Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Bainistiú Dramhaíola agus Athchúrsáil > Láithreáin Dramhaíola

Print Page Send to a Friend

Láithreáin Dramhaíola

Eolas

Faoi láthair is ag láithreáin dramhaíola a chuirtear beagnach an dramhaíl ar fad in Éirinn. Ach, tá ardú mór ag teacht ar an méid dramhaíola atá ag tithe agus lucht gnó in Éirinn agus mar sin ní mór dúinn glacadh le modhanna eile lenár ndramhaíl a bhainistiú. Tá sé leagtha síos i reachtaíocht ón AE agus ó Rialtas na hÉireann gur ceart breathnú ar láithreán dramhaíola mar an rogha dheireanach le fáil réidh le dramhaíl. Ba cheart breathnú ar dtús báire ar gach rogha eile, athchúrsáil, laghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola, dramhaíl a sheachaint agus earraí a ath-úsáid.

Struchtúr atá deartha go speisialta agus tógtha isteach nó ar bharr talún ina bhfuil brúscar scartha ón timpeallacht mháguaird (screamhuisce, aer agus talamh) é láithreán dramhaíola. Níl sé i gceist go mbeadh dramhaíl dhá bhriseadh síos i láithreán dramhaíola ach díreach go mbeadh sé clúdaithe ann. Tá i bhfad níos mó cosanta ar fáil ón láithreán dramhaíola inniu don timpeallacht agus do dhaoine áitiúla ná mar a bhíodh ag láithreáin cheana. Déantar an láithreán a rith go cúramach agus laghdaítear fadhbanna a bhaineann le bolaithe, brúscar, mionainmhithe & rl mar sin. Tá na nithe seo a leanas ar fáil i mbeagnach gach láithreán dramhaíola:

  • Córas líneála ag an mbun - scaireann seo brúscar agus síothladh (leacht a bhailíonn ag bun an bhrúscair) ón screamhuisce
  • Cilliní (sean agus nua) - áit a dhéantar an brúscar a stóráil sa láithreán dramhaíola
  • Córas le huisce stoirme a thaoscadh - bailíonn seo báisteach a thiteann ar an láithreán dramhaíola
  • Córas le síothladh a bhailiú - bailíonn seo uisce a shíothlaíonn tríd an láithreán dramhaíola féin ina bhfuil substaintí truaillitheacha. Ba cheart oibriú ar an síothladh agus fáil réidh leis ar bhealach sábháilte.
  • Córas le gás a bhailiú - bailíonn píopaí an meiteán agus na gáis dé-ócsaíd carbóin agus dé-ócsaíd sulfair a chruthaítear nuair atá brúscar dhá bhriseadh síos. Baintear úsáid amanta as na gáis seo ar mhaithe le leictreachas a ghinneadh.
  • Clúdach nó caipín - cuireann seo séala ar bharr an láithreáin le sraith le gás a thaoscadh, sraith atá díonach ar mhionraí, sraith taoscaidh de .5 mhéadar ar a laghad agus ar a laghad méadar amháin de thalamh ar an mbarr.

Ní bhíonn ach píosaí beaga, ar a dtugtar cilliní, den láithreán in úsáid ag an am. Déantar an brúscar a bhrú isteach i sraith tanaí agus a chlúdach le talamh, nó le hábhar clúdaigh chuí eile, ag deireadh an lae. Cuireann seo cosc ar chuid de na fadhbanna agus na contúirtí a bhaineann le láithreáin dramhaíola, brúscar, bolaithe agus mionainmhithe mar shampla. Is féidir trealamh mór a úsáid le brúscar a fháisceadh agus mar sin a thoirt a laghdú. Nó is féidir trealamh hiodrálach a úsáid ag brú ard le cornáin ard-tiús a dhéanamh den dramhaíl. Is féidir freisin púdair a dhéanamh den dramhaíl (dramhaíl a mhionghearradh nó ruainní a dhéanamh de go mbíonn sé ina mhionghráinníní) roimh é a chur chuig an láithreán dramhaíola. Laghdaíonn na réamh-chórais seo ar fad toirt an bhrúscair sula dtéann sé chuig an láithreán agus gearrann sé siar ar na costais a bhaineann le brúscar a iompar. Tar éis na réamhoibre thuasluaite a dhéanamh ar dhramhaíl feileann sé níos fearr don láithreán dramhaíola agus laghdaíonn sé na fadhbanna a bhaineann le drochbholadh, mionainmhithe, cuileoga, ábhar a shéideann sa ghaoth chomh maith le baol tinte.

