Faoin Acht um Bhainistiú Dramhaíola, (1996), tá dualgas ar gach údarás áitiúil dramhaíl tí ina gceantar a bhailiú nó socrú a dhéanamh le go mbaileofar í. Ní mór dóibh soláthar a dhéanamh nó socrú a dhéanamh do sholáthar áiseanna le fáil réidh le dramhaíl tí agus len í a bhailiú. Go hiondúil bailítear dramhaíl tí go seachtainiúil, bíodh sé ina oibreoir príobháideach nó an t-údarás áitiúil féin a dhéanann é sin. Beidh bealach faoi leith leagtha síos acu le leanúint agus cuirfear seirbhís ar fáil i gceantair éagsúla ar laethanta éagsúla.
Faoi théarmaí an Achta um Bhainistiú Dramhaíola (1996) agus Rialacháin um Bhainistiú Dramhaíola (Pleanáil) (1997), ní mór do gach údarás áitiúil plean bainistithe dramhaíola a chur le chéile a thugann sonraí ar an mbealach ina bhfuil sé i gceist acu deileáil le dramhaíl ina gceantar. Is féidir fáil réidh le dramhaíl tí ar bhealaí éagsúla. Cuireann an chuid is mó údarás áitiúil seirbhísí bailiúcháin dramhaíola ar fáil. Ach, tá bailitheoirí príobháideacha dramhaíola ag feidhmiú níos mó agus níos mó anois. Má dhéanann tú cinneadh gan úsáid a bhaint as na seirbhísí bailiúcháin atá eagraithe is féidir leat féin fáil réidh le cuid mhaith den dramhaíl tí tríd athchúrsáil a dhéanamh, múirín a dhéanamh sa bhaile agus úsáid a bhaint as na láithreacha conláiste pobail.
Baineann go leor údarás agus bailitheoirí príobháideacha brúscair úsáid as araidí rothaí le dramhaíl tí a bhailiú. Is bealach fíor éifeachtach é seo le dramhaíl a bhailiú. Ní theastaíonn uaidh trucail brúite ag bailiú dramhaíola in araidí rothaí ach tiománaí agus beirt eile oibrithe in áit ceathrar a bhíonn ag teastáil de ghnáth. Bíonn foireann an údaráis áitiúil saor ansin le dualgais eile a chomhlíonadh agus is bealach luachmhar é seo le hairgead a shábháil do na hoibreoirí príobháideacha. Tá an araid rothaí níos sábháilte don úinéir tí agus do na hoibrithe dramhaíola mar gheall go bhfuil na haraidí níos éasca le bogadh agus ní tharlaíonn gortú droma chomh minic agus gortú de bharr gloine brise nó ábhar eile géar a bheith ag giobadh amach as málaí plaisteacha dramhaíola. Tá seans níos lú ann freisin go mbeidh araidí rothaí ina gcúis bhrúscair seachas málaí plaisteacha dramhaíola mar gheall nach féidir le ainmhithe ná sladaithe ná gaotha arda iad a scrios.
Tá an córas seo i bhfeidhm i gcuid den tír. Íocann tú as an dramhaíl a chuireann tú chuig an láthair dramhaíola agus ní ghearrtar aon táille ort as an dramhaíl a dhéanann tú athchúrsáil air. Is féidir lipéid a cheannach ó shiopaí áitiúla, garáistí & rl. (tá liosta iomlán na miondíoltóirí atá rannpháirteach sa scéim ar fáil ón té atá i mbun an bhailiúcháin dramhaíola i do cheantar). Nuair a fhágann tú an araid amach le bailiú ní mór duit a bheith cinnte go bhfuil an lipéad réamhíoctha cuí greamaithe uirthi, le d'ainm agus do sheoladh scríofa air. Bainfidh na bailitheoirí brúscair an lipéad agus déanfar an araid a fholamhú. Ní bhaileofar aon bhrúscar muna bhfuil lipéad greamaithe don araid. Gearrtar táillí níos lú ar araidí níos lú agus i gceantair nach bhfuil bailiúcháin ar thaobh na sráide don ábhar gur féidir a athchúrsáil.
