Láithreáin tréigthe

Réamhrá

Tá gach údarás áitiúil freagrach as déileáil le láithreáin tréigthe ina cheantar. Is féidir leis an údarás áitiúil úsáid a bhaint as an Acht um Láithreáin Tréigthe, 1990 chun iachall a chur ar úinéirí láithreáin a ghlanadh suas. Tugann an tAcht seo cead d'údaráis áitiúla úinéirí a chúisiú nach gcomhlíonannn fógraí atá tugtha; talamh a cheannacht go héigeantach; agus obair riachtanach a dhéanamh iad féin agus an bille a chur ar aghaidh chuig na húinéirí.

Tá cumhachtaí den chineál céanna ag údaráis áitiúla i leith struchtúir agus áiteanna dáinséaracha.

Láithreáin fholmha

Faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht, 2015, beidh ar gach údarás áitiúil clár a chur i dtoll a chéile de thailte atá ina limistéar atá oiriúnach le haghaidh tithíochta ach nach bhfuil ag teacht chun cinn le haghaidh forbartha. Ní mór go bhfuil na cláir seo i bhfeidhm faoi Eanáir 2018 agus gearrfar tobhach ar láithreán folamh ó Eanáir 2019 ar aghaidh. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh sa phreaseisiúint seo.

Rialacha

Sainmhíniú

Sainmhíníonn an tAcht “láithreán tréigthe” mar aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist:

  • Mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó
  • Mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó
  • Mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist

Clár na Láithreán Tréigthe

Caithfidh an t-údarás áitiúil clár a choinneáil de láithreáin tréigthe sa cheantar. Tugtar eolas ann faoi shuíomh an áitribh, ainm agus seoladh an úinéara agus sonraí faoi aon ghníomhaíochtaí atá tógtha ag an údarás áitiúil maidir leis na láithreáin seo. Má tá úinéireacht nó sealbhóireacht ag an údarás áitiúil ar áitreabh, caithfidh an t-eolas a bheith sa chlár ar an úsáid atá á bhaint as agus céard atá ar intinn ag an údarás áitiúil a dhéanamh leis.

Caithfidh an clár sonraí a thabhairt ar luach margaidh reatha do gach láithreán atá ann. Is é an túdarás áitiúil a dhéanann an luacháil seo agus is féidir le éinne atá cáilithe gníomhú ar a shon. Tá sonraí an luacha curtha isteach sa chlár agus tugtar fógra d'úinéir an láithreáin tréigthe atá i gceist.

Tá sé de chead ag an úinéir achomharc a dhéanamh ar luacháil. Caithfear na hachomhairc seo a dhéanamh chuig an mBinse Luachála taobh istigh de thréimhse 28 lá ón dáta a fuarthas an fógra.

Ní mór don údarás áitiúil Clár na Láithreán Tréigthe a chur ar fáil do scrúdú an phobail. Féadfaidh siad iontráil a bhaint ón gClár nuair atá siad sásta gur tugadh faoin obair a d’ordaigh siad ar an láithreán tréigthe.

Tobhach láithreáin tréigthe

Más úinéir talún uirbí thú a iontráladh ar Chlár na Láithreán Tréigthe, ní mór duit tobhach bliantúil a íoc leis an údarás áitiúil – féach ‘Rátaí’ thíos. Féadfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil a ordú gurb ionann aon limistéar agus limistéar uirbeach, a fhad agus nach cuid de chontae nó de bhuirg eile é.

Caithfear an tobhach a íoc nuair a dhéanann an t-údarás áitiúil éileamh air. Ach muna n-íocfar an tobhach laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a rinneadh an t-éileamh agus nach bhfuil aon aontú déanta leis an údarás áitiúil, beidh ús curtha ar an méid iomlán ag ráta 1.25% sa mhí nó cuid de mhí. Is féidir leis an údarás áitiúil an t-úinéir a thabhairt chun na cúirte leis an airgead seo a fháil más gá.

