Áiteanna agus struchtúir chontúirteacha

Réamhrá

Tá freagracht ar gach údarás áitiúil as déileáil le háiteanna agus struchtúir chontúirteacha atá ina gceantar. Faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, féadfaidh údaráis áitiúla a cheangal ar úinéir chun suíomh sábháilte a dhéanamh dá leithéid de shuíomh. I gcásanna éigeandála, tá an chumhacht ag an údarás áitiúil chun an suíomh féin a iontráil agus suíomh sábháilte a dhéanamh dá leithéid de shuíomh.

Ceadaíonn an tAcht d’údaráis áitiúla chun úinéirí a ionchúiseamh nach gcomhlíonann na fógraí a sheirbheáiltear; chun talamh a cheannach ar bhonn éigeantach; agus chun tabhairt faoin obair riachtanach iad féin agus an costas a ghearradh ar na húinéirí.

Sainmhínithe

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar struchtúr contúirteach:

  • Aon fhoirgneamh, balla nó déanmhas eile de chineál ar bith, nó
  • Aon chuid, nó aon rud atá greamaithe d’fhoirgneamh, de bhalla nó de dhéanmhas eile de chineál ar bith

arb é tuairim an údaráis áitiúil “go bhfuil sé, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine nó do mhaoin ar bith”

Déileáiltear san Acht, chomh maith, le háiteanna contúirteacha. Is é an sainmhíniú a thugtar ar áit chontúirteach “tochaltán, cairéal, clais, tobar, taiscumar, lochán, sruthán, damba, port, láithreán fuílligh, sloc nó talamh” arb é tuairim an údaráis áitiúil “go bhfuil sé, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine ar bith”.

Rialacha

Má tá réadmhaoin agat a ndéantar réadmhaoin chontúirteach di, nó ina bhfuil aon struchtúir chontúirteacha, ní mór duit bearta a ghlacadh chun an cás a chur ina cheart.

Má mheasann údarás áitiúil go bhfuil struchtúr contúirteach, féadfaidh siad, más gá, an t-úinéir a ordú chun tabhairt faoi obair ar an struchtúr láithreach chun struchtúr sábháilte a dhéanamh de. D’fhéadfadh scartáil an struchtúir agus glanadh agus fálú an tsuímh a bheith i gceist leis seo. Más tú féin an t-úinéir agus mura gcomhlíonann tú lena leithéid d’ordú, tá tú ciontach i gcion agus beidh tú faoi dhliteanas fíneáil a íoc.

Más gá, féadfaidh an t-údarás áitiúil tabhairt faoin obair seo iad féin. Ní mór dóibh fógra a thabhairt don úinéir faoin méid a bheartaíonn siad a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, féadfaidh siad a cheangal go gcuirtear stop le gach úsáid a bhaintear as an struchtúr baolach. I gcásanna áirithe, féadfaidh siad áititheoir struchtúir chontúirtigh a ordú chun an áit a fhágáil agus chun a réadmhaoin go léir a bhaint. Más gá, féadfaidh siad ordú cúirte a fháil, a cheadaíonn dóibh pé fórsa a úsáid a mheasann siad is gá chun an duine agus a réadmhaoin a bhaint ón struchtúr contúirteach.

Is faoin údarás áitiúil atá sé a chinneadh cibé acu ar cheart nó nár cheart dóibh cóiríocht eile a sholáthar nó chun airgead a thabhairt don duine ar cuireadh ina luí orthu a n-áit chónaithe a fhágáil ar an mbealach seo. D’fhéadfadh seo brath ar cibé acu ar thug an duine faoin aon cheird nó gnó sa struchtúr contúirteach nó má mheasann an t-údarás áitiúil go mbeidh an duine thíos le fíor-chruatan mar gheall go bhfuil orthu fágáil.

Fógraí reachtúla

Más tú féin úinéir nó áititheoir in áit nó struchtúr contúirteach, is dóchúil go bhfaighidh tú fógra reachtúil ón údarás áitiúil, a chuireann ar an eolas thú gur rangaíodh do réadmhaoin amhail bheith ina réadmhaoin chontúirteach agus a insíonn duit cad a cheanglaíonn an t-údarás áitiúil ort a dhéanamh (nó a bheartaíonn siad a dhéanamh iad féin) chun áit nó réadmhaoin shábháilte a dhéanamh de.

Faoi roinnt cúinsí, féadfaidh údarás áitiúil a chinneadh chun áit nó struchtúr contúirteach a cheannach go héigeantach.

Tá an ceart agat chun freagairt d’aon fhógra a sheolann an t-údarás áitiúil chugat agus chun aighneacht a dhéanamh i gcoinne ceannach éigeantach suímh.

