Thug an tAE isteach reachtaíocht nua i 2005 chun déileáil le Dramhaíl ó Threalamh Leictreonach agus Leictreach (WEEE). Is í an aidhm atá leis an reachtaíocht sin ná chun a chinntiú go ndéantar athchúrsáil ar shean-trealamh leictreonach agus leictreach nó go n-athúsáidtear é seachas é a chaitheamh i suímh líonta talún (láithreacha dramhaíola). Aidhm eile atá ag an reachtaíocht ná dearadh níos fearr ar tháirgí leictreonacha agus leictreacha a spreagadh lena chinntiú go mbeifear in ann iad a athchúrsáil go héasca agus ar bhonn níos éifeachtúla. Aistríodh an treoir WEEE isteach i nDlí na hÉireann i Rialacháin IR 340 um Bainistiú Dramhaíola (Dramhthrealamh Leictreonach agus Leictreach) 2005 .
Ó 13 Lúnasa 2005 i leith is ea atá roinnt oibleagáidí ar mhiondíoltóirí trealamh leictreonach agus leictreach maidir leis an dramhaíl a thagann ó threalamh leictreonach agus leictreach. Ní mór dóibh:
Tá níos mó sonraí faoi na hoibleagáidí sin thíos.
Caithfidh miondíoltóirí áit a sholáthar saor in aisce sa stór chun sean-trealamh leictreonach agus leictreach a thógáil ar ais ó chustaiméirí. Caithfear é sin a dhéanamh ar bhonn ábhar-ar-ábhar, ceann-ar-cheann. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an sean-táirge a bheith cosúil leis an gceann nua nó an fheidhm chéanna a bheith comhlíonta aige leis an ábhar nua a cheannaítear. Mar shampla is féidir le tomhaltóir a cheannaíonn tóstaer tóstaer a thabhairt ar ais ach ní féidir le tomhaltóir a cheannaíonn ríomhaire tóstaer a thabhairt ar ais leis an gceannachán sin. Is féidir le miondíoltóir, le ceadú óna n-údarás áitiúil, socruithe malartacha a chur i bhfeidhm i gcás táirgí a thógáil ar ais. Ní fhéadfaidh an mhalairt sin a bheith níos trioblóidí don chustaiméir ná mar a bheadh ag tabhairt na dramhaíola ar ais go dtí an siopa nuair a bhítear ag ceannach táirge nua.
Má dhéanann tú dearmad do chuid sean-táirgí a thabhairt ar ais nuair a bhíonn tú ag ceannach cinn nua beidh 15 lá agat ó cheannaíonn tú na hábhair nua chun é sin a dhéanamh. Nó, má bhítear ag seachadadh an táirge chugat, beidh sé de cheart agat an sean-táirge a fháil bailithe ag an am céanna gan aon chostas breise ar an mbunús céanna ábhar ar ábhar, ceann ar cheann. Má bhítear ag seachadadh táirge nua ar theach custaiméara ní fhéadfaidh miondíoltóirí táille a ghearradh as an trealamh dramhaíola a bhailiú (cé go bhféadfaidh miondíoltóir táille seachadta a ghearradh). Caithfidh miondíoltóirí fógra 24 uair an chloig a thabhairt agus caithfear an sean-táirge a dhícheangal ó gach saoráid. Mura mian leat leas a bhaint as an mbailiúchán saor in aisce ar threalamh dramhaíola nuair a bhítear ag seachadadh trealamh nua, ansin beidh 30 lá agat é a thabhairt ar ais chuig áitreabh an mhiondíoltóra más mian leat leas a bhaint as áis an mhiondíoltóra táirge a thógáil ar ais saor in aisce.
Caithfidh táirgeoirí athchúrsáil WEEE a mhaoiniú a thagann ó earraí a chuireann siad ar an margadh i ndiaidh 13 Lúnasa 2005, agus freisin an athchúrsáil a dhéantar ar gach WEEE a thagann ó earraí a cuireadh ar an margadh roimhe sin. Caithfidh táirgeoirí bainistíocht na ‘dramhaíola stairiúla’ sin a mhaoiniú ar bhunús a scair reatha ar an margadh. Éilíonn an Treoir WEEE ar Bhallstáit a chinntiú ar feadh tréimhse idirthréimhseach ocht mbliana (10 mbliana i gcás fearais tí níos mó) go dtugtar deis do tháirgeoirí a thaispeáint do thomhaltóirí, nuair a dhíoltar táirgí nua, na costais a bhaineann le WEEE stairiúil a bhailiú, a chóireáil agus a dhiúscairt ar bhealach atá go maith don chomhshaol.
