Bíonn compháirteanna leictreacha i neart gnáthearraí tomhaltais. D'fhéadfadh gléas ar bith a úsáideann leictreachas díobháil a dhéanamh don timpeallacht muna bhfaightear réidh leis i gcaoi cheart. Tá sé ag éirí níos deacra déileáil leis an drámhaíl ón rannóg seo mar tá ré fearais leictreonach ag giorrú agus an méid fearais bhriste nó críon ag méadú. Tá na nithe leictreacha agus leictreonacha fuílleacha seo a leanas coiteanta:
Faoi láthair, cuirtear fearas leictreach agus leictreonach i láithreáin líonta talún agus cailltear na milliúin tonaí ábhar a d'fhéadfadh a athghabháil agus a athúsáid le haghaidh táirgí nua. Dá bhfaighfí na habháir seo ar ais, laghdofaí an méid amhabhár a bheadh ag teastáil i gcomhair táirgí nua. Bheadh sábháil fuinnimh mar bhuntáiste eile dá bhféadfaí amhabháir a athchúrsáil in áit é a mhianadóireacht. Úsáideann mianadóireacht alúmanaim, mar shampla, fiche uaire an méid fuinnimh a úsáidfí chun an oiread céanna a athchúrsáil.
Tá substaintí a d'fhéadfadh a bheith dainséarach don timpeallacht agus do shláinte daoine i gcuid de na comhpháirteanna seo, má chuirtear de láimh iad gan cúram. Cé nach mbíonn sna substaintí dainséaracha seo ach méid beag de ghnáth d'fhéadfadh siad díobháil mhór a dhéanamh don chomhshaoil. Mar sin, tugann dreacht-treoir um Dhrámhaíl ó fhearais Leictreach agus Leictreonach an AE ordú go gcaithfí ábhar eile a chur in ionad substaintí áirithe roimh 1ú Éanair 2008. Seo iad na substaintí:
D'fhéadfadh substaintí díobhálacha eile a bheith i ndrámhaíl leictreach agus leictreonach, ar nós:
Tá spás sna láithreáin líonta talún ag éirí gann, áfach, agus táthar buartha faoi dhrámhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach i láithreáin líonta talún mar gheall ar chuid de na hábhair dainséaracha a bhíonn insan drámhaíl seo.
Faoi láthair, níl fearas cóireála teirmí (loiscneoir) in Éirinn. Tá an modh oibre seo faoi chaibidil, áfach, mar rogha bainistíochta drámhaíola anseo, agus má ghlactar leis, bheadh ról aige i dtaobh dramhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le loiscniú drámhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach. Ar lámh amháin athraíonn an próiseas loscaidh cuid de na hábhair orgánacha contúirteacha do ábhair nach bhfuil chomh contúirteach don timpeallacht. Chomh maith leis sin, má tá céatadán suntasach plaistigh sa dhrámhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach, feileann siad go mór don phróiseas loscaidh Ar an lámh eile, áfach, bíonn miotail trom agus hailigin i gcuid mhaith den dhrámhaíl seo, agus dá bhrí sin bíonn tiúchan de mhiotail trom sa slaig agus d'fhéadfadh díchearb, dé-ocsainí agus furans teacht as. Tarlódh díobháil don timpeallacht dá réir.
Deileáleann dhá rannóg den tionscal athchursála le fearas leictreach agus leictreonach - oíbritheoirí stiallairí móra agus saineolaithe athchúrsála níos lú. Tugann comhlachtaí eile cúltaca leo, a chuireann seirbhísi ar nós athchúrsáil plaistigh agus athleáite miotail lómhara ar fáil.
Ta dhá chineál saineolaí athchúrsála in Éirinn; iadsan a bhailíonn nithe le heaspórtáil do thíortha le córais athchúrsála níos forbartha, agus iadsan a bhaineann compháirteanna agus ábhair amach le hathchúrsáil. Is i measc na gcomhlachtaí a bhailíonn agus a easpórtálann atá an chuid is mó de chomhlachtaí Éireannacha agus is le fearas teicneolaíochta an eolais a bhíonn siad ag plé. Déanann na comhlachtaí seo meastúchán ar mheaisín chun cinneadh a dhéanamh an féidir é a athchóiriú agus a athdhíol. Glanfaidh agus cóireoidh siad an seanmheaisín agus díolfaidh siad é ar aghaidh. Easpórtáiltear an chuid is mó de na meaisíní seo d'Oirthear na hEorpa nó an Áise. Muna bhfuiltear in ann meaisín a athdhíol, baintear na comhpháirteanna de agus athdhíoltar iad, nó easpórtáiltear iad le haghaidh athchúrsála. .
