Tá faoiseamh cánach ar fáil má íocann tú táillí seirbhísí le húdarás áitiúil nó le soláthraí eile seirbhísí uisce, bruscair nó camrais. Tugtar an faoiseamh seo i ngach bliain chánach i leith táillí a íocadh sa bhliain chánach roimhe.
Déanann an Bille Airgeadais 2010 soláthar i gcomhair foirceannadh an fhaoisimh cánach seo. Beidh faoiseamh fós ar fáil don bhliain chánach 2011 i leith na dtáillí seirbhísí atá dlite in 2010 agus a íocadh.
Chun a bheith i dteideal an fhaoisimh, ní mór duit do tháillí seirbhíse a bheith íoctha agat go hiomlán agus in am an bhliain roimhe sin. Ní bhfaighidh tú faoiseamh cánach i gcomhair íocaíocht riaráistí.
Tá na táillí a íocann tú ar na seirbhísí seo a leanas incháilithe i gcomhair faoisimh cánach:
Go ginearálta, cáilíonn tú (nó do chéile má ghearrtar cáin oraibh mar lánúin) i gcomhair an fhaoisimh cánach má tá dliteanas ortsa i gcomhair na dtáillí seirbhíse baile ar mhaoin agus má íocann tú iad.
Má tá cónaí lánaimseartha ort i maoin ina bhfuil dliteanas ar dhuine eile (mar shampla, do thuismitheoir níos sine) an táille sheirbhíse a íoc, agus go n-íocann tú an táille sheirbhíse tú féin, d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú i gcomhair faoisimh. Sa chás seo, is féidir leis an duine dlite a dteidlíocht d’fhaoiseamh a dhí-éileamh agus é a aistriú chugatsa. Déanann siad é seo trí fhoirm séanta a chomhlánú agus í a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
Chun a bheith i dteideal faoiseamh cánach a fháil i leith táillí seirbhísí baile a íocann tú le d’údarás áitiúil, ní mór duit do tháillí seirbhíse a bheith íoctha go hiomlán agat agus in am an bhliain roimhe sin. Ní mór aon riaráistí atá dlite ort i gcomhair blianta roimhe sin a bheith íoctha de réir riachtanais d’údarás áitiúil.
Chun a bheith i dteideal faoiseamh cánach a fháil i leith táillí seirbhísí baile a íocann tú le conraitheoirí neamhspleácha nó grúpscéimeanna uisce, ní mór duit aon táillí i gcomhair seirbhísí baile a bheith íoctha go hiomlán agus in am agat le d’údarás áitiúil an bhliain roimhe sin. Arís, ní mór aon riaráistí atá dlite ort i gcomhair blianta roimhe sin a bheith íoctha de réir riachtanais d’údarás áitiúil.
Ní fhaigheann tú faoiseamh cánach i leith riaráistí atá íoctha agat.
Más oibrí ÍMAT tú, cuimseofar d’fhaoiseamh cánach i gcomhair táillí seirbhísí baile i do ghnáth dheimhniú creidmheasanna cánach. Tá roinnt bealaí ann chun éileamh a dhéanamh - féach 'How to apply' thíos. Murar éirigh leat éileamh a dhéanamh le blianta beaga anuas, cuimhnigh gur féidir leat éileamh a dhéanamh suas le 4 bliana níos déanaí. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat éileamh a dhéanamh in 2010 i gcomhair táillí a íocadh in 2005, mura bhfuil sé seo déanta agat cheana féin, ós rud é go mbaineann na híocaíochtaí seo leis an mbliain chánach 2006.
Má bhíonn féinmheasúnú á dhéanamh agat chun cuspóirí cánach, ba chóir duit an faoiseamh cánach a éileamh ag deireadh na bliana ar do thuairisceán cánach bliantúil.
Tugann grúpscéimeanna uisce agus conraitheoirí neamhspleácha a chuireann seirbhísí baile ar fáil admhálacha dá gcustaiméirí mar fhianaise ar íocaíocht tháillí. Ba chóir duit na hadmhálacha i gcomhair gach íocaíochta den chineál seo a choinneáil ós rud é go bhféadfadh sé go dteastódh siad ó d’oifig cánach amach anseo. Ba chóir duit aon admhálacha/duillíní i gcomhair aon chlib araide a cheannaíonn tú a choinneáil.
Ón 1 Eanáir 2007 i leith, tá uasteorainn de €400 in aghaidh na bliana i bhfeidhm ar fhaoiseamh cánach ar tháillí bruscair baile. Ag an ráta caighdeánach cánach, ciallaíonn sé seo uas-chreidmheas cánach de €80 in 2010.
Tá bileog IT27 Faoiseamh Cánach ar Tháillí Seirbhíse (pdf) foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ina bhfuil foirm iarratais le 2 chuid ann. Is féidir leat an phríomh-chuid den fhoirm a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar an bhfaoiseamh cánach ar an ngnáthbhealach agus é a sheoladh isteach chuig d’oifig cánach áitiúil.
Má tá tú dlite na táillí a íoc agus má tá duine éigin a chónaíonn leat á n-íoc, is féidir leat an dara cuid den fhoirm a úsáid chun an faoiseamh a chur in ainm an duine sin.
Is féidir an faoiseamh cánach a éileamh ar roinnt bealaí eile:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.