Léiríonn Costais Bhainistíochta Comhshaoil Infheicthe (vEMCs) na costais athchúrsála arna gceadú ag Cumann Cláraithe WEEE Teoranta, comhlacht cláraithe WEEE náisiúnta tionscal-bhunaithe, a bhfuil Coiste Bainistíochta neamhspleách aige. Maoineoidh na costais sin an dá chomhscéim chomhlíonta atá i bhfeidhm in Éirinn, WEEE Éireann agus Ardán Athchúrsála na hEorpa, chun cur ar a gcumas íoc as bainistíocht mhaith comhshaoil a dhéanamh ar gach WEEE tí a thógann miondíoltóirí ar ais nó a dhiúscraíonn an pobal ag láthair chonláiste pobail de chuid údaráis áitiúil.
Ní féidir leis na vEMCanna a thaispeántar do thomhaltóirí na costais iarbhír a bhaineann le hathchúrsáil a shárú. Tá sceideal vEMCanna fíoraithe agus eisithe a bheidh le taispeáint ag an gClár WEEE, an comhlacht clárúcháin náisiúnta do tháirgeoirí. Is mar seo a leanas atá sampla de na EMCanna, a chaithfear a thaispeáint i gcás táirgí éagsúla;
| Táirge | Táille EMV (Costas Bainistithe Comhshaoil Sofheicthe) |
| Cuisneoirí agus reoiteoirí móra (taobh le taobh ar an stíl Mheiriceánach) | €30 |
| Cuisneoirí agus reoiteoirí móra (lardrúis agus leagan amach 2 dhoras faoi/os cionn mar aon le reoiteoirí cófra os cionn 150 Lítear) | €20 |
| Reoiteoirí faoi bhun 150 Lítear | €10 |
| Fearais mhóra (meaisíní níocháin, triomadóirí, sornóga, iartaí cócaireachta, is araile) | €5 |
| Teilifíseáin mhóra (le scáileáin níos mó ná 73 cm nó 29 n-orlach) | €8 |
| Teilifíseáin mheánmhéide (le scáileáin idir 52 agus 72 cm nó idir 20 agus 29 n-orlach) | €5 |
| Teilifíseáin bheaga (le scáileáin suas go 51 cm nó 20 orlach) | €2 |
| Fearais mheánmhéide (oighinn mhicreathonnacha, radaitheoirí leictreacha is araile) | Dada |
| Táirgí tomhaltóirí meánmhéide (ceamthaifeadáin, seinnteoirí físeán, córais hi-fi is araile) | Dada |
| Uirlisí leictreacha agus leictreonacha (druilirí, sábha, meaisíní fuála, innealra gairdín) | Dada |
| Fearais bheaga (gaothráin, téitheoirí leictreacha, téitheoirí le gaothráin, earraí cithfholctha leictreacha is araile) | Dada |
| Táirgí beaga tomhaltóra (seinnteoirí iniompartha téipeanna/CDanna, aláraim leanaí is araile) | Dada |
| Rudaí beaga (luchtairí ceallra, gairis chianrialaithe, cluasáin, raidiónna iompair) | Dada |
| Lampaí nach Lampaí Dlúthsholas Fluaraiseacha (DSF) iad | 25 cent |
| Lampaí - Lampaí Dlúthsholas Fluaraiseacha (DSF) atá tíosach ar fhuinneamh | Dada |
| Cloig rabhaidh, cloig aonair, stopuaireadóirí, cloig agus uaireadóirí |
Dada |
Chun breis eolais a fháil maidir le EMCanna (Costais Bhainistíochta Comhshaoil) ba chóir duit dul i dteagmháil leis an gClár WEEE (seoladh thíos).
Ní mór vEMCanna a bheith san áireamh sna praghsanna a thugtar do cheannaitheoirí agus a chuirtear ar taispeáint i gcás aon trealamh leictreonach ná leictreach. Caithfear praghas an táirge lena n-áirítear CBL (gan an EMC san áireamh) agus an EMC a bheith ar taispeáint astu féin ar an lipéad ar choirnéal na seilfe nó ar an ábhar é féin.
