Reachtaíocht eile um chosaint sonraí an AE

Réamhrá

Ní thagann roinnt úsáidí a bhaintear as sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus rialaítear iad i bpíosaí ar leith reachtaíochta.

Mar shampla, bunaítear sa Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí caighdeáin um chosaint sonraí i limistéar na gcionta agus na bpionós coiriúil. Mura dtagann saincheist um chosaint go soiléir faoi chuimsiú théarmaí na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí, déanfaidh an RGCS é a rialú. Cuirtear an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí i bhfeidhm isteach i ndlí na hÉireann tríd an Acht um Chosaint Sonraí. 2018.

Limistéar eile ina bhfuil sraith rialacha ar leith ná maidir le sonraí paisinéirí aerlíne a phróiseáil chun coireanna tromchúiseacha agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a ionchúiseamh. Tá seo á rialú ag an Treoir maidir leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Sonraí faoi Thaifead Ainmneacha Paisinéirí), 2018.

An Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí

Déantar rialáil shonrach sa Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí (Treoir 2016/680) ar shonraí a phróiseáil ag póilíní agus údaráis cheartais choiriúil san AE, cosúil leis an nGarda Síochána. Ceanglaítear an méid a leanas sa Treoir maidir leis na sonraí a bhailíonn údaráis forfheidhmithe dlí:

•Próiseáiltear iad go dleathach agus go cothrom

•Bailítear iad ar chuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha agus próiseáiltear iad ar aon dul leis na cuspóirí seo

•Bíonn siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bhíonn siad iomarcach maidir leis an gcuspóir dá bpróiseáiltear iad

•Bíonn siad cruinn agus nuashonraítear iad nuair is gá

•Coimeádtar iad i bhfoirm nach gceadaíonn an duine aonair a shainaithint ar feadh níos faide ná mar is gá ar chuspóir na próiseála

•Déantar iad a choimeád slán go cuí, agus déantar iad a chosaint in aghaidh próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach ina measc sin

Iarrtar sa Treoir ar na húdaráis forfheidhmithe dlí chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir sonraí catagóirí éagsúla daoine, cosúil leis an méid seo a leanas:

•Ciontóirí amhrasta

•Ciontóirí ciontaithe

•Íospartaigh

•Finnéithe eile

Caithfidh údaráis náisiúnta bearta a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála a chinntiú do shonraí pearsanta, mar shampla, cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe ó theacht ar threalamh próiseála; cosc a chur ar léitheoireacht neamhúdaraithe sonraí, sonraí a chóipeáil, sonraí a athrú nó a bhaint; agus cosc a chur ar ionchur, amharc, athrú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte.

Bíonn a mhacasamhail de chearta ag ábhair shonraí faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí atá acu faoin RGCS, cosúil le cearta maidir le heolas, rochtain, eolas mícheart a cheartú, scriosadh agus a bheith curtha ar an eolas ar sháruithe ar shonraí.

Tá scóip níos mó ann, áfach, go ndéanfar na cearta seo theorannú ná mar a dhéanfar faoin RGCS. Is féidir na cearta seo a shrianadh, más comhréireach agus riachtanach an méid seo a leanas a dhéanamh

•Imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint

•A sheachaint dochar a dhéanamh do chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú

•Slándáil phoiblí nó náisiúnta a chosaint

•Cearta agus saoirse daoine eile a chosaint.

An Treoir maidir leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí

Rialaíonn an Treoir maidir leis an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (an TTAP) (Treoir 2016/681) an úsáid a bhaintear as sonraí taifead ainmneacha paisinéirí (TAP) san AE ar mhaithe le tromchoireanna agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a chosc.

Eolas pearsanta iad sonraí TAP a chuireann paisinéirí ar fáil agus a bhailíonn agus a choimeádann aerlínte. Áirítear leis:

•Dátaí taistil

•Cúrsa taistil

•Eolas faoi thicéad

•Sonraí teagmhála

•An modh íocaíochta a úsáidtear

•Eolas faoi bhagáiste

Tá Aonad Eolas Paisinéirí (AEP) ag gach ballstát an AE atá freagrach as sonraí TAP a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil, anuas ar na sonraí siúd nó torthaí a bpróiseála a aistriú chuig na húdaráis chuí náisiúnta i mballstáit eile agus in Europol. Oibríonn AEP na hÉireann faoi shainchúram na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Caithfidh aerlínte AFPanna a sholáthar i mballstáit an AE leis na sonraí TAP d’eitiltí a iontrálann nó a fhágann an AE. Chomh maith leis sin, ceadaítear sa Treoir seo, ach ní dhéantar foráil de, go mbailíonn ballstáit an AE sonraí TAP a bhaineann le heitiltí áirithe inmheánacha AE.

Stórálfaidh an AEP sonraí a sholáthraíonn aerlínte i mbunachar sonraí ar feadh 5 bliana. I ndiaidh iad a stóráil ar feadh 6 mhí, caithfear na sonraí AEP a dhíphearsantú chun nach mbíonn an t-ábhar sonraí inaitheanta láithreach a thuilleadh.

Ní féidir na sonraí a bailíodh a phróiseáil ach chun cionta sceimhlitheoireachta agus tromchoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Áirítear le tromchoireanna dúnmharú, ionsaithe tromchúiseacha, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, gáinneáil ar dhaoine agus drugaí agus teacht i dtír gnéasach leanaí.

Níor cheart sonraí a phróiseáil ach sna cásanna seo a leanas:

•I gcás measúnú réamhtheachta ar phaisinéirí in aghaidh critéir réamhchinnte riosca

•Ar mhaithe leis na sonraí a úsáid in imscrúduithe nó ionchúisimh ar leith

•Mar ionchur nuair a bhíonn critéir mheasúnaithe á bhforbairt

Rinne Rialacháin an AE (Sonraí TAP), 2018 an TTAP a thrasuí isteach i ndlí na hÉireann.

Eolas breise

Tá eolas breise ar an Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí ar fáil ar dataprotection.ie.

Tá eolas breise ar an TTAP ar fáil ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Lúnasa 2021