Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Bainistiú Dramhaíola agus Athchúrsáil > Seirbhísí Athchúrsála

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí Athchúrsála

Eolas

Tá sé riachtanach go mbíonn plean bainistiú dramhaíola ag gach údarás áitiúil ina leagtar síos conas a chaithfear le dramhaíl an cheantair. Cé gurb í an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil atá freagrach as athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola in Éirinn, tá an fhreagracht seo tugtha do na húdaráis áitiúla ag an Roinn. Coiméadann an Eagraíocht um Chosaint na Timpeallachta (ECT) súil ar thionscal an bhainistiú dramhaíola. Tá orthu déanamh cinnte de go gcomhlíonann na húdaráis áitiúla a ndualgais maidir le cosaint na timpeallachta. Má cheapann an ECT nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag comhlíonadh a ndualgas, iarrann siad tuairisc ón údarás áitiúil, tugann treoir agus moltaí dóibh agus tugann aon chabhair a cheapann ECT atá ag teastáil bunaithe ar an tuairisc sin. Muna nglacann an t-údarás áitiúil leis an treoir a tugadh dóibh nó muna gcuireann siad i bhfeidhm na moltaí a tugadh dóibh, is féidir leis an ECT ordú a thabhairt dóibh na dualgais mholta a chomhlíonadh, nó ag deireadh an lae, is féidir leis an ECT, iad féin, an fhadhb a réiteach agus aon chostas a bhaineann leis an réiteach sin a fháil ar ais ón údarás áitiúil.

Leag an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil síos a spriocanna, sa bhliain 1998, sa doiciméad Ag Athrú ár Nósanna. Cé nach bhfuil aon chúram áirithe ainmnithe do na húdaráis áitiúla maidir leis na seirbhísí athchúrsála gur ceart dóibh a sholáthar, glactar leis go bhfuil orthu ionaid bhailithe, láithreacha d'áiseanna pobail, seirbhísí muiríní nó bailiúchán cosáin a chur ar fáil chun go mbeidh spriocanna doiciméid na Roinne á gcomhlíonadh acu.

Ní mór do na húdaráis áitiúla tuairimí an phobail a fháil sula gcuireann siad aon chóras bainistiú dramhaíola i bhfeidhm ina gceantar féin. Faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola 1996 tá ar na húdaráis áitiúla dul i gcomhairle go foirimiúil leis an bpobal sula gcuirtear aon chóras dramhaíola i bhfeidhm. Ní mór do na hiarratais do cheadúnas bainistiú dramhaíola a bheith foilsithe agus ar fáil don phobal agus is féidir leis an bpobal, tríd an ECT, cur in aghaidh ceadú an cheadúnais.

Faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola 1996, tá ar na húdaráis áitiúla agus ar an ECT cuntas cruinn a choiméad ar réimhse leathan imeachtaí maidir le bainistiú dramhaíola de. Is féidir leis an bpobal na cuntais seo a scrúdú, soar in aisce, ag aon am.

Rialacha

Athchúrsáil Tionsclaíoch

Tháinig rialachán i bhfeidhm sa bhliain 1997 Rialachán Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú) chun feabhas a chuir ar chúrsaí dramhaíola i measc na gcomhlachtaí pacáistithe. Cuireann an rialachán iallach ar aon chomhlacht a chuireann pacáistí ar fáil do mhargadh na hÉireann agus go bhfuil níos mó ná 1milliún euro ag dul trí na leabhair acu, a gcuid pacáistí a ghlacadh ar ais nó a bheith páirteach i scéim athchúrsála pacáistí éigin atá aitheanta mar scéim athchúrsála sásúil. Bunaíodh REPAK ar bhunús deonach agus tugann ballraíocht bliana do gach comhlacht atá ag soláthar boscaí nó pacáistí i nÉirinn.

Sa bhliain 1997, freisin, tháinig an rialachán i bhfeidhm do phlaisteach feirme - Rialachán Bainistiú Dramhaíola (Plaisteach Feirme) - chun bailiúchán a dhéanamh ar phlaisteach feirme a úsáidtear i mbráillíní feirme, clúdaithe carnáin agus málaí carnáin ina mbíonn sadhlas stóráilte. Faoi an rialachán nua sin, ní mór dóibh siúd a thugann plaisteach feirme isteach sa tír nó iad siúd a dhéanann an plaisteach feirme socrú a dhéanamh chun é a bhailiú ó na feirmeoirí. Is féidir le comhlachtaí é seo a dhéanamh dóibh féin ina mbealach féin nó dul i bpáirtíocht le heagraíocht aitheanta chun an dramhaíl a bhailiú i mbealach a bhíonn sásúil do rialacha dramhaíola na tíre. Is iad Grúpa Targaithe Plaisteach Feirme na hÉireann an t-aon eagraíocht atá aitheanta faoi láthair.

Tá an Rialtas agus an AE ag féachaint ar bhealaí chun go mbeidh na rannóga eile, mar an rannóg tógála, an rannóg leictreach agus rannóg tógála na bhfeithicilí ag luí isteach le modhanna atá aontaithe eatarthu agus atá níos sásúla don timpeallacht. Tá breis eolais le fáil ón Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil.

Déan teangmháil le do údarás áitiúil má tá breis eolais ag teastáil uait maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do do chomhlacht nó má tá comhairle uait faoi bhainistiú dramhaíola.

Rataí

Chun eolas a fháil maidir le seirbhísí príobháideacha ní mór dul i dteangbháil leis an té a chuireann an tseirbhís phríobháideach ar fáil.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun eolas a fháil faoi na seirbhísí athchúrsála atá ar fáil i do cheantar dean teangbháil le do údarás áitiúil nó leis an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil.

Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le ceadúnas dramhaíola cuir glaoch ar an rannóg Seirbhísí Timpeallachta in oifigí do údarás áitiúil agus cuirfear breis eolais ar fáil duit. Beidh ort do ghearán a chuir i scríbhinn (níl foirm ar fáil dá leithéid) chuig an údarás áitiúil agus déanfaidh siadsan cinneadh ansin faoin gcéad chéim eile.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

ENFO

17 Sráid Naomh Aindriú
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 8882001
Lóghlao:1890 200 191
Facs:+353 (0)1 8883946
Láithreán Gréasáin: http://www.enfo.ie
R-phost: info@enfo.ie


An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Wexford
Loch Garman
Éire

Teil:053 916 0600
Lóghlao:1890 335 599
Facs:053 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie


Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.
  • Dramhaíl ó fhearais leictreacha agus leictreonacha
    Pléann an cháipéis seo na bealaí éagsúla inár féidir fáil réidh le dramhaíl ó fhearais leictreacha agus leictreonacha.
  • Láithreáin Dramhaíola
    Tá míniú tugtha sa cháipéis seo ar an mbealach a bhfaightear réidh le dramhaíl i láthreáin dramhaíola agus na rialacha a bhaineann le láithreáin dramhaíola in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.