Ní bhíonn fo-thoghcháin ann do Pharlaimint na hEorpa. Má chailltear Feisire Eorpach nó má éiríonn sé/sí as oifig, líontar an folúntas ó liosta ionaid iarrthóirí incháilithe.
Liosta iarrthóirí intofa mar bhaill de Pharlaimint na hEorpa í liosta ath-iarrthóirí. Roimh an am atá leagtha síos le iarrthóirí a bheith ainmnithe do thoghchán Eorpach a bheith istigh is féidir le gach páirtí polaitiúil nó iarrthóir neamhspléach liosta ath-iarrthóirí a chur ar fáil don cheann comhairimh.
Is féidir le páirtí polaitiúil cláraithe liosta le suas le ceathrar sa bhreis ar an méid iarrthóirí atá ag an bpáirtí sin ag seasamh sa toghchán sa toghcheantar sin a chur ar fáil.
Is féidir suas le triúr a bheith ar liosta na n-ath-iarrthóirí ag iarrthóir nach bhfuil aon pháirtí luaite leis/léi nó ag iarrthóir neamhspléach.
Ní féidir duine a ainmniú mar ath-iarrthóir i níos mó ná toghcheantar amháin. Ach, duine atá ina (h)iarrthóir sa toghchán is féidir leis/léi a bheith freisin ar liosta na n-ath-iarrthóirí. Mar sin iarrthóir nach n-éiríonn leis/léi a bheith tofa ach a bhí freisin ar liosta na n-ath-iarrthóirí d'fhéadfadh sé/sí a bheith intofa le aon fholúntas a thagann aníos a líonadh.
Beidh tagairt i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, ar na páipéir bhallóide don liosta ath-iarrthóirí do gach iarrthóir. Bíonn na liostaí ath-iarrthóirí curtha ar fáil freisin ag gach ionad vótála.
Má chailltear Feisire Eorpach nó má éiríonn Feisire as oifig, má tá an duine atá ag barr a liosta ath-iarrthóirí sásta a bheith ina F(h)eisire Eorpach líonann sé/sí an folúntas. Muna bhfuil aon liosta ann, nó muna bhfuil aon ath-iarrthóirí fágtha, nó muna bhfuil na daoine ar an liosta sásta a bheith nó intofa mar Fheisirí Eorpacha is féidir le Dáil Éireann duine a roghnú leis an bhfolúntas a líonadh ó na liostaí ath-iarrthóirí a cuireadh ar fáil don toghcheantar sin ag an toghchán do Pharlaimint na hEorpa roimh an toghchán deireanach do Pharlaimint na hEorpa.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.