Ceannach éigeantach

Féadfaidh údarás áitiúil talamh chontúirteach a cheannach atá ina gceantar (talamh nach bhfuil contúirteach a thuilleadh mar gheall gur thug an t-údarás áitiúil faoi obair ar an talamh, ina measc), cibé acu trí chomhaontú leis an úinéir nó trí cheannach éigeantach. Ní mór dóibh sonraí aon cheannaigh éigeantaigh a bheartaítear a fhógairt sa nuachtán áitiúil agus fógra a sheoladh chuig úinéir nó áititheoir na talún, agus faisnéis a thabhairt faoi conas agus cén áit ar féidir cur in aghaidh an cheannaigh.

I gcás áit chontúirteach, ní mór fógra a chur in airde ar an talamh nó i ngar don talamh, agus sonraí a thabhairt ar an méid a bheartaíonn an t-údarás áitiúil a dhéanamh.

Má chuirtear ina aghaidh, ní féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach gan toiliú an Bhoird Phleanála. Má fhaomhann an Bord Pleanála an ceannach éigeantach agus má dhéileáil an t-údarás áitiúil le haon aighneachtaí a fuarthas, féadfaidh an t-údarás áitiúil an talamh a cheannach, agus ordú dílseacháin á úsáid.

Cúiteamh

Má bhíonn aon cheart agat i leith talún nó aon leas agat i dtalamh a fuair údarás áitiúil ar bhonn éigeantach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an údarás ar chúiteamh laistigh de 12 mhí tar éis an dílseacháin a dhéanamh. Íocfaidh an t-údarás áitiúil suim leat, ansin, atá ar chomhionann le luach na talún (má bhíonn luach ar bith uirthi). Déanfar idirbheartaíocht ar luach na talún faoin Acht um thalamh a fháil (measúnú ar chúiteamh), 1919. Má bhíonn aon airgead le híoc leis an údarás áitiúil ar an réadmhaoin (i bhfoirm tobhach láithreán tréigthe nó ordú cúirte le haghaidh íocaíochta), féadfaidh an t-údarás áitiúil é seo a dhealú ón gcúiteamh. Más mó an tsuim atá le híoc ar an réadmhaoin ná an cúiteamh lenar comhaontaíodh, ní íocfar aon chúiteamh.

Cionta

Faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, is cion é:

  • Bach a chur ar údarás áitiúil atá ag tabhairt faoina ndualgas faoin Acht.
  • Bac a chur ar aon duine a dhéanann iarracht chun an tAcht a chomhlíonadh.
  • Teip ar thabhairt faoi na bearta a cheanglaíonn an t-údarás áitiúil chun cosc a chur ar struchtúr nó ar áit ó bheith rangaithe amhail struchtúr nó áit chontúirteach laistigh de thréimhse leithroinnte ama.
  • Teip ar ordú na Cúirte Dúiche faoin Acht a chomhlíonadh.

Ar a chiontú nó a ciontú go hachomair i ngeall ar na cionta seo: beidh sé/sí faoi dhliteanas fíneáil nach mó ná €2,500 a íoc.

Chomh maith leis sin, is cion é:

  • Teip ar fhaisnéis a thabhairt nó faisnéis mhícheart a thabhairt go feasach don údarás áitiúil faoi úinéireacht struchtúir chontúirtigh.
  • Bac a chur ar oifigeach údaraithe an údaráis áitiúil agus é/í ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an Acht.

Ar a chiontú nó a ciontú go hachomair i ngeall ar na cionta seo: beidh sé/sí faoi dhliteanas fíneáil nach mó ná €2,500 a íoc.

Rataí

Fíneálacha

Tá fíneálacha iníoctha leis an údarás áitiúil mar gheall ar neamhchomhlíonadh fógraí reachtúla faoi struchtúir chontúirteacha – féach ‘Cionta’ thuas.

Costas na hoibre

Féadfaidh an t-údarás áitiúil costas na hoibre riachtanaí a aisghabháil a dhéantar ar áiteanna agus struchtúir chontúirteacha ó na húinéirí.

Tobhach na láithreán tréigthe

Tá tobhach na láithreán tréigthe iníoctha, chomh maith, leis an údarás áitiúil má iontráladh an láithreán ar Chlár na Láithreán Tréigthe. Is ionann an tobhach seo agus 3% de luach margaidh na talún atá i gceist. Féadfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil céatadán níos airde a ordú, nach féidir leis breis agus 10% den luach margaidh a shárú.

Conas iarratas a dhéanamh

Má bhíonn aon cheisteanna nó gearáin agat faoi áiteanna nó struchtúir chontúirteacha, déan teagmháil le d’údarás áitiúil. Bíonn uimhreacha gutháin 24 uair an chloig ag formhór na n-údarás áitiúil chun áiteanna nó struchtúir a thabhairt le fios – seiceáil láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil.

Page edited: 7 January 2016