Ní mór staidéar tionchar timpeallachta a dhéanamh ar an suíomh molta sular féidir láithreán dramhaíola a thógáil le fáil amach:

  • An méid talún a bheidh ag teastáil don láithreán dramhaíola
  • Déantús na talún agus na bonncloiche
  • Gluaiseacht uisce dromchla thar an suíomh
  • An tionchar a bheidh ag an láithreán molta ar an timpeallacht agus fiabheatha áitiúil
  • Tábhacht stairiúil nó seandalaíochta an tsuímh mholta.

Cé nach minic go mbíonn mórán tacaíochta ar fáil go háitiúil do láithreáin dramhaíola molta glactar leo i gcomhthéasc timpeallachta chomh fada agus go leantar le dea-chleachtaí. Ar mhaithe leis na caighdeáin arda seo a chinntiú, teastaíonn traenáil speisialta leis na suímh a bhainistiú. Tá scéim traenála ag an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil i gcomhair le FÁS d'oibrithe ar láithreáin dramhaíola a chlúdaíonn gach gné den riarachán a bhaineann le láithreán dramhaíola.

Rialacha

Monatóireacht ar láithreáin dramhaíola

Ní mór monatóireacht a dhéanamh ar láithreáin dramhaíola go rialta le cinntiú go bhfuileadar dhá rith go héifeachtach agus go sábháilte. Tá freagracht ina thaobh seo ar an Údarás um Chosaint Timpeallachta (ÚCT) chomh maith leis na daoine féin atá ag riaradh na láithreán. Tosnaíonn an próiseás seo nuair a dhéantar iarratas ar cheadúnas dramhaíola. Ní mór do gach duine atá ag riaradh láithreán iarratas a dhéanamh chuig an ÚCT don cheadúnas seo agus ní mór dóibh critéir faoi leith a shásamh, san áireamh an monatóireacht a thabharfaidh siad faoi i dtaobh an láithreáin, roimh cinneadh a thabhairt ar cheadúnas a bhronnadh. Má sháraíonn an té atá ag riaradh an láithreáin téarmaí an cheadúnais tré teip a dhéanamh córas ceart monatóireachta a chur i bhfeidhm nó má theipeann air/uirthi sonraí monatóireachta a sheoladh chuig an ÚCT, is féidir leis an Údarás an dlí a chur air/uirthi faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola (1996).

Cé go mbíonn an tÚCT ag déanamh scrúduithe ar láithreáin dramhaíola go rialta agus ag tabhairt comhairle don bhainistíocht maidir le dea-chleachtaí ar na láithreáin, ní mór don lucht bainistíochta iad féin monatóireacht rialta a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den láithreán. Beidh monatóireacht i dtaobh ábhar truailliteach faoi leith ag teastáil ar shuímh faoi leith, ag brath ar cá bhfuil an láithreán lonnaithe agus an tionchar go bhféadfadh a bheith aige ar an timpeallacht. Cruthaítear gásanna, meiteán, dé-ócsaíd carbóin agus dé-ócsaíd sulfair mar shampla nuair atá brúscar dhá bhriseadh síos agus is féidir leo a bheith truailliteach agus boladh gránna a bheith orthu. Ní mór síothladh a scrúdú go rialta le fáil amach an bhfuil ábhar truailliteach orgánach ann - mar shampla lotnaidicídí agus tuaslagóirí clóirínithe. Ba cheart samplaí den screamhuisce a scrúdú le fáil amach an bhfuil ceimicí síothlaithe ann. Déantar monatóireacht freisin ar dheannach, truailliú torainn agus sceitheadh chuig córais séarachais.

