Is féidir go leor de na rudaí a úsáideann tú i do bhaile ar bhonn laethúil agus a chaitheann tú isteach sa mbosca bruscar gach seachtain, a athchúrsáil. I measc na dtairbhí a bhaineann le hathchúrsáil tá; timpeallacht níos glaine, diúscairt shábháilte d’ábhar guaiseach, eolas níos fearr ar phacáistiú iomarcach agus cur chuige níos cúraimí sa chaoi a úsáideann tú agus a athúsáideann tú ábhair.
Diúscraíonn údaráis áitiúla agus conraitheoirí príobháideacha in Éirinn níos mó ná 5 milliún tonna de dhramhaíl bhaile agus ghnó gach bliain. Ceann de na costais a bhaineann le diúscairt dhramhaíola is ea cruthú láithreáin líonta talún áit atá dramhaíl bhaile agus ghnó curtha agus d’fhéadfadh sé roinnt mhaith blianta a thógáil chun é a dhíghrádú.
Laghdaíonn athchúrsáil do dhramhaíola baile méid na dramhaíola a théann go dtí na láithreáin líonta talún. Mar bharr air sin, tairbhe sa mbreis a bhaineann le hathchúrsáil agus múirín a dhéanamh ná go ngearrann sé siar ar tháillí seachtainiúla bailiúcháin na dramhaíola baile
Chun cuidiú le hathchúrsáil na dtáirgí agus na n-earraí a éascú, is minic go mbíonn siombailí athchúrsála idirnáisiúnta ag go leor míreanna a chuideoidh leat a aithint cén chaoi a d’fhéadfá rud a athúsáid agus cén chaoi ar cheart fáil réidh leis go sábháilte. Féach ‘Siombailí Athchúrsála’ thíos le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá réimse seirbhísí athchúrsála agus áiseanna i do cheantar a athchúrsálann dramhaíl bhaile. (Tá go leor de na seirbhísí a imlínítear thíos saor in aisce don phobal).
Is éard is Ionaid tabhartha ná pointí bailiúcháin gan foireann le haghaidh ábhair inathchúrsála cosúil le gloine, páipéar, teicstílí, cannaí bia agus deoch. Tá siad seo coitianta i go leor ceantracha. Gheobhaidh tú réimse bancanna áit ar féidir leat gloine, plaisticí agus cannaí a chur. Tá bancanna ag roinnt ionad tabhartha le haghaidh páipéir agus ola innill. Tá liostaí d’ionaid tabhartha i do cheantar ar fáil ó d’údarás áitiúil.
Tá ionaid fóntas pobail cosúil le hionaid tabhartha, ach is féidir leo glacadh le míreanna níos mó. Is iondúil go mbíonn foireann acu, mar sin beidh duine ann chun comhairle nó eolas a thabhairt. Bailíonn na suíomhanna seo gach rud ó pháipéar, cairtchlár, buidéil phlaisteacha agus gloine, cannaí óil agus bia, teicstílí agus bróga, trealamh leictreacha, tiúbanna fluaraiseacha, ola dramhaíola go dramhaíl DFÉ agus dramhaíl treascartha. Bailíonn roinnt ionad dramhaíl ghlas freisin cosúil le crainn Nollag agus ciorruithe féir. Seiceáil le d’údarás áitiúil chun feiceáil an bhfuil ionad in aice leat.
Is féidir leis an údarás áitiúil nó comhlacht príobháideach bailiúchán cosáin a eagrú de dhramhaíl éagsúil atá scartha óna chéile. Is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar bhuidéil phlaisteacha, ar bhuidéil ghloine, ar channaí dí, ar channaí bí, ar nuachtáin agus irisí, ar chairtchlár agus ar ábhar múirín. Beidh eolas ag do údarás áitiúil an bhfuil bailiúchán cosáin i do cheantar nó an bhfuil ceann le tosnú go luath.
