Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Toghcháin agus Reifrinn > Toghcháin Eorpacha > Toghcháin Eorpacha- na vótaí a chomhaireamh

Print Page Send to a Friend

Toghcháin Eorpacha- na vótaí a chomhaireamh

Eolas

Faoi dlí na hEorpa, ní féidir le comhaireamh na vótaí i dtoghchán Eorpach tosú go mbeidh na vótaí ar fad ar fud an AE caite.

Ach, an lá tar éis na vótála, osclaíonn an ceann comhairimh i ngach toghcheantar na boscaí ballóide, comhraíonn sé/sí na páipéir bhallóide le cinntiú gur ionann an méid páipéar i ngach bosca agus líon na vótaí atá i gcuntas gach oifigeach i gceannas. Cuirtear na páipéir bhallóide ansin chuig an ionad comhairimh do gach toghcheantar.

Cuirtear tús leis an gcomhaireamh ceart ar an lá deireanach den tréimhse vótála agus déanann ionadaithe na n-iarrthóirí maoirseacht ar an gcomhaireamh. Déantar na páipéir bhallóide don toghcheantar a shortáil agus a chur i gcairn do gach iarrthóir. Ní ghlactar le páipéir nach bhfuil bailí.

Leantar le comhaireamh na vótaí go dtí go mbíonn na suíocháin ar fad líonta. Is féidir le ceann comhairimh na vótaí ar fad nó cuid acu a athchomhaireamh ag am ar bith le linn an chomhairimh. Tá sé de chead ag iarrthóir nó ag a (h)ionadaí iarratas a dhéanamh na vótaí a athchomhaireamh.

Nuair atá an comhaireamh críochnaithe fógraíonn an ceann comhairimh toradh an toghcháin.

Rialacha

In Éirinn tugtar ionadaíocht chionmhar le vóta amháin inaistrithe ar an gcóras vótála atá againn.

Mar chéad chéim sa phróiséas seo déantar an cuóta a oibriú amach. An líon is mó vótaí a theastaíonn le iarrthóir a thoghadh is brí leis an gcuóta. Déantar líon iomlán na bpáipéar bailí a roinnt faoin méid suíochán móide 1 atá le líonadh agus cuirtear 1 leis an bhfigiúr sin. Mar shampla, má tá 1,000 páipéir bhallóide bailí ann agus ceithre shuíochán sa toghcheantar seo a leanas an cuóta 1000/ 4 +1 = 200 + 1 = 201. Is é 201 an cuóta.

Déantar na páipéir bhallóide a shortáil ansin de réir na n-iarrthóirí a fuair an chéad rogha agus déantar na vótaí sin a chomhaireamh. Ag deireadh an chéad chomhairimh aon iarrthóir a bhfuil an cuóta bainte amach aige/aici nó a bhfuil níos mó vótaí aige/aici ná an cuóta fógraítear go bhfuil sé/sí tofa.

Nuair a fhaigheann iarrthóir níos mó vótaí ná an cuóta déantar fuílleach a vótaí a roinnt de réir cóimheasa ar na hiarrthóirí atá fágtha le toghadh.

Muna bhfuil níos mó vótaí ná an cuóta faighte ag aon iarrthóir nó muna bhfuil dóthain vótaí i bhfuílleach an iarrthóra le iarrthóir eile a thoghadh déantar an t-iarrthóir leis an líon is lú vótaí a chur as an áireamh. Ansin déantar a p(h)áipéir a aistriú chuig na hiarrthóirí atá fágtha de réir an chéad rogha eile atá orthu.

Má tá páipéar ballóide le n-aistriú agus má tá an duine a fuair an dara rogha ar an bpáipéar sin tofa cheana nó curtha as an áireamh, téann an vóta chuig an duine a fuair an tríú rogha agus mar sin de.

Má thagann sé chuig an bpointe gur ionann líon na suíochán atá le líonadh agus líon na n-iarrthóirí atá fágtha fógraítear go bhfuil na hiarrthóirí sin tofa gan an cuóta a bhaint amach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ionadaíocht Chionmhar
    In Éirinn tá ionadaíocht chionmhar i bhfeidhm leis an gcóras vótála i ngach toghchán. Faigh amach conas a oibríonn ionadaíocht chionmhar: comhaireamh, cuóta, aistrithe, athchomhaireamh agus samplaí.
  • Toghcháin Phainéil don Seanad
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na toghcháin don chúig phainéal sa Seanad (an teach uachtar na parlaiminte Éireannaigh.
  • An Córas Vótála do Thoghchán Eorpach
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras vótála atá i bhfeidhm le toghchán le Pharlaimint na hEorpa.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.