Chomh maith leis na cleachtaí teicniúla monatóireachta seo a chur i gcrích tá sé riachtanach nach ndéantar neamhaird ar na bunriachtanais atá ag láithreán dramhaíola. Is cuid riachtanach de phlean bainistíochta an láithreáin go mbeadh an dramhaíl brúite le chéile ar an mbealach ceart, go mbeadh sé clúdaithe gach trathnóna le sraithe talún, go mbeadh smacht ar bhrúscar agus ar uisce dromchla agus néatacht ghinearálta an láithreáin. Má bhíonn droch eagar ar an láithreán dramhaíola beidh fadhbanna le bolaithe, cuileoga, mionainmhithe agus brúscar agus, dá bharr, déanfar gearáin i dtaobh an láithreáin.

Tá moltaí monatóireachta leagtha síos ag an ÚCT do láithreáin dramhaíola. Tá an Leabhrán um Mhonatóireacht Láithreáin Dramhaíola ar fáil ó Oifig Fhoilseachán an ÚCT i dTeach Naomh Máirtín, Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath 4.

Ar mhaithe leis an méid dramhaíola atá ag dul chuig na láithreáin a laghdú ní mór a bheith níos cúramaí maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an gcineál dramhaíola a thagann isteach sna láithreáin. Má tá spriocanna an Rialtais le baint amach beidh sé riachtanach an oiread ábhar gur féidir a athchúrsáil a bhaint amach as an dramhaíl agus an dramhaíl atá fágtha a laghdú ar an mbealach is éifeachtaí gur féidir. Tá sé leagtha síos i dTreoir Mholta an AE ar Láithreáin Dramhaíola go mbeadh réamhobair den chinéal seo déanta ar dramhaíl agus is féidir é a chur i gcrích má dhéantar na rudaí seo a leanas a spreagadh: múirín a dhéanamh ag baile, láithreáin a chur ar fáil don phobal le nithe a thabhairt chucu, áiseanna athchúrsála a chur ar fáil chomh maith le háiseanna le hábhair a athfháil.

Is féidir Dramhaíl ó fhearas leictreach agus leictreonach, earraí bána (e.g., innill níocháin, cuisneoirí) agus dramhaíl dainséarach (e.g., ceallairí, cógais agus sruthshoilse) a fhágáil ag na hionaid áiseanna don saoránach atá ar fáil ar fud na tíre le hathchúrsáil a dhéanamh orthu nó fáil réidh leo ar an mbealach cuí. Tá ionaid ar fáil i ngach ceantar le gloine, cannaí agus plaistigh faoi leith a thabhairt iontu don athchúrsáil. Is féidir tuilleadh eolais maidir le háiseanna athchúrsála i do cheantar a fháil ón údarás áitiúil.

Tá sé de chead ag gach láithreán dramhaíola diúltú glacadh le haon chineál dramhaíola mar a cheapann sé féin a bheith cuí. Tá go leor láithreán feiliúnach le cineálacha faoi leith dramhaíola amháin agus tá cuid acu nach nglacann ach le dramhaíl tráchtála. Ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar athchúrsáil agus ath-úsáid earraí tá ionaid áiseanna don saoránach anois ag go leor láithreán ar mhaithe le dramhaíl tí amháin. Má tá rud faoi leith agat, leaba nó inneall níocháin mar shampla, gur mian leat a chur chuig an láithreán ba cheart duit dul i dteagmháil leis an láithreán áitiúil le fáil amach an mbeidh sé inglactha. Nó, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil le tuilleadh eolais a fháil.