Má tá go leor dramhaíola le fáil réidh léi agat is féidir leat scipe brúscair a fháil ar chíos ó chomhlacht príobháideach bailiúcháin dramhaíola. Braitheann an costas ar an gcomhlacht atá i gceist. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí bailiúcháin dramhaíola i do cheantar. Is féidir fáil réidh le dramhaíl mhór a bhaineann le hobair déan féin é (DFÉ) ag na láithreacha conláiste pobail nó ag na láithreacha dramhaíola ar fud na tíre. Bíonn bailiúchán ó am go chéile ag cuid de na húdaráis áitiúla don dramhaíl mhór, cuirfear fógra amach maidir leis an tseirbhís seo má tá sé i gceist í a chur ar fáil. Ní ceart earraí móra, mar shampla cairpéid, troscán ná cuisneoirí a fhágáil amach ag am ar bith don ghnáth bhailitheoir dramhaíola i do cheantar.
Is féidir céatadán ard den dramhaíl tí a athchúrsáil agus ní mór do gach údarás áitiúil déanamh cinnte go bhfuil dóthain áiseanna ar fáil don phobal le dramhaíl a athchúrsáil. Cé go mbíonn ábhar gur féidir a athchúrsáil bailithe ar thaobh na sráide i roinnt áiteanna, braitheann go leor áiteanna eile ar dhaoine iad féin a gcuid brúscar inathchúrsáilte a thabhairt chuig ionaid athchúrsála agus láithreacha conláiste pobail. Cabhraíonn sé na táillí atá le n-íoc ag an údarás áitiúil agus ag oibreoirí príobháideacha ag láithreacha dramhaíola a choinneáil íseal má dhéantar dramhaíl a athchúrsáil agus a mhúiríniú agus é a scaradh ón dramhaíl ghinearálta. Tá láithreacha conláiste pobail agus ionaid bhailiúcháin ar fáil sa chuid is mó áiteanna, atá dhá rith ag na húdaráis áitiúla nó ag comhlachtaí príobháideacha. Is féidir gnáthearraí tí, mar shampla gloine, cannaí alúmanaim, plaisteach agus nuachtáin, a athchúrsáil ag na hionaid seo. Cuireann na láithreacha conláiste pobail seirbhísí athchúrsála ar fáil do réimse níos leithne earraí, mar shampla, dramhaíl leictreach agus earraí leictreonacha (ríomhairí, teilifíseáin, fístaifeadáin, & rl), earraí bána (innill níocháin, cuisneoirí, tóstaeir & rl) agus earraí contúirteacha (batairí, tiúbáin soilse fluaraiseacha, & rl).
Bealach éifeachtach eile le gearradh siar ar an dramhaíl tí múirín a dhéanamh agus is féidir aonaid mhúirínithe a cheannach ón údarás áitiúil ag ráta laghdaithe. Ní mar a chéile a bheidh an ráta seo i ngach ceantar, ba cheart an scéal a fhiosrú le d'údarás áitiúil féin le tuilleadh eolais a fháil. Bíonn áiseanna múirínithe ag an gcuid is mó láithreacha conláiste pobail freisin d'ábhar gáirdín (féar gearrtha, scotháin sceacha, duilleoga). Bíonn an múirín ó na láithreacha seo ar fáil saor in aisce don phobal.
Is féidir le hoibreoirí bailiúcháin bhrúscair go leor airgid a shábháil ar tháillí láithreacha dramhaíola má bhíonn dramhaíl gur féidir a athchúrsáil agus a mhúiríniú scartha ón ngnáthbhrúscar. Mar sin, ceaptar gur fiú dóibh bailiúcháin ar thaobh na sráide a eagrú, chomh maith le hionaid bhailiúcháin agus láithreacha conláiste pobail. Go dtí seo níor gearradh aon táille ar an úinéir tí as na seirbhísí seo. Go hiondúil is sna ceantair chathracha a bhíonn na bailiúcháin ar thaobh na sráide ach d'fhéadfadh sé go bhfuil cónaí ort i gceantar cathrach agus nach bhfuil fáil agat ar a leithéid de scéim. Tá sé i gceist ag an gcuid is mó údarás áitiúil agus bailitheoirí príobháideacha dramhaíola na scéimeanna seo a thabhairt isteach nó a leathnú amach chomh luath agus is féidir. Ach, tá go leor rudaí nach mór a chur san áireamh, an costas mar shampla. Sna háiteanna ina bhfuil na scéimeanna seo ag feidhmiú ní gá i gcónaí go bhfuil iachall ar dhaoine a bheith páirteach iontu. Ach, iarrtar ort comhoibriú ar mhaithe leis an timpeallacht a choinneáil glan. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le bailiúchán dramhaíola agus scéimeanna athchúrsála i do cheantar ón údarás áitiúil nó ó bhailitheoir príobháideach dramhaíola.
Cuirtear formhór na dramhaíola sa tír seo chuig na láithreacha dramhaíola. Muna ndéanann tusa nó an bailitheoir dramhaíola an dramhaíl a scaradh agus na hearraí gur féidir a athchúrsáil a bhaint amach, cuirfear gach rud a chaitheann tú san araid chuig láthair dramhaíola. Tá sé ag fáil níos deacra i gcónaí agus míchuibhiúil láithreacha feiliúnacha a aimsiú don dramhaíl agus tá sé leagtha síos i dtreoracha an AE agus an Rialtais nach mór dúinn gearradh siar ar a bheith ag brath ar an mbealach seo le fáil réidh le dramhaíl. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas líon na láithreacha dramhaíola a laghdú sa tír agus tuairim agus 20 áiseanna den chaighdeán is airde a bheith ar fáil le freastal ar an daonra ar fad. Iarradh ar údaráis áitiúla pleananna dramhaíola a chur le chéile agus bealaí leis an méid dramhaíola atá dhá tháirgeadh a laghdú a bheith mar chuid den phlean chomh maith le leibhéil athchúrsála ina gceantair a ardú. Ós rud é go bhfuil costais na láithreacha dramhaíola ag ardú agus go bhfuil táille de €20 dhá ghearradh ag an Rialtas ar gach tonna dramhaíola a chuirtear chuig na láithreacha dramhaíola, tá go leor bailitheoirí dramhaíola ag scaradh an ábhair gur féidir a athchúrsáil, cairtchlár, páipéar, gloine agus cannaí mar shampla ar mhaithe leis na costais atá orthu a laghdú.
Ní mór go mbeadh ceadúnas ag gach bailitheoir dramhaíola le dramhaíl a bhailiú, a iompar agus a bhainistiú. Tá baint ag an údarás áitiúil agus ag an Údarás Cosanta Timpeallachta (ÚCT) leis na ceadúnais seo. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as ceadúnais le dramhaíl a bhailiú a eisiúint do gach bailitheoir dramhaíola ina gceantair. Tá na téarmaí inár féidir le oibreoirí príobháideacha dramhaíl a bhailiú agus a iompar leagtha síos sna ceadúnais seo. Ní gá do na húdaráis áitiúla iad féin ceadúnais a bheith acu le dramhaíl a bhailiú má bhíonn siad i mbun seirbhíse dramhaíola, tharla gur féidir leo iad féin a rialú don obair seo. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as na nithe seo a leanas a rialú:
Is féidir leis an bpobal teacht ar eolas maidir le gach ceadúnas dramhaíola a eisíonn an t-údarás áitiúil. Má bhíonn gearáin agat maidir leis an tseirbhís bhailiúcháin dramhaíola atá dhá sholáthar duit, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil, bíonn córas i bhfeidhm acu le deileáil le gearáin.
