I measc raon na dTreoracha AE a bhaineann le bainistíocht dramhaíola, tá Treoir um chosc agus rialú comhtháite ar thruailliú mar aon leis an méid seo a leanas:
Leagann an Chreat-treoir Dramhaíola (Treoir 75/442/CEE maidir le dramhaíol, arna leasú le Treoir 91/156/CEE) bunriachtanais amach chun dul i ngleic le dramhaíl agus sainmhínítear ann cad is "dramhaíl". Foráiltear ann i leith ballstáit an AE:
Sainmhíníonn an Treoir um Dhramhaíl Ghuaiseach (Treoir 91/689/CEE) dramhaíl ghuaiseach agus leagann sé amach na rialacha chun dul i ngleic leis.
Pléann an Treoir PCB/PCT (Treoir 96/59/CE maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe) le diúscairt ceimicí guaiseacha a léiríonn bagairt áirithe ar an gcomhshaol agus ar shláinte daonna. Forálann sé go gcaithfidh na cuideachtaí go léir atá bainteach le díshalú agus/nó le diúscairt na ndéfheinilí polaclóirínithe, nó a úsáideann na défheinilí polaclóirínithe nó trealamh ina gcuimsítear défheinilí polaclóirínithe, cead a fháil i dtosach. Leagann sé riachtanais amach maidir le díshalú nó diúscairt an trealaimh a chuimsíonn défheinilí polaclóirínithe agus maidir le diúscairt na ndéfheinilí polaclóirínithe caite d'fhonn a chinntiú go ndéantar iad a dhíchur ina n-iomlán.
Is éard is aidhm na Treorach Dramh-ola (Treoir 75/439/CEE maidir le dramh-olaí; arna leasú ag Treoir 87/101/CEE) ná córas comhoiriúnaithe a chruthú chun dramh-olaí a bhailiú, chóireáil, stóráil agus a dhiúscairt, ar nós na n-olaí le haghaidh feithiclí.
Leagann an Treoir um Shludach Séarachais (Treoir 86/278/CEE maidir le caomhnú an chomhshaoil, agus caomhnú na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sludach le haghaidh talmhaíochta) srianta amach maidir le húsáid sludaí séarachais le haghaidh talmhaíochta.
Leagann an Treoir maidir le Líonadh Talún (Treoir 1999/31/CE maidir le dramhaíl a chur i láithreán líonta talún) rialacha mionsonraithe amach maidir le líonta talún le haghaidh dramhaíola. Forálann sé go gcaithfidh oibreoirí na láithreán líonta talún atá ann cheana plean comhoiriúnaithe faofa a bheith acu a léiríonn an chaoi a dhéanfar freastal ar riachtanais na Treorach laistigh den fráma ama. Caithfidh na pleananna seo cúnamh a thabhairt chun cosc a chur ar éifeachtaí diúltacha líonta talún ar uisce dromchla, screamhuisce, ar ithir agus ar aer. Cuireann an Treoir cosc ar chineálacha éagsúla dramhaíola ó láithreáin líonta talún, mar shampla boinn úsáidte, agus cuireann sé iachall ar bhallstáit méid na dramhaíola in-bhithmhillte a chuireann siad i láithreán líonta talún a laghdú go 35% de réir na leibhéal a bhí ann i 1995.
Is éard is aidhm na Treorach um Loscadh Dramhaíola (Treoir 2000/76/CE an 4 Nollaig 2000) ná cosc a chur ar na héifeachtaí diúltacha maidir le loscadh dramhaíola. Sonraíonn sé riachtanais oibriúcháin agus theicniúla agus socraíonn sé luachanna le aghaidh teorainneacha astaíochtaí maidir le gléasra loiscthe agus comhloiscthe dramhaíola laistigh den AE.
Socraíonn an Treoir um Dhramhaíl Pacáistithe (Treoir 94/62/CE maidir le pacáistiú agus dramhaíl pacáistithe) spriocanna le haghaidh aisghabháil agus athchúrsáil na dramhaíola pacáistithe agus cuireann sé iachall ar bhallstáit scéimeanna bailithe, athchúrsála agus aisghabhála le haghaidh dramhaíola dá leithéid a bhunú.
Socraíonn an Treoir um Fheithiclí a Bhfuil a Ré Caite (Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite) na bearta a bhfuil sé mar aidhm acu cosc a chur ar dhramhaíl ó fheithiclí agus ó chomhpháirteanna feithiclí a bhfuil a ré caite agus chun athúsáid feithiclí, athchúrsáil agus cineálacha aisghabhála eile a chur chun cinn. Is riachtanas dá cuid go socraítear córais bailithe chun a chinntiú go ndiúscraítear feithiclí a bhfuil a ré caite go héifeachtach agus go sábháilte gan dochar a dhéanamh don chomhshaol.
Is éard is aidhm na Treorach maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (an Treoir WEEE - Treoir 2002/96/CE arna leasú le Treoir 2003/108/CE) ná cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola leictrí agus leictreonaí agus chun athúsáid, athchúrsáil agus cineálacha aisghabhála éagsúla a chur chun cinn d'fhonn cainníocht na dramhaíola dá leithéid a bheadh le díchur trí líonadh talún nó loscadh a laghdú. Is riachtanas dá cuid go ndéantar WEEE a bhailiú, a aisghabháil agus a athúsáid nó a athchúrsáil.
Is éard is aidhm na Treorach maidir le húsáid substaintí guaiseacha áirithe a shrianadh ó thaobh trealamh leictreach agus leictreonach de (an Treoir RoHS - Treoir 2002/95/CE) ná substaintí áirithe a laghdú nó a dhíchur ó dhéantúsaíocht trealamh leictreach agus leictreonach d'fhonn bainistíocht dramhaíola a éascú.
Ón 13 Lúnasa 2005, tá tomhaltóirí i dteideal a gcuid sean-threalamh leictreach a thabhairt ar ais agus táirgí nua á gceannach acu agus caithfidh ionaid bailithe saor in aisce a bheith curtha ar fáil le haghaidh sean-threalamh. Caithfidh an scéim bailithe a bheith maoinithe ag na táirgeoirí. Léigh tuilleadh ar fhorfheidhmiú WEEE in Éirinn.
Forfheidhmítear na Treoracha seo in Éirinn tríd an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, an Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, an Acht um Bainistiú Dramhaíola 2001 agus tríd an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 2003. Tá roinnt ionstraimí reachtúla ann chomh maith a phléann le sainghnéithe na dTreoracha AE.
Tá an dualgas foriomlán maidir le beartas um bhainistiú dramhaíola ar an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil. Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar aon leis na húdaráis áitiúla a chuireann an beartas sin agus an reachtaíocht i bhfeidhm den chuid is mó. Tá an beartas bainistíochta dramhaíola reatha leagtha amach in Changing Our Ways and Preventing and Recycling Waste: Delivering Change a foilsíodh in 1998. I measc rudaí eile, leagann an doiciméad beartais seo an beartas amach maidir le laghdú ar úsáid líonta talún chun críocha diúscartