Is féidir leis na daoine seo a leanas vóta a chaitheamh tríd an bpost i dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa:
Más mian leat vóta a chaitheamh tríd an bpost ní mór go mbeadh páipéar ballóide curtha chugat sa phost chuig do bhaile. Ní mór duit socrú a dhéanamh go mbeadh dearbhú aitheantais sínithe ag Garda roimh an bpáipéar ballóide a mharcáil ag stáisiún na nGardaí agus é a chur ar ais sa phost chuig an gceann comhairimh.
Baineann socruithe speisialta le daoine a chónaíonn in ospidéil, i dtithe altranais nó institiúidí eile den chineál nach féidir leo vóta a chaitheamh de bharr tinnis nó míchumais fhisiciúil. Tugtar an páipéar ballóide chucu san institiúid agus caitheann siad a vóta i láthair oifigigh speisialta i gceannais agus Garda.
Aon duine a bhfuil míchumas fisiciúil air/uirthi a bhíonn deacracht aige/aici dul isteach chuig an ionad vótála áitiúil beidh cead aige/aici a vóta a chaitheamh ag ionad níos feiliúnaí dó/dí sa toghcheantar céanna.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.