Tá baint freisin ag an Údarás Cosanta Timpeallachta le ceadúnais a chur ar fáil do thionscal na dramhaíola. Tá bailiúcháin dramhaíola na n-údarás áitiúil ceadúnaithe ag an ÚCT agus déanann sé monatóireacht ghéar ar na himeachtaí ar fad. Cuireann an ÚCT ceadúnais ar fáil freisin do na mórbhailitheoirí dramhaíola príobháideacha agus déanann sé monatóireacht orthu mar gheall ar na féidreachtaí móra truallaithe a bhaineann lena ngnó. Clúdaíonn an ceadúnas an dramhaíl a stóráil ag stáisiúin aistrithe, stáisiúin chorntha, áiseanna múirínithe nó aon áiseanna sórtála ina bhfuil dramhaíl dhá stóráil roimh athchúrsáil a dhéanamh uirthi nó í a thabhairt chuig láthair dramhaíola. Ní mór do gach oibreoir dramhaíola agus iad siúd a bhíonn ag plé le dramhaíl chontúirteach ceadúnas dramhaíola ón ÚCT a bheith aige. Má bhíonn aon ghearán agat maidir le aon cheann de na háiseanna seo nó maidir le caighdeáin an bhailiúcháin dramhaíola i do cheantar is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an ÚCT a dhéanfaidh an cheist a fhiosrú agus a thógfaidh aon chéimeanna a cheapann sé a bheith cuí sa chás. Is féidir fíneálacha troma agus tréimhsí príosúnachta a ghearradh ar oibreoirí a bhriseann na téarmaí atá leagtha síos ina gceadúnais dramhaíola.
Tá táillí dramhaíola tí gearrtha ar bheagnach gach líon tí a bhaineann úsáid as seirbhís eagraithe bailiúcháin dramhaíola. Tháinig na táillí seo i bhfeidhm ag amanna éagsúla ag na húdaráis áitiúla éagsúla agus mar sin d’fhéadfadh sé go raibh daoine ag íoc táillí dramhaíola nuair nach raibh daoine dhá n-íoc sa cheantar údaráis áitiúil lena dtaobh ar son seirbhíse dramhaíola. Ach, tá sé riachtanach go mbeadh daoine ag íoc as fáil réidh lena gcuid brúscair ar mhaithe len iad a spreagadh le níos lú dramhaíola a tháirgeadh agus níos mó a athchúrscáil agus freisin le n-íoc as an dramhaíl atá ann a bhainistiú.
Is féidir leis an údarás áitiúil féin seirbhís bhailiúcháin dramhaíola a chur i gcrích nó is féidir leis comhlacht príobháideach a mholadh le dramhaíl a bhailiú ina cheantar. Ba cheart an scéal a fhiosrú le d'údarás áitiúil nó leis an oibreoir príobháideach le tuilleadh eolais a fháil. Má íocann tú táillí dramhaíola an údaráis áitiúil bainfear úsáid as an airgead sin leis an tseirbhís bhailiúcháin a mhaoiniú, áiseanna dramhaíola a rith mar shampla láithreacha dramhaíola agus soláthar áiseanna athchúrsála i do cheantar. Má bhailíonn comhlacht príobháideach dramhaíola do chuid dramhaíola, íocfaidh tú táille go díreach leis an gcomhlacht sin. Ní mar a chéile a bhíonn na táillí agus ba cheart teagmháil a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht le tuilleadh eolais a fháil ar phraghsanna. Ní dhéanann na húdaráis áitiúla na praghasanna a ghearrann na bailitheoirí príobháideacha dramhaíola a rialú.