I ndéanamh múirín bristear síos ábhar cistine agus gairdín, go horgánach, agus déantar ábhar créafóige de. Is féidir an múirín a úsáid ansin chun beathú a chuir ar ais in ithir gairdíní arís. Is féidir formhór de dhramhaíl an ghairdín a úsáid i ndéanamh múirín, féar gearrtha, píosaí fáil, fiailí, sean plandaí, píosaí glasraí agus duilleoga dreoite agus rl. Déantar múirín, freisin, as dramhaíl chistine mar phíosaí agus craicne torthaí agus glasraí, malaí tae agus caifé, bláthanna, plaoscanna uibhe, páipéar nuachta agus cairtchlár éadrom. Cuireann alán údaráis áitiúla gléas múirín baile ar fáil, ar chostas laghdaithe, dóibh siúd gur mian leo múirín a dhéanamh as a gcuid dramhaíl cistine agus gairdín féin. Is féidir ábhar orgánach a cheannach ag láithreacha d'áiseanna pobail le múirín a dhéanamh.
Feicfidh tú siombailí athchúrsála éagsúla ar tháirgí agus ar phacáistiú. Is é an ceann is coitianta ná an lúb mobius. Ciallaíonn sé seo gur féidir an táirge a athchúrsáil nó go bhfuil cuid dá ábhar inathchúrsáilte. Ciallaíonn an siombail go hiondúil gur féidir an táirge a athchúrsáil mura ndeireann an táirge céatadán an ábhair inathchúrsáilte. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé seo go n-athchúrsálfar é nó go bhfuil a leithéid d’áiseanna ann. Tá tusa, mar thomhaltóir, freagrach as an bpacáistiú a thabhairt isteach chuig áis athchúrsála tar éis duit a ábhar a úsáid.
Siombail choitianta eile is ea an Ponc Glas. Is siombail phan-Eorpach í a fheictear faoi cheadúnas ar phacáistiú tháirgí a cheannaíonn tú. Ciallaíonn sé go bhfuil soláthraí an phacáistiú sin tiomanta do chosaint na timpeallachta trí mhaoiniú a thabhairt d’aisghabháil agus d’athchúrsáil na dramhaíola pacáistaithe. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán Gréasáin an phonc glas chun tuilleadh a fhoghlaim.
Tá batairí le haigéad luaidh (carranna, trucail, báid, tarracóirí agus rl.) déanta as plaisteach agus tá aigéad sulfarach caol agus luaidh iontu. Le linn na hathchúrsála brúitear an bataire leis an aigéad a thógáil as agus é a dhéanamh neodrach agus déantar an plaisteach agus an luaidh dlúth agus ina mbeartanna chun a bheith réidh don athchúrsáil. Is féidir na batairí beaga (ceamara, áiseanna éisteachta, uaireadóirí, ríomhairí agus áiritheoirí) a athchúrsáil ag baint úsáide as teas. Úsáidtear teas ar na batairí athchumhachtaithe tí (gutháin phóca agus soghluaiste, ríomhairí láimhe, uirlísí cumhachta agus trealaimh gan córda) chun an caidmiam, an nicil agus an t-iarann a thógáil astu. Úsáidtear an caidiam a bhíonn faighte sa bhealach seo chun batairí nua a dhéanamh agus téann an nicil agus an t-iarann chun cruach domheirgthe a dhéanamh.
Déantar athchúrsáil ar ghloine má úsáidtear buidéil inchurtha ar ais nó má thugtar buidéil ghloine, crúiscíní, buidéil anlainn nó saléid agus rl chuig banc na mbuidéal. Ba chóir na buidéil a chuirtear sna bancanna seo a bheith roinnte de réir dath chun go mbeadh an ghloine slán chun a bheith úsáidthe arís. Bristear an ghloine go mion ar a dtugtar "cullet". I ndéanamh gloine nua is féidir suas le 40% cullet a úsáid sa bhunábhar. Cuidíonn sé seo chun costas an bhunábhair a ísliú agus chun ísliú a dhéanamh ar an méid fuinnimh a úsáidtear chun an ghloine a leá.
