Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Bainistiú Dramhaíola agus Athchúrsáil > Dramhaíl Tí a Mhúiríniú

Print Page Send to a Friend

Dramhaíl Tí a Mhúiríniú

Eolas

Is é is múiríniú ann ná ábhair orgánacha, amhail dramhaíl chistine nó ghairdín, a bheith á ndianscaoileadh ag neacha bídeacha a itheann an dramhaíl agus a dhéanann moirt di atá cosúil le cré. Is féidir an mhoirt chréúil seo (múirín) a úsáid chun ithir a leasú.

Sa bhliain 1998, mar chuid de pholasaí Rialtas na hÉireann maidir le bainistiú dramhaíola, socraíodh spriocanna áirithe chun laghdú ar mhéid na dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe a chuirtear go láithreáin líonta talún in Éirinn thar thréimhse 15 bliain. I measc na spriocanna sin tá 50% de dhramhaíl tí na tíre a dhiúscairt ar bhealaí eile seachas líonadh talún le linn na tréimhse céanna. Bealach amháin chun an sprioc sin a bhaint amach is ea dramhaíl tí a athchúrsáil agus a mhúiríniú.

Is féidir an chuid is mó den dramhaíl a tháirgtear sa ghairdín a mhúiríniú, cuir i gcás an fuílleach a bhíonn fágtha tar éis an féar a lomadh nó fál a bhearradh, seanphlandaí, fiaile, seanduilliúr agus glasraí lofa. Is féidir dramhaíl chistine a mhúiríniú freisin, cuir i gcás ruainní de thorthaí nó de ghlasraí, málaí tae agus caife seanmheilte, blaoscanna uibhe, bláthanna, nuachtáin agus cairtchlár éadrom. Cuireann formhór na n-údarás áitiúil trealamh múirínithe ar fáil ar lascaine dóibh siúd ar mian leo múirín a dhéanamh dá ndramhaíl tí. Is féidir ábhair orgánacha a thabhairt go dtí ionaid phobail áirithe le haghaidh a múirínithe ansin.

Ní hé amháin go gcabhraíonn múiríniú leis an bpróiseas athchúrsála, ach is amhlaidh a laghdaíonn sé ar mhéid na dramhaíola tí a tháirgtear in aghaidh na seachtaine, ar shlí go laghdófar na táillí bailithe a bhíonn le híoc agat.

Múiríniú Baile

Tá bealaí éagsúla ann le dramhaíl a mhúiríniú sa bhaile - carn múirín a bheith agat ag bun an ghairdín, nó coimeádán múirín a cheannach. Is fiú meabhrú gurb iad an t-earrach, an samhradh nó an fómhar na séasúir is oiriúnaí chun tosú ar araid mhúirín a choimeád, nó tagann moill ar an bpróiseas dianscaoilte le linn an gheimhridh, nuair nach stopann sé ar fad.

Buntáiste amháin a bhaineann le coimeádán múirín ná go gcosnaíonn sé cibé ábhar atá ann ar shíon agus ar aimsir. Is féidir coimeádán múirín a cheannach ó ionaid gharraíodóireachta agus ó shiopaí crua-earraí. Tá scéimeanna i bhfeidhm ag roinnt údarás áitiúil in Éirinn a chuireann coimeádáin mhúirín ar fáil ar lascaine do theaghlaigh áitiúla.

Sula gceannaíonn tú coimeádán, ba chóir duit do mhachnamh a dhéanamh faoi mhéid an ghairdín agus líon na ndaoine sa teaghlach. Bheadh coimeádán le toilleadh 250 lítear oiriúnach do ghairdín beag nó do ghairdín meánmhéide, agus do theaghlach ina bhfuil 4-5 duine. Is fearr an coimeádán a bheith beagáinín rómhór ná ceann atá róbheag agus a bheidh ag cur thar maoil gan mórán moille.

Tá sé áisiúil coimeádán beag a bheith sa chistin, ina gcuirtear gach dramhaíl orgánach atá le múiríniú ar ball, sa chaoi is nach mbeidh ort a bheith isteach is amach i gcónaí ag triall ar an gcoimeádán mór sa ghairdín. Beidh sluasaid nó píce ag teastáil chun an múirín a thiontú agus a aistriú ó áit go háit. Is féidir gníomhachtóirí a chur san araid mhúirín le dlús a chur sa phróiseas dianscaoilte, ach níl a leithéid riachtanach le go mbeidh rath ar an obair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo faoi na hábhair is féidir a mhúiríniú. Tá tuilleadh ábhair léitheoireachta faoi ábhair dhramhaíola nár chóir a mhúiríniú agus na cúiseanna atá leis sin anseo.

Ní chaithfidh tú coimeádán múirín a bheith agat chun tosú ar dhramhaíl tí a athchúrsáil - d'fhéadfá carn múirín a bheith ag bun an ghairdín agat.

Rialacha

Sula ndéanann tú cinneadh ar cén áit a gcuirfidh tú an coimeádán múirín, seo roinnt treoracha sláinte agus sábháilteachta a chabhróidh leat ábhair a mhúiríniú go héifeachtach:

  • Fág an araid mhúirín ina shuí ar fhéar nó ar chré sa chaoi is go mbeidh péisteoga in ann dul isteach inti. Féachfaidh na péisteoga seo chuige go mbeidh sruth aeir ag teacht tríd an ábhar dramhaíola, rud a theastaíonn chun an próiseas múirínithe a thapú agus chun drochbholadh ar bith a sheachaint. De réir mar a dhianscaoiltear an t-ábhar, silfear leacht amach as an gcoimeádán. Níor chóir duit choíche an leacht seo a thriomú, ach ligean dó sileadh isteach san fhéar nó sa chré. Má tá bonn ar an araid, gach seans go bhfuil poill bheaga ann chun go rachadh péisteoga isteach tríothu. Le go mbeidh siad in ann a mbealach isteach a dhéanamh, ba chóir bonn na haraide a ardú ón talamh beagán (.i. 1-2 cm) trí leaca a chur fúithi. Is é an fáth a ndéantar araidí den chineál seo a ardú ná chun nach ndúnfaí na poill ina mbonn, ar shlí nach mbeadh bealach isteach ag péisteoga ná sruth aeir.
  • Fad ón teach: Cuir an araid áit éigin nach bhfuil rófhada ó dhoras na cistine. Ba chóir go mbeadh an araid in aice láimhe ach a bheith fada go leor ar shiúl is nach mbeadh aon bhaol truaillithe ann.
  • Cuir an coimeádán in áit éigin a mbíonn aghaidh na gréine air: Bíonn dath dubh ar na coimeádáin ar shlí go súnn siad solas na gréine isteach gan an t-ábhar dramhaíola iontu a thriomú an iomarca.
  • Bí cinnte agus an coimeádán a chosaint ar bháisteach throm: Seans go mbáfaí an coimeádán le linn thuile bháistí, rud a choscfadh an próiseas múirínithe ar fad. Nuair atá ionad roghnaithe agat i gcomhair an choimeádáin, déan an ithir thart air a shuaitheadh chun draenáil agus díghrádú na n-ábhar dramhaíola a éascú.

Rataí

Tá scéimeanna i bhfeidhm ag roinnt údarás áitiúil a chuireann coimeádáin mhúirín ar fáil do theaghlaigh ar lascaine.

Is féidir freisin coimeádáin mhúirín a cheannach ó ionaid gharraíodóireachta agus ó shiopaí crua-earraí.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá tuilleadh eolais mar gheall ar mhuiríniú baile le fáil ó Chré ag an seoladh thíos, nó ón Rannóg Sheirbhísí Comhshaoil san údarás áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tá ábhair ar raon leathan de chúrsaí comhshaoil le fáil ar láithreán gréasáin ENFO.

Cuireadh Cré ar bun sa bhliain 2001 chun an pobal a chur ar an eolas faoi mhúiríniú agus faoi úsáid mhúirín in Éirinn agus chun dea-chleachtais a shocrú.

Cré

Bosca poist 13
Dún Dealgan

Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.cre.ie
R-phost: info@cre.ie



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Athchúrsála Baile in Éirinn
    Is éard a chiallaíonn athchúrsáil bhaile ná bailiúchán agus roinnt na dramhaíola baile. Cén áit le dramhaíl bhaile a athchúrsáil agus céard a tharlaíonn do na míreanna seo ?
  • Dramhaíl Tí
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na bealaí éagsúla a bhfaigheann na húdaráis áitiúla agus oibreoirí príobháideacha réidh le dramhaíl tí.
  • Láithreáin Dramhaíola
    Tá míniú tugtha sa cháipéis seo ar an mbealach a bhfaightear réidh le dramhaíl i láthreáin dramhaíola agus na rialacha a bhaineann le láithreáin dramhaíola in Éirinn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.