Is féidir táillí dramhaíola a íoc leis an mbailitheoir dramhaíola ar na gnáthbhealaí (le seic, dochar díreach, dréacht bainc, ordú airgid & rl). Tá córas íocaíochta ar an idirlíon ag cuid de na húdaráis áitiúla. Is iondúil go ngearrtar na táillí go bliantúil ach baineann cuid de na hoibreoirí úsáid as an gcóras lipéad. Ceannaítear lipéid in ionaid mhiondíola, siopaí agus garáistí mar shampla agus greamaítear ar na málaí brúscair iad le bailiú. Braitheann praghas na lipéad ar an méid dramhaíola a chuireann duine amach le bailiú. Is féidir faoiseamh cánach a fháil ar na táillí dramhaíola a íocann tú. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá córas ag cuid de na húdaráis áitiúla inár féidir le líon tí a bhfuil ioncam íseal acu a bheith saor ó tháillí a íoc ar an dramhaíl a bhailíonn oibreoirí príobháideacha agus na húdaráis áitiúla. Tá difríochtaí móra i gceist ó cheantar go ceantar agus níl an socrú seo i bhfeidhm i roinnt áiteanna. Le fáil amach an féidir táillí a mhaitheamh i do cheantar féin ba cheart duit teagmháil a dhéanamh go díreach leis an údarás áitiúil. Tá foirmeacha le táillí dramhaíola tí ar fáil le híoschóipeáil ag reachservices.ie.
Má dhéanann tú cinneadh fáil réidh le do dhramhaíl féin, is féidir leat é sin a dhéanamh. Ach, ní mór duit é sin a dhéanamh ar bhealach ceart. Is féidir cuid mhaith den dramhaíol tí a athchúrsáil thú féin ag ionaid bhailithe agus láithreacha conláiste pobail. Is féidir ansin an chuid eile a thabhairt díreach chuig an láthair dramhaíola. Tá táillí iontrála le n-íoc chuig na láithreacha dramhaíola do charranna agus leantóirí. Beidh táille do dhramhaíl trachtála le n-íoc ag veain a théann chuig an láthair dramhaíola. Tá tuilleadh eolais maidir leis na táillí seo ar fáil ón údarás áitiúil agus ón láthair áitiúil dramhaíola.
Má tá tú tar éis teacht isteach i gceantar beidh ort socruithe a dhéanamh le fáil réidh le do dhramhaíl tí. Is féidir leis an údarás áitiúil comhairle a chur ort maidir le fáil réidh le dramhaíl agus áiseanna athchúrsála i do cheantar. Má tá seirbhís bhailiúcháin dramhaíola ar fáil gur mhaith leat a úsáid ní mór iarratas a dhéanamh go díreach chuig an tseirbhís. Tá foirmeacha iarratais ar bhailiúcháin dramhaíola tí ar fáil ar an gcuid is mó de na suímh idirlín atá ag na húdaráis áitiúla. Beidh ort iarratas a dhéanamh chuig oibreoirí príobháideacha bailiúcháin dramhaíola iad féin más mian leat úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí. Má roghnaíonn tú fáil réidh le do dhramhaíl féin ní mór duit é a dhéanamh tríd athchúrsáil agus i láithreacha dramhaíola.
Tá sé de cheart ag údaráis áitiúla fo-dhlíthe a dhéanamh maidir leis an mbealach inár ceart brúscar a chur ar fáil le bailiú, i.e., má tá córas araidí rothaí i bhfeidhm i do cheantar, ní mór duit an dramhaíl a chur in araid rothaí nó ní bhaileofar í. Bíonn córas scartha dramhaíola i bhfeidhm ag cuid de na húdaráis áitiúla agus oibreoirí príobháideacha do na húinéirí tí. Ní mór cineálacha éagsúla brúscair a chur in araidí rothaí de dhathanna éagsúla, mar shampla múirín in araid donn, ábhar athchúrsála in araid uaithne agus araid dubh nó liath le dramhaíl don láthair dramhaíola. Tá sé tábhachtach na treoracha a leanúint maidir leis na haraidí seo a úsáid. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil nó leis an mbailitheoir brúscair má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an mbealach ina bhfuil an dramhaíl le cur ar fáil agat.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.