Lucht Riaracháin na Láithreáin Dramhaíola

Don chuid is mó is iad na húdaráis áitiúla a ritheann na láithreáin dramhaíola sa tír seo. Ach, tá roinnt láithreán príobháideach ann agus tá méadú ag teacht ar líon na láithreán príobháideach i gconaí agus go leor comhlachtaí ag tosú ag plé le bainistiú dramhaíola. Ní mór do gach láithreán dramhaíola ceadúnas a fháil ón ÚCT agus tá foirm iarratais sonraithe nach mór a chomhlánú, ar a bhfuil sonraí den chineál dramhaíola a bheidh an láithreán ag glacadh leis agus an cineál monatóireachta a bheidh dhá dhéanamh. Breathnóidh an tÚCT ar an bhfoirm iarratais agus is féidir leis cosc a chur ar láithreán dramhaíola glacadh le cinéalacha faoi leith dramhaíola má cheapann sé nach bhfuil soláthar cuí leagtha síos leis an timpeallacht a chosaint ó thruailliú. Tá foirmeacha iarratais ar cheadúnas dramhaíola ar fáil ó aon cheann de na hoifigí réigiúnda den ÚCT.

Ní mór do gach láithreán dramhaíola nua iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ón mBord Pleanála agus teastaíonn mar chuid den phróiseás pleanála staidéar tionchar timpeallachta a chur ar fáil. Cuirfear an staidéar seo ar aghaidh freisin chuig an ÚCT nuair atá téarmaí an cheadúnais dhá phlé. Ní mór do gach láithreán dramhaíola molta a bhfuil sé i gceist aige breis agus 25,000 tonna dramhaíola a thógáil isteach gach bliain staidéar tionchar timpeallachta a chur isteach leis an iarratas chuig an ÚCT ar cheadúnas dramhaíola. Ní gá do láithreáin a bheidh ag plé le níos lú dramhaíola ná sin sa bhliain staidéar a chur ar fáil don ÚCT ach beidh an staidéar ag teastáil le cur ós comhair an údaráis phleanála.

Tá lucht riaracháin na láithreán freagrach astu go dtí go ndéanann an tÚCT cinneadh nach bhfuil aon chothabháil bhreise ag teastáil uathu. Go dtí go dtarlaíonn seo ní mór don té atá dhá riaradh coinneáil air/uirthi ag déanamh monatóireachta ar an láithreán, fiú muna bhfuil sé in úsáid a thuilleadh. Ní mór dó/dí a chinntiú nach bhfuil drochthionchar ag an dramhaíl ar an screamhuisce, ar an talamh agus ar an timpeallacht mháguaird. Tá sé/sí freagrach freisin as cothabháil an láithreáin, mar shampla na córais bhailiúcháin don ghás agus síothladh a chothabháil.

An tÚdarás um Chosaint Timpeallachta

Teastaíonn ceadúnas ón ÚCT ó gach láithreán dramhaíola. Ceadúnas amháin comhtháite é an ceadúnas dramhaíola a chlúdaíonn sceitheadh chuig gach meán timpeallachta (mar shampla, aer, uisce agus talamh). Clúdaíonn an ceadúnas freisin bainistiú timpeallachta an láithreáin. Ní bhronnfaidh an tÚCT ceadúnas dramhaíola muna mbíonn sé sásta:

  • Go mbeidh sceitheadh ón láithreán dramhaíola ag cloí le aon chaighdeán cuí nó teorainn sceite
  • Nach mbeidh an obair i gceist ag truailliú na timpeallachta
  • Go mbainfear usáid as an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil (gan costas thar meán a bheith i gceist) le sceitheadh a laghdú
  • Más duine "ceart agus cóir" é/í an t-iarrthóir (sa chás nach údarás áitiúil atá i gceist) le ceadúnas dramhaíola a bheith ina s(h)eilb (i.e., duine atá cáilithe go teicniúil agus stair sásúil dlíthiúil aige/aici)
  • Go mbeidh an t-iarrthóir in ann gach riachtanas airgeadais agus dliteanais go bhféadfadh a theacht aníos maidir leis an ngníomhaíocht cheadúnaithe a chur i gcrích (iarchúram an láithreáin san áireamh).