Má bhaintear an láithreán ó Chlár na Láithreán Tréigthe, déanfaidh an t-údarás áitiúil an tobhach a ríomhú bunaithe ar an méid laethanta atá fágtha sa bhliain airgeadais agus cuirfidh siad áisíoc nó éileamh ar airgead chuig an úinéir.

Má thagann aon athrú ar luacháil na talún, déanfar athrú mar a chéile ar an tobhach. Má tá titim sa luach, déanfaidh an t-údarás áitiúil áthríomhú ar an méid atá i gceist de réir na luachála nua agus déanfaidh siad aisíoc leis an úinéir má tá airgead dlite do/di. Má tá ardú tagtha ar luach an áitribh, tá sé de cheart ag an údarás áitiúil éileamh a dhéanamh ar thobhach ar an méid ardaithe.

Má tá an t-údarás áitiúil sásta go bhfuil pleananna le forbairt a dhéanamh ar an áitreabh ag úinéir láithreáin agus go bhfuil cead pleanála don fhorbairt, is féidir leis an úinéir dul isteach i mbanna in áit an tobhaigh do láithreáin tréigthe a íoc. Ráthaíocht atá sa bhanna atá gealta le banc nó le comhlacht árachais agus é socraithe go n-íocfar aon tobhach dlite ar láithreán tréigthe muna bhfuil an scéim nó a leithéidí curtha i bhfeidhm taobh istigh de thréimhse 5 bliana.

Más gá duit tobhach láithreán folamh a íoc faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht, 2015, ní bheidh ort íoc as tobhach láithreán tréigthe chomh maith ar an láithreán céanna.

Fógraí reachtúla

Más úinéir nó sealbhóir tú ar láithreán tréigthe, is cinnte go bhfaighidh tú fógraí reachtúla ón údarás áitiúil. Inseoidh na fógraí seo duit céard atá an t-údarás áitiúil ag déanamh maidir le d'áitreabh. Inseoidh an céad fógra duit go bhfuil d'áitreabh curtha ar Chlár na Láithreán Tréigthe. Gheobhaidh tú fógra eile ansin ag insint duit na rudaí ba cheart a dhéanamh de réir an údarás áitiúil leis an láithreán a ghlanadh suas. I gcásanna áirithe, is féidir leis an údarás áitiúil láithreán tréigthe a cheannach go héigeantach. Tá sé de cheart agat freagra a thabhairt ar aon fhógra a chuireann an t-údarás áitiúil chugat agus is féidir leat cur i gcoinne cheannach éigeantaigh.

Ceannach éigeantach

Is féidir leis an údarás áitiúil láithreáin tréigthe ina cheantar a cheannach, tré chomhaontú leis an úinéir nó go héigeantach. Caithfear ceannach éigeantach a bheith fógraithe i nuachtán áitiúil le sonraí maidir leis an talamh atá i gceist agus caithfear fógra a sheoladh chuig úinéir nó sealbhóir na talún ag tabhairt eolais maidir le cén chaoi agus cén áit gur féidir leis/léi cur i gcoinne an cheannachta. Má chuireann duine éigin i gcoinne an cheannaigh éigeantaigh, ní féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach gan cead ón mBord Pleanála.

Má cheadaíonn An Bord Pleanála an t-ordú ar cheannach éigeantach agus go bhfuil plé déanta ag an údarás áitiúil is an dream a chur i gcoinne an cheannachta, is féidir an talamh a cheannacht tré úsáid a bhaint as ordú dílseacháin.

Cúiteamh

Má tá aon cheart nó suim agat sa talamh a cheannaigh an t-údarás áitiúil go héigeantach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúiteamh laistigh de thréimhse 12 mí ón dáta a rinneadh an ceannacht. Íocfaidh an t-údarás áitiúil suim airgid leat a bheidh cothrom le luach na talún (má tá aon airgead i gceist). Déanfar idirbheartaíocht maidir le luach na talún faoin Acht um Ghlacadh Talún (Measúnú ar Chúiteamh) 1919. Má tá aon airgead dlite don údarás áitiúil ar an talamh (tobhach suímh tréigthe nó íocaíocht ar ordú cúirte) is féidir leis an údarás áitiúil an méid dlite a bhaint as an gcúiteamh. Má tá an méid atá dlite ar an talamh níos airde ná an méid cúitimh atá aontaithe, ní íocfar aon chúiteamh.