Tógtar feithicilí (carranna, veain, trucail agus a leithéid) as a chéile agus úsáidtear aon ní fiúntach atá iontu agus brúitear a bhfuil fágtha chun é a bheith bruithnithe.
Tógtar óna chéile fearais tithe mar maisíní níocháin, soirn, triomadóirí, maisíní níocháin soithí agus tóstaeir. Scartar na hábhair iarnúla ó na hábhair nach bhfuil iarnúil agus faightear réidh lena bhfuil fágtha. Tá saineolaithe ann go bhfuil ar a gcumas athchúrsáil a dhéanamh ar nithe níos casta ná seo mar ríomhairí agus teilifíseáin. Tógann na saineolaithe seo na hábhair luachmhara óna chéile le díol ar aghaidh nó chun athchúrsáil a dhéanamh orthu. Is féidir leo, uaireanta, córas iomlán nua a dhéanamh as na píosaí.
Tá an canna alúmanaim (canna bí agus dí), cé go bhfuil sé fairsing, ar cheann de na hábhair dhramhaíola is luachmhara atá ann. Is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar an scragall alúmanaim, go mór mhór an scragall trom a úsáidtear le haghaidh béilí beir leat, béilí réidh chun cócaireachta agus píogs úll chomh maith leis an gcinéal a úsáidtear chun cócaireacht. Bruithnítear na carnáin de channaí alúmanaim agus déantar barraí 27 tonna díobh sula n-úsáidtear iad chun cannaí nua agus nithe eile a dhéanamh.
Is féidir ola dramhaíola mianrúil (ola bhreosla agus ola bhealaithe) a ath-úsáid agus a athdhíol mar ola bhealaithe de ghrád íseal nó mar bhreosla do choire ola thionsclach chun teas nó leictreachas nó an dá rud a ghiniúint. Níor choir go gcuirfí ola ghlasrach, mar ola chócaireachta, isteach le ola mhianrach. Is féidir na holaí glasracha seo a ghlanadh agus a athúsáid i mbia ainmhithe.
Toisc go bhfuil contúirt ann go lasadh sé ní mór maoirseacht a dhéanamh ar ionaid athchúrsála páipéir. Is féidir athchúrsáil a dhéanamh ar nuachtáin, irisí, páipéar oifige, dramhphost, cairtchlár éadrom, eolaithe teileafóin, cartaí éagsúla, féilirí agus dialanna, malaí páipéir agus rl. Seoltar an páipéar a bhíonn bailithe ar aghaidh chuig na muillte paipéir le go ndéanfar páipéar nua as.
Tá cód ag tionscail an phlaistigh chun gur féidir na cinéalacha éagsúla plaisteacha a aithint óna chéile, rud a chabhraíonn leis an athchúrsáil ar phlaisteach. Is as HDPE, LDPE, PVC nó PET atá formhór na bplaisteach a bhíonn in úsáid timpeall an tí déanta. Is as PET (polaitéin teireatlach) atá na buidéil phlaisteacha a úsáidtear chun deocha neamh mheisciúla a choiméad. Gearrtar go mion an plaisteach seo agus úsáidtear an t-ábhar athchúrsála poileistear a thagann uaidh istigh i málaí codalta, i bpiliúir agus i seaicéid chuilteacha. Úsáidtear an plaisteach athchúrsáilte in alán bealaí, mar sconsaí, mar throscáin ghairdín, cosantóirí cairr, líneáil do bhoscaí brúscair agus piobaí PVC (clóiríd pholaivinile) agus i ndéanamh ábhair urláir.