Tá an t-eolas a chuirtear ar fáil in aon cheadúnas dramhaíola atá eisithe ag an ÚCT ar fáil don phobal. San áireamh anseo tá na cáipéisí iarratais. Is féidir le duine ar bith cur in aghaidh iarratais ar cheadúnas nó cur in aghaidh cinnithe a rinne an tÚCT ceadúnas a eisiúint. Nuair atá an t-iarratas ar cheadúnas curtha ar fáil ag an ÚCT ní mór cuir ina aghaidh taobh istigh de 28 lá. Tá an teorann ama chéanna i bhfeidhm maidir le cur in aghaidh cinnithe den ÚCT faoi cheadúnais dramhaíola.

Faoin Acht um Údarás Cosanta Timpeallachta (1992) ní mór don ÚCT treoirlínte a ullmhú ar roghnú, bainistiú, riarachán agus dúnadh na láithreáin dramhaíola. Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte seo na cleachtaí i láithreáin dramhaíola a fheabhsú agus caighdeáin a leagan síos agus iad a chur in oiriúint le rialacháin Eorpacha a shásamh. Tá na foilseacháin seo a leanas ar fáil ó Oifig Fhoilseachán an ÚCT i dTeach Naomh Máirtín, Bóthar Waterloo, Baile Átha Cliath 4 - Lamhleabhar Deartha don Láithreán Dramhaíola, Scrúduithe do Láithreáin Dramhaíola, Lámhleabhar Monatóireachta don Láithreán Dramhaíola agus Modh Oibre don Láithreán Dramhaíola.

An tAcht um Bhainistiú Dramhaíola 1996

Leag an tAcht um Bhainistiú Dramhaíola (1996) spriocanna móra síos leis an méid dramhaíola a chuirtear chuig na láithreáin a laghdú. Bhí iachall ar gach údarás áitiúil Plean Bainistiú Dramhaíola a chur le chéile, ag cur síos ar an mbealach ina mbeadh siad ag baint amach na spriocanna atá leagtha síos san Acht. I measc na spriocanna seo tá:

  • 50% den dramhaíl tí a chur i dtreonna eile seachas chuig an láithreán dramhaíola
  • Laghdú, de 65% ar a laghad, a dhéanamh ar an dramhaíl in-bhithmhillte a chuirtear chuig an láithreán
  • Athchúrsáil a dhéanamh ar 35% de dhramhaíl tirim na gcathracha
  • Áiseanna le múirín a dhéanamh a fhorbairt chomh maith le háiseanna cúram bitheolaíochta eile a mbeadh sé de chumas acu suas le 300,000 tonna de dhramhaíl in-bhithmhillte a thógáil sa bhliain
  • Laghdú de 80% i sceitheadh meatáin ó láithreáin dramhaíola
  • Ar a laghad 85% den dramhaíl ó thionscal na tógála agus an charta a athchúrsáil.

Faoin mbliain 2013, tá sé mar aidhm ag an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil laghdú a dhéanamh ar líon na láithreáin dramhaíola sa tír. Ina n-áit tá sé i gceist líonra de suas le scór láithreán dramhaíola den ard-chaighdeán a bheith ann a mbeidh sé de chumas acu fuinneamh a athshaothrú agus a mbeadh na caighdeáin is airde cosanta timpeallachta acu. Déanfar é seo a bhaint amach tríd an rannóg phríobháideach a spreagadh le páirt níos gníomhaí a ghlacadh i seirbhísí bainistiú dramhaíola a chur ar fáil agus tré athchúrsáil, laghdú agus cosc dramhaíola a spreagadh. Is cuid lárnach den phlean é soláthar áiseanna ar nós ionaid áiseanna don saoránach, ionaid athchúrsála agus líon na n-ábhar san earnáil tógála agus charta gur féidir a athchúrsáil a ardú leis an líon dramhaíola a théann chuig an láithreán dramhaíola a laghdú. Tá lucht tionscail agus talmhaíochta i bhfad níos mó ar an airdeall agus níos freagraí maidir le laghdú dramhaíola ó tháinig an coincheap i bhfeidhm go n-íocann an truaillitheoir faoi reachtaíocht dramhaíola an AE. Spreagfar daoine le smaoineamh go cúramach faoi na rudaí a chaitheann siad uathu amach anseo nuair atá córas éifeachtach i bhfeidhm le táille a ghearradh ar fáil réidh le dramhaíl.