Coireanna

Faoin Acht um Láithreáin Tréigthe, 1990 is coir atá ann:

  • Má thógann tú, má dhéanann tú damáiste nó má loiteann tú aon fhógra atá curtha suas ag an údarás áitiúil maidir le láithreáin tréigthe.
  • Má theipeann ort na horduithe a tugadh ón údarás áitiúil a chur i bhfeidhm taobh istigh den tréimhse ama a bhí ceadaithe
  • Muna gcuireann tú in iúl don údarás áitiúil faoi aistriú úinéireachta talún nó suim i dtalamh ó dhuine amháin go duine eile (seachas tiomna nó díthomnacht). Caithfidh an dá pháirtí atá i gceist fógra a thabhairt don údarás áitiúil taobh istigh de thréimhse 4 sheachtainí ó am a rinneadh an aistriú.
  • Má theipeann ort an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas faoi aistriú úinéireachta talún nó suim i dtalamh tré thiomna nó díthomnacht. Caithfidh an t-úinéir nua fógra a thabhairt don údarás áitiúil i scríbhinn laistigh de thréimhse 6 mhí agus caithfidh an té a bhí ag déanamh ionadaíochta maidir leis an aistriú tré thiomna nó díthomnacht, an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas faoi laistigh de thréimhse 2 mhí.
  • Bac a chur ar dhuine údarásach dul isteach nó a chuid oibre a dhéanamh ar an láithreán tréigthe.

Má dhéantar coir faoin Acht seo, is féidir leis an údarás áitiúil tú a chúisiú.

Rátaí

Tobhach na láithreán tréigthe

Is ionann tobhach na láithreán tréigthe agus 3% de luach margaidh na talún atá i gceist. Féadfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil céatadán níos airde a ordú, nach féidir leis breis agus 10% den luach margaidh a shárú.

Fíneálacha

Caithfear fíneálacha a íoc leis an údarás áitiúil muna gcomhlíonann tú fógraí reachtúla maidir le láithreáin tréigthe. Leagtar amach na rátaí fíneála san Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990 agus méadaíodh iad i gcomhréir le hAcht na bhFíneálacha, 2010. Is féidir leat níos mó a léamh conas a ríomhtar na rátaí fíneála.

Ar chúiseamh achomair do na coireanna uilig: fíneáil gan dul thar €2,500 agus fíneáil gan dul thar €500 sa lá do gach lá a leantar ar aghaidh leis an gcoir ach gan dul thar €2,500 san iomlán. (Níl an fhíneáil bhunúsach de €2,500 le haghaidh na coire san áireamh). Is féidir téarma príosúnachta a chur ort do thréimhse, gan dul thar 6 mhí. Is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a chur ort má dhéanann an chúirt an cinneadh.

Má chúisítear tú nó má dhíotáiltear tú de bharr gur theip ort na horduithe a tugadh duit ón údarás áitiúil a chomhlíonadh lena chinntiú nach mbeadh áitreabh rangaithe mar láithreán tréigthe taobh istigh de thréimhse ceadaithe: Fíneáil gan dul thar €55,562.50 atá i gceist, le fíneáil gan dul thar €4,445 do gach lá a leantar ar aghaidh leis an gcoir nó téarma príosúnachta gan dul thar 2 bhliain. Má dhéanann an chúirt an cinneadh, is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh ort.

Costas na hoibre

Féadfaidh an t-údarás áitiúil costas na hoibre riachtanaí a dhéantar ar láithreán tréigthe a aisghabháil ó úinéir an láithreáin.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an údarás áitiúil má tá aon fhiosrúcháin nó gearáin le déanamh agat maidir le láithreáin tréigthe.

Déan teagmháil leis an mBinse Luachála (taobh istigh de thréimhse 28 lá ón dáta a fuarthas an fógra) más mian leat achomharc a dhéanamh ar luacháil a rinne an t-údarás áitiúil ar láithreán tréigthe.

Page edited: 31 March 2016