Tugann an córas múirín baile deis duit formhór den dramhaíl chistine agus ghairdín a athchúrsáil agus an toradh a chuir ar an ithir mar leasú. Cuireann, nach mór, gach láthair seirbhísí deis chun múirín a dhéanamh ar fáil saor in aisce. Cuireann roinnt údaráis áitiúla seirbhís ar fáil chun athchúrsáil a dhéanamh ar Chrainn Nollag. Déantar mionghearrtha ar na crainn agus úsáidtear na scamh adhmaid i dtírdhreach agus i ngarraíodóireacht.
Tá ábhair atá contúirteach don timpeallacht in alán táirgí tí. Ina measc seo bheadh ábhair leighis, aerasól, bleibíní agus solais fhluairaiseachta, snasáin, ábhar greamaitheach, ábhar glanta tí, ábhar glanta caidhséir, ábhair tuaslagadh, péint, fiailnimh agus leasú talún. Is féidir roinnt de na hábhair seo a thabhairt chuig láthair sheirbhísí agus déanfar athchúrsáil orthu nó beidh modh éigin acu chun fáil réidh leis an ábhar. Ba cheart drugaí cógaisíochta (pianmhúcháin mar shampla), brúscar leighis (steallairí nó lámhainní máinliachta mar shampla) agus soithí do dhrugaí cógaisíochta a thabhairt ar ais chuig an gcógaslann áitiúil, áit gur féidir fáil réidh leo ar an mbealach cuí. Eagraíonn údaráis áitiúla áirithe ionaid bhailiúcháin faoi leith do dhramhaíl chontúirteach ionas gur féidir leis an bpobal an t-ábhar seo a thabhairt chuig ionad amháin le go ndéanfar athchúrsáil air. Beidh níos mó eolais ag do údarás áitiúil.
Cuirtear éadaí agus earraí fite eile, atá de chaighdeán sásúil, chuig siopaí cathranachta chun díol. Na héadaí agus na hearraí fite nach bhfuil oiriúnach chun a bheith díolta úsáidtear iad mar fheilt faoi bhrat urláir, ceirteanna cuimilte nó mar snáth líonadh do throscáin.
Cuireann na húdaráis áitiúla seirbhísí athchúrsála ar fáil, saor in aisce, don phobal. Ní chosnaíonn sé aon ní ábhar dramhaíola a thabhairt chuig ionaid bhailithe nó chuig láithreacha áiseanna pobail ach go minic bíonn méid beag airgid le n-íoc chun bailiúchán cosáin a fháil chomh maith leis an íocaíocht ar an mbailiúchán boscaí brúscair. Ní bhíonn an costas seo mar chostas breise ar chostas araid rotha. Is cuid den tseirbhís é. Cuireann alán údaráis áitiúla deiseanna múirín baile ar fáil ar chostas íseal.
Chun eolas a fháil maidir le seirbhísí príobháideacha ní mór dul i dteangbháil leis an té a chuireann an tseirbhís phríobháideach ar fáil.
Chun eolas a fháil faoi na seirbhísí athchúrsála atá ar fáil i do cheantar dean teangbháil le do údarás áitiúil nó leis an Roinn Comhshaoil, Oidreachta agus Rialtais Áitiúil.
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le ceadúnas dramhaíola cuir glaoch ar an rannóg Seirbhísí Timpeallachta in oifigí do údarás áitiúil agus cuirfear breis eolais ar fáil duit. Beidh ort do ghearán a chuir i scríbhinn (níl foirm ar fáil dá leithéid) chuig an údarás áitiúil agus déanfaidh siadsan cinneadh ansin faoin gcéad chéim eile.
17 Sráid Naomh Aindriú
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 8882001
Lóghlao:1890 200 191
Facs:+353 (0)1 8883946
Láithreán Gréasáin: http://www.enfo.ie
R-phost: info@enfo.ie
Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Wexford
Loch Garman
Éire
Teil:053 916 0600
Lóghlao:1890 335 599
Facs:053 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.