Caithfidh miondíoltóirí sonrú chomh maith cé lena aghaidh an costas sin ar aon sonrasc, admháil nó duillín. Déanann siad é sin trína rá gur ‘Ciste Athchúrsála Táirgeora’ é seo (suim an chostais bhainistíochta comhshaoil)'. Caithfidh fógra a bheith le feiceáil go soiléir san áit a ndíoltar na hábhair leictreacha ag tabhairt le fios ‘Áirítear le praghsanna na n-ábhar seo cúnamh a tugadh do chiste athchúrsála táirgeora lena chinntiú go mbailítear agus go ndéantar athchúrsáil ar threalamh dramhaíola leictreonach agus leictreach ar bhealach freagrach’.
Beidh sé d’oibleagáid ar gach táirgeoir marc a chur ar a dtrealamh leictreonach agus leictreach le siombail bosca bruscair scriosta amach. Is comhartha é sin nár chóir an trealamh a chur i mbosca bruscair a théann chuig líon talún nuair nach mbíonn a thuilleadh úsáide le baint as.
Tá oibleagáid ar mhiondíoltóirí eolas a sholáthar don tomhaltóir ar conas is féidir leo diúscairt a dhéanamh ar threalamh leictreonach nó leictreach nuair nach mbíonn aon mhaitheas sa trealamh sin níos mó. Is féidir le miondíoltóirí é sin a dhéanamh trí bhileoga nó comharthaíocht a chur ar fáil nuair a dhíoltar trealamh.
Ba chóir diúscairt shábháilte a dhéanamh ar chadhnraí agus gan iad a chur chuig líon talún de bhrí go bhfuil siad rangaithe mar dhramhaíl ghuaiseach. De réir an WEEE seo ní bheidh ar mhiondíoltóirí a thógáil ar ais ach cadhnraí a bheidh laistigh de threalamh leictreonach nó leictreach. Ba chóir duit gach cadhnra eile a dhiúscairt i Láthair Chonláiste Pobail
Níl aon oibleagáid ar mhiondíoltóirí dramhaíl éillithe a ghlacadh a chuirfeadh a bhfoireann i mbaol sláinte agus sábháilteachta.
Is féidir le tomhaltóirí ábhair ina bhfuil trealamh leictreonach agus leictreach a thabhairt chuig Láithreacha Conláiste Pobail chun diúscairt a dhéanamh orthu saor in aisce. Is áiteanna iad láithreacha conláiste pobail inar féidir gach cineál ábhar in-athchúrsáilte a thabhairt agus déanann tomhaltóirí sórtáil ar na hábhair agus is údaráis áitiúla a bhíonn ina mbun.
Nuair atá tú ag ceannach earraí leictreonacha nó leictreacha nua, roghnaigh na cinn a d'fhéadfá ré fada a bhaint astu, agus a d'fhéadfá a uasghrádú sa thodhchaí, más féidir. Smaoinigh an féidir gléas atá agat a uasghrádú in áit ceann nua a fháil.
Má tá gléas briste, sula gcuireann tú de láimh é, faigh amach an féidir é a dheisiú.
I gceantair áirithe, tá tionscadail ar fáil a bhailíonn troscáin teaghlaigh agus bunghléasanna leictreacha ar nós sorn agus cuisneoirí le haghaidh teaghlach ar ioncam íseal.
In áit gléasanna beaga briste a chur sa bhruscar, cuir in Ionad Áiseanna na Cathrach iad chun is go mbeifí in ann iad a chur le dramhaíl eile le haghaidh athchúrsála. Má tá earraí móra agat le cur de láimh, téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le haghaidh sonraí breise.
Má tá fearas leictreonach nach bhfuil ag teastáil níos mó i d'áit oibre, téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le haghaidh sonraí grúpaí atá ag dáileadh ríomhairí pearsanta don rannóg neamhbhrabúsach.
Tá trádálaithe áirithe ar fáil a mbíonn spéis acu i líon mór (tonnáiste) dramhaíola leictreonaí. Má tá an cineál sin dramhaíola agat, téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le haghaidh eolas breise.
An Comhlacht Clárúcháin WEEE Náisiúnta
Bosca Poist 10262
8 Dawson Street
Website: www.weeeregister.ie
Dublin
Ireland
Láithreán Gréasáin: http://www.weeeregister.ie/
R-phost: info@weeeregister.ie
An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Ireland
Teil:+353 (0)1 888 2000
Lóghlao:1890 202021
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
R-phost: weeetaskforce@environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.