Tá sé neamhdhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín féin. Ní hamháin go gcuireann sé isteach ar do chomharsana nuair a dhéantar dramhaíl a dhó, ach is féidir leis ceimiceáin dhíobhálacha a scaoileadh san aer a dhéantar a análú.
Bíonn go leor ceimiceán tocsaineach i ndramhaíl na linne seo. Bíonn ábhair shintéiseacha, leasaithigh agus fiú amháin plaistigh le fáil i ndramhaíl pháipéir. Bíonn glóthacha, tuarthóirí agus plaistigh le fáil i gclúidíní aon uaire. Déantar mórán táirgí adhmaid a chóireáil le ceimiceáin thocsaineacha chun lobhadh a chosc.
Cruthaíonn dó dramhaíola den sórt sin i dtinte neamhrialaithe ísealteochta fotháirgí tocsaineacha agus díobhálacha, nach mbíonn tine in ann a scriosadh agus a bhíonn iompartha san aer ag cáithníní súiche. Is féidir le duine iad seo a análú nó is féidir leo titim i bhfoirm báistí ón aer mar shil-leagan atá ábalta dul isteach sa bhiashlabhra go héasca.
Tá sé neamhdhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín féin. Seo a leanas samplaí de bhealaí nach féidir dramhaíl tí nó ghairdín a dhó:
Tá dóirí dramhaíola agus fearais eile cosúil le mion-loisceoirí nó loisceoirí tí, a d’fhéadfadh a bheith lonnaithe i bhfoirgnimh nó i ngairdíní, neamhdhleathach fiú amháin nuair a bhíonn siad ceangailte do shimléar nó múchán.
An foinse is mó maidir le hastuithe dé-ocsaine in Éirinn ná dó neamhrialaithe a dhéanamh ar dhramhaíl tí sa bhaile. Is cion atá ann dramhaíl a dhó faoin reachtaíocht um bainistíocht dramhaíola agus faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987. Treisíonn na Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (cosc ar Dhiúscairt Dramhaíola trí Dhó) 2009 (pdf) an dlí maidir le diúscairt dramhaíola trí dhó neamhrialaithe. Tugtar dó sa chlós cúil air freisin.
Is féidir fíneáil suas le €3,000 a ghearradh as dramhaíl tí a dhó nó téarma príosúnachta 12 mhí a bheith i gceist ar chiontú achomair sa chúirt dúiche.
Is féidir dramhaíl tí a dhiúscairt ar bhealaí éagsúla. Cuireann tromlach na n-údarás áitiúil seirbhísí bailithe dramhaíola ar fáil. Mar sin féin, tá bailitheoirí ceadúnaithe príobháideacha dramhaíola ag éirí níos coitianta. Má dhéantar cinneadh gan seirbhísí eagraithe bailithe dramhaíola a úsáid, féadfar mórán dramhaíola tí a dhiúscairt trí athchúrsáil, múiríniú baile agus láithreacha conláiste pobail a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil nó láithreáin líonta talún.
Féadfaidh d’údarás áitiúil comhairle a thabhairt duit faoi dhiúscairt dramhaíola agus saoráidí athchúrsála i do cheantar féin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.