracha áitiúla toghchánacha níos lú agus d'fhéadfadh sé/sí líon na gComhairleoirí a d'fhéadfaí a thoghadh do chuile cheann de na ceantracha toghchánacha seo a leagan síos.
Nuair nach roinntear ceantar an údaráis áitiúil i gceantracha áitiúla toghchánacha, glactar leis gur ceantar toghchánach amháin an ceantar sin agus toghtar na Comhairleoirí go léir as an gceantar sin.
Leagann an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil síos lá na vótála trí ordú a eisiúint agus is é an lá céanna é i ngach ceantar údaráis áitiúil. Ní foláir achar ar a laghad 12 uair idir 7 r.n. agus 10.30 i.n. a bheith sa tréimhse vótála.
Tá rúnaí nó cléireach gach údarás áitiúil freagrach as an toghchán a reachtáil agus feidhmíonn sé/sí mar Cheann Comhairimh. Glanann gach údarás áitiúil costais an toghcháin.
Bíonn seachtain ar leith leagtha síos chun iarrthóirí a ainmniú do thoghchán áitiúil; tarlaíonn sé seo 4 sheachtain roimh lá na vótála.
Ar lá na vótála, d'fhéadfadh vótálaithe a vótaí a chaitheamh ina stáisiún vótála áitiúil. Tá an córas vótála bunaithe ar ionadaíocht chionmhar le haonghutha inaistrithe.
Má thoghtar iarrthóir do níos mó ná údarás áitiúil amháin, ní foláir dó/di a rá i scríbhinn cén ceantar is mian leis/leí iondaíocht a dhéanamh air taobh istigh de 3 lá ó fhograíodh torthaí an toghcháin go poiblí.
Ní chaithfidh tú a bheith i do shaoránach Éireannach chun vótail i dtoghchán áitiúil.
Ní mór duit a bheith os cionn 18 bliain agus i do chónaí sa cheantar toghchánach áitiúil.
Ní foláir duit a bheith cláraithe ar Chlár na Vótalaithe a chuireann Comhairlí Contae agus Cathrach le chéile chuile bhliain.
Ní fhéadfá vótail i dtoghchán do Chomhairle Chontae agus Comhairle Chathrach. D'fhéadfá, áfach vótáil i dtoghchán Buirge nó Comhairle Bhaile chomh maith le toghchán don Chomhairle Chontae. Reachtáilfear toghchán don Chomhairle Bhaile nó Buirge ag an am céanna le toghcháin don Chomhairle Chontae nó Chathrach. Tabharfar dhá pháipéar ballóide duit agus d'fhéadfá vótáil ar son iarrthóirí sa dá Chomhairle.
Ní cheadaíonn dlí na hÉireann póstaeir/fógraí a chur ar chuaillí nó struchtúir eile in áiteanna poiblí gan cead scríofa bheith faighte ó úinéir an chuaille nó an struchtúr eile roimh ré. Tá sé de chumhacht ag na húdaráis áitiúla freisin an t-ábhar seo a bhaint má thagann drochbhail air nó má chruthaíonn sé fadhb bhruscair.
Tar éis toghcháin, ní mór do pháirtí/iarrthóir postaeir a bhaint
anuas taobh istigh de thréimhse seacht lá. Ina dhiaidh sin, eisíonn
d'údarás áitiúil fíneáil ar an bpointe de €150 i leith gach postaer
atá fágtha. Gheobhaidh d'údarás áitiúil réidh leis an bpostaer nuair a
eisítear an fíneáil.
Chun a fháil amach an bhfuil d'ainm ar Chlár na Vótálaithe, chuir ceist i do stáisiún Garda áitiúil, oifig an phoist, leabharlann phoiblí nó oifig d'údaráis áitiúil. Tá sonraí teagmhála gach stáisiún Garda in Éirinn ar fáil ag tús gach eolaire teileafóin phoiblí. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméid maidir le do chearta votála.
Chun a bheith curtha ar Chlár na Vótálaithe, ní foláir duit foirm iarratais a líonadh agus í a sheoladh ar ais chuig d'údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ag oifig d'údaráis áitiúil.
Nuair atá an fhoirm iarratais líonta agat, ba cheart duit í a sheoladh chuig an gcomhairle tríd saorphost. Níl aon ghá stampa a chur ar an gclúdach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.