Pionóis faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola 1996

Tá pionóis mhóra leagtha síos san Acht um Bhainistiú Dramhaíola (1996) as coireanna timpeallachta. Tá freagracht ar an ÚCT i dtaobh aon sárú ar an Acht seo a dhéanann daoine atá i bhfeighil na láithreán le ceadúnas ón ÚCT. Nuair a thagann an tÚCT ar an eolas maidir le sárú den chineál seo scríofaidh sé ar dtús chuig an té atá i gceannas an láithreáin ag míniú céard atá le déanamh le téarmaí an cheadúnais a chomhlíonadh. Ní mór na moltaí sin ar fad a chur i bhfeidhm ar an láithreán chomh luath agus is féidir. Má cheapann an tÚCT go bhfuil teipthe ar an gcóras seo is féidir leis cás a thabhairt i gcoinne na ndaoine atá i gceist ós comhair na Cúirte Dúiche maidir le coireanna faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola.

Má theipeann ar dhuine déanamh de réir orduithe a thugann an tÚCT dó/di nó má theipeann air/uirthi gach cúnamh a chur ar fáil do chigirí, mar shampla diúltú taifid agus áitribh a chur ar fáil dóibh, tá an duine sin ciontach as coireanna faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola. Má bhíonn an duine ciontaithe go hachomaire is féidir fíneáil nach mó ná €1,905 nó téarma príosúnachta a ghearradh air/uirthi. Má chineann an chúirt is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh ar dhuine. Ar chiontú nó cúisiú as na coireanna seo is féidir fíneáil nach mó ná €12,700 nó téarma príosúnachta nach mó ná 10 mbliana a ghearradh ar an duine. Arís, má chineann an chúirt is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh ar dhuine. Má leantar leis an gcoir tar éis an duine a bheith ciontaithe tá an duine ciontach as coir gach lá a leanann an sárú. Ar chiontú nó cúisiú as an gcoir seo is féidir fíneáil suas le €127,000 a ghearradh ar an duine.

Is coir í freisin faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola láithreán dramhaíola a rith ar bhealach a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh don timpeallacht agus teip a dhéanamh scéal a chur chuig an údarás áitiúil agus chuig an ÚCT i gcás doirte nó timpiste a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh don timpeallacht. Má bhíonn an duine ciontaithe go hachomaire as na coireanna seo is féidir fíneáil nach mó ná €1,905 nó téarma príosúnachta nach mó ná 12 mí a ghearradh air/uirthi. Má chineann an chúirt is féidir léi fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh. Má leantar leis an gcoir tar éis an duine a bheith ciontaithe tá an duine ciontach as coir gach lá a leanann an sárú. Ar chiontú achomaire as an gcoir seo is féidir fíneáil de €254 a ghearradh as gach lá a leanann an sárú.

Má chiontaítear duine as coir faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola is féidir leis an gCúirt ordú a thabhairt don té atá ciontach íoc as an gcostas a bhain le fiosrú, brath agus cúisiú na coire, costais agus táillí a bhain le samplaí a thógáil, scrúduithe agus anailís a dhéanamh san áireamh.

