Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Bainistiú Dramhaíola agus Athchúrsáil > Cáin Timpeallachta ar Mhálaí Plaisteacha

Print Page Send to a Friend

Cáin Timpeallachta ar Mhálaí Plaisteacha

Eolas

Táille a ghearrtar ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha í an Cháin Timpeallachta ar Mhálaí Plaisteacha. Gearrtar an táille ag an ionad íocaíochta i siopaí, ollmhargaí, stáisiúin seirbhíse agus gach ionad díolta eile. Ní mór don dhíoltóir an cháin iomlán a bhaint den chustaiméir mar tháille ag an ionad íocaíochta. Luaitear an táille don mhála siopadóireachta plaisteach ar gach sonrasc, admháil nó doiciméad eisithe do chustaiméirí.

Molann an Bille Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (pdf) meicníocht a d'fhéadfadh ráta na táille a mhéadú - uasmhéid 70c a bheadh ann. Tá an Bille ag dul tríd an Oireachtas faoi láthair.

Ciste na Timpeallachta

Feictear málaí plaisteacha caite mar bhruscar ar fud bailte, cósta agus tuaithe na hÉireann. Tá drochthionchar acu ar an timpeallacht, ar fhiadhúlra agus ar a ngnáthóga. Cuireadh an táille seo i bhfeidhm le daoine a spreagadh le h-úsáid a bhaint as málaí eile arís agus arís agus le dearcadh an phobail a athrú i dtaobh bruscair agus truaillithe.

Cuirtear an Cháin Timpeallachta ar Mhálaí Plaisteacha ar fad a bhailítear isteach sa Chiste Timpeallachta. Bíonn airgead ón gciste seo ar fáil le tacaíocht a chur ar fáil do scéimeanna bainistíochta bruscair, scéimeanna bruscair agus scéimeanna timpeallachta eile.

Rialacha

Ní ghearrtar táille ort as gach mála plaisteach siopadóireachta. Tá roinnt eisceachtaí ann:

Eisceachtaí ón gcáin

Málaí beaga plaisteacha ar son earraí nach bhfuil aon phacáiste orthu cheana ar nós:

  • Táirgí déiríochta
  • Torthaí, glasraí nó cnónna
  • Milseogra
  • Bia déanta roimh ré, bíodh sé té nó fuar
  • Leac oighir

ní ghearrtar aon cháin orthu.

Ní bhaineann an cháin ach an oiread le:

  • Málaí beaga plaisteacha le haghaidh feoil úr, iasc agus éineoil a choinneáil, fiú má tá pacáiste orthu
  • 'Málaí don saol' a chosnaíonn ós cionn 70c
  • Málaí a chuirtear ar fáil do phaisinéirí in aerfoirt agus i gcalafoirt agus do phaisinéirí ar bord eitleán tráchtála agus ar bord long.

Rataí

22 ceint an mála an cháin a ghearrtar.

Tá dualgas dleathúil ar mhiondíoltóirí an táille seo a ghearradh ort agus ní mór don táille a bheith le feiceáil ar an admháil a thugtar duit.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?

Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An dlí maidir le bruscar in Éirinn
    In Éirinn is é d’údarás áitiúil atá freagrach as an dlí ar thruailliú bruscair a chur i bhfeidhm. Cad is truailliú bruscair ann agus cén pionóis atá i bhfeidhm?
  • Seirbhísí Athchúrsála Baile in Éirinn
    Is éard a chiallaíonn athchúrsáil bhaile ná bailiúchán agus roinnt na dramhaíola baile. Cén áit le dramhaíl bhaile a athchúrsáil agus céard a tharlaíonn do na míreanna seo ?
  • Dramh-threalamh Leictreonach agus Leictreach a Athchúrsáil
    Ó Lúnasa 2005 beidh ar mhiondíoltóirí in Éirinn trealamh dramhaíola leictreonach agus leictreach (WEEE) a thógáil ar ais. Faigh amach faoi na rialacháin a rialaíonn an tógáil ar ais sin.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.