Tagann an chuid is mó d'fhearas a phróiseálann saineolaithe athchúrsála na tíre seo ón rannóg tráchtála. De ghnáth is táirgtheoirí iad seo a bhfuil scéim "tóg ar ais" acu, nó atá ag iarraidh barrachas stoic a chur de láimh i mbealach cúramach. Faoi láthair, ní thagann soláthar buan do lucht athchúrsála ón margadh teaghlaigh.
Go traidisiúnta, dhéileáil stiallairí le gléasanna móra teaghlaigh ar nós soirn, meaisín níochain, cuisneoirí agus reoiteoirí. Próiseálann siad iad seo in éineacht le feithiclí a bhfuil a ré thart, agus iarann éadrom. Déantar athchúrsáil ar an gcineál seo drámhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach ós rud é go gciallaíonn a luach mar sheanmhiotal gur gnó é atá inmharthana go heacnamúil.
Go dtí gur aistríodh an Treoir um Dramhaíl ó Threalamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE), ní raibh aon reachtaíocht in Éirinn chun déileáil go sainiúil le dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach. Thug na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996-2003 na cumhachtaí riachtanacha d’údaráis áitiúla chun sruthanna dramhaíola sainiúla a rialú, ar nós an dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach, agus cheadaigh siad soláthar oibleagáidí “freagracht táirgeora” áit a bhfeictear go bhfuil gá leo. Ba é seo an bunús a bhí le haistriú na dTreoracha WEEE agus RoHS isteach i ndlí Náisiúnta na hÉireann. Tá an reachtaíocht a dhéanann aistriú ar Threoracha WEEE agus RoHS comhdhéanta de trí thacar rialacháin:
Is féidir leat níos mó a léamh faoi chur i bhfeidhm na Treorach WEEE anseo. Is féidir tuilleadh eolais faoi na Rialacháin seo a fháil ón Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.
Tá sé ag éirí níos tábhachtaí go ndéileáiltear go héifeachtach le drámhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach, agus dá bhrí sin tá an chuid is mó d'údaráis áitiúla ag forbairt pleananna chun a gcuid bainistíochta ar dhrámhaíl ó earraí leictreacha agus leictreonacha a fheabhsú mar chuid dhá bpleananna bainistíochta drámhaíola ginearálta. Tá na pleananna seo bunaithe ar dheiseanna bailiúcháin níos fearr ag ionaid áiseanna cathracha, an méid drámhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach a athchúrsáiltear a mhéadú, agus an méid drámhaíola a chuirtear chuig láithreáin líonta talún a laghdú. Chun eolas a fháil ar na tionscnaimh i do cheantar féin, ba cheart duit dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil.
Bíonn táillí éagsúla ag baint le hathchúrsáil dramhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach, ag brath ar an gcomhlacht a úsáideann tú. Is féidir le sealbhóirí tí dramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach (WEEE) a fhágáil ag saoráidí fóntas pobail ón lá sin amach. Roimhe sin, bhí táillí éagsúla i gceist i gcomhair athchúrsáil dramhaíola leictreach agus leictreonach ag brath ar an údarás áitiúil nó ar an gcuideachta a raibh tú ag déileáil leo.
Ní ghearrann údaráis áitiúla táille ar bith ar bhailiúchán agus athchúrsáil drámhaíola ó fhearas leictreach agus leictreonach.
Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil chun eolas a fháil faoin mbealach is fearr drámhaíl leictreach agus leictreonach a chur de láimh go héifeachtach. Beidh sé in ann comhairle a thabhairt duit ar an gcaoi is fearr chun déileáil leis an gcineál seo dramhaíola.
Thug an Rialtas ordú don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil dréachtstraitéis a fhorbairt faoi dhrámhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht má tá ceisteanna agat faoin reachtaíocht maidir le drámhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach.
Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Wexford
Loch Garman
Éire
Teil:053 916 0600
Lóghlao:1890 335 599
Facs:053 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.