Má tá imní mhór ann go b'fhéadfadh láithreán dramhaíola a bheith freagrach as truailliú timpeallachta, is féidir iarratas urghaire a chur ós comhair na Cúirte Uachtaraí. Is féidir leis an gCúirt Uachtarach ordú a thabhairt go mbeadh aon chéimeanna atá cuí tógtha le truailliú a sheachaint nó teorainn a chur leis. Is féidir léi freisin iachall a chur ar riarthóir an láithreáin stop a chur le haon ghníomh a cheaptar a bheith baolach don timpeallacht. Ar deireadh, is féidir leis an gCúirt Uachtarach ordú a thabhairt go ndéanfadh riarthóir an láithreáin athruithe nó feabhsúcháin eile, má cheapann an Chúirt iad a bheith riachtanach. Tá na pionóis agus na fíneálacha gur féidir leis an gCúirt Uachtarach a ghearradh i bhfad níos troime ná iad siúd a ghearann an Chúirt Dúiche agus is féidir díspeagadh cúirte a chur i leith duine nach gcomhlíonann cinneadh na Cúirte Uachtaraí. Is annamh go dtéann an tÚCT ós comhair na Cúirte Uachtaraí nuair atá sárú ceadúnais dramhaíola i gceist ós rud é gur féidir deileáil leis na cásanna seo i bhfad níos tapúla agus níos éifeachtaí sa Chúirt Dúiche.

Faoi théarmaí an Acht um Bhainistiú Dramhaíola, is féidir le duine ar bith cás cúirte a thógáil i gcoinne riarthóir láithreáin dramhaíola. Ach tá costas mór agus am ag baint leis seo. Breathnaíonn an tÚCT i ndiaidh gearán ón bpobal maidir le láithreáin dramhaíola agus tógann sé pé céimeanna a cheapann sé a bheith cuí leis an gcás a fhiosrú agus a leigheas.

Rataí

Faoi na Rialacháin (2002) um Bhainistiú Dramhaíola (Táille Láithreáin Dramhaíola) tá táille nua i bhfeidhm do láithreáin dramhaíola. Tá táille Rialtais de €20 gearrta ar gach tonna dramhaíola tráchtála a chuirtear chuig an láithreán dramhaíola. Ní mór an táille seo a íoc sa bhreis ar pé táille atá an t-údarás áitiúil nó an t-úinéir príobháideach ag gearradh as a láithreán a úsáid. Íocfar an t-airgead ón táille seo isteach i gCiste Timpeallachta a bhunaigh an Rialtas le ciste a sholáthar do thograí timpeallachta.

Cé gur táille chaighdeánach atá inti do gach láithreán dramhaíola, beidh táillí éagsúla dhá ghearradh ag láithreáin éagsúla ag brath ar an gceantar agus d'fhéadfadh táille iontrála a bheith le n-íoc le dul isteach i gcuid acu. Gearrtar táille ar ghnáth-dramhaíl tráchtála ar an meachán (tonna) agus is iondúil gur táille de €110 an tonna a bheadh i gceist. Gearrtar táille níos airde ar dramhaíl ospidéil agus sludach nach mór a chur síos go domhain sa talamh ar mhaithe le sábháilteacht timpeallachta, go hiondúil is €140 an tonna an táille a ghearrtar. Sa bhreis ar an táille seo ní mór duit ceadúnas a cheannach ón údarás áitiúil le hábhar a chur síos go domhain sula mbeidh aon láithreán dramhaíola in ann dramhaíl den chineál sin a ghlacadh uait. Glacann an chuid is mó láithreán le dramhaíl tí agus gearrfar táille ar lán an chairr nó lán an leantóra. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na praghasanna ón údarás áitiúil nó ón láithreán dramhaíola príobháideach.

Conas Iarratas a dhéanamh

Ba cheart labhairt leis an údarás áitiúil le heolas a fháil faoi láithreáin dramhaíola i do cheantar. Beidh sonraí ar fáil ann maidir le láithreáin an údaráis áitiúil agus aon láithreáin phríobháideacha atá sa cheantar. Tá gach eolas maidir le ceadúnais agus monatóireacht ar láithreáin dramhaíola ar fáil ón ÚCT. Má tá gearáin le déanamh agat maidir le láithreáin dramhaíola i do cheantar, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an ÚCT.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 October 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.
  • Dramhaíl tí a dhó
    Tá sé neamhdhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín féin. Má chiontaítear tú as dramhaíl a dhó go neamhdhleathach, féadfar fíneáil nó téarma príosúnachta a ghearradh ort.
  • Truailliú aeir
    Truailliú aeir

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.