Ar mhaithe le bheith ainmnithe do bhallraíocht i bParlaimint na hEorpa, is féidir leat thú féin a ainmniú nó is féidir le vótálaí eile don toghcheantar tú a ainmniú.
Ní mór duit "páipéar ainmniúcháin" a chomhlánú agus é a thabhairt don cheann comhairimh i do thoghcheantar. Más mian leat, is féidir leat aon cheangail atá agat le páirtí a lua ar an bpáipéar ainmniúcháin. Muna bhfuil tú i do bhall de pháirtí polaitiúil Éireannach ach más ball de ghrúpa polaitiúil i bParlaimint na hEorpa thú, is féidir leat ainm an ghrúpa sin a chur ar na páipéir bhallóide agus ar fhógraí. Is féidir leat freisin griangraf a chur ar fáil agus/nó logo den pháirtí polaitiúil le cur ar an bpáipéar ballóide.
Más rud é nach saoránach Éireannach nó saoránach den Ríocht Aontaithe thú, ní mór duit dearbhú reachtúil a dhéanamh agus fianaise a chur ar fáil ón mballstát as a thagann tú a dhearbhaíonn nach bhfuil tú dícháilithe le seasamh mar iarrthóir sa bhallstát sin.
Ní mór don cheann comhairimh cinneadh a dhéanamh an bhfuil do pháipéar ainmniúcháin bailí taobh istigh de uair a chloig tar éis dó/dí an páipéar a fháil. Cuirfidh sé/sí i gcoinne d'ainm (nó an cur síos ort):
Ní mór duit na sonraí ar an bpáipéar ainmniúcháin a athrú má chuireann an ceann comhairimh ina gcoinne. Ní mór don cheann comhairimh glacadh go bhfuil do pháipéar ainmniúcháin bailí má tá sé líonta amach i gceart agus sínithe. I gcás náisiúnaigh de Bhallstát eile seachas Éire nó an RA, is féidir leis an gceann comhairimh diúltú glacadh go bhfuil an páipéar ballóide bailí muna bhfuil an dearbhú cuí in éineacht leis agus fianaise a bhaineann le intofaíocht seasaimh.
Mar iarrthóir i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa tá sé de chead agat litir amháin um thoghchán a chur saor in aisce ón gcostas poist chuig gach vótálaí sa toghcheantar. Más ball de pháirtí polaitiúil thú agus iarrthóir eile den pháirtí céanna ag seasamh sa toghcheantar céanna, ní bheidh cead agaibh ach litir amháin saor ó chostas poist a chur amach eadraibh.
Ní gá a thuilleadh éarlais a íoc le bheith ainmnithe do bhallraíocht i bParlaimint na hEorpa. Ach, ní mór do na hiarrthóirí Teastas Ceangail Pháirtí a chur ar fáil nó cáipéis ar a bhfuil 60 sínithe de dhaoine a thacaíonn leat atá cláraithe mar vótálaithe sa toghcheantar.
Le tacú leis an ainmniúchán ní mór do na votálaithe páipéar ballóide an iarrthóra a shíniú agus fianaise aitheantais le griangraf a thaispeáint don oifigeach i gceannas san údarás áitiúil. Ní féidir le duine tacú ach le iarrthóir amháin ag gach toghchán.
Más mian leat griangraf nó logo páirtí a chur ar fáil ní mór dó a bheith caighdeánach ó thaobh crutha agus méid. Muna gcuireann tú griangraf agus/nó logo ar fáil beidh an spás nó na spásanna atá curtha ar fáil lena n-aghaidh ar an bpáipéar ballóide fágtha bán.
Níl aon táille le n-íoc le bheith ainmnithe do bhallraíocht i bParlaimint na hEorpa.
Ní mór duit páipéar ainmniúcháin a fháil ón gceann comhairimh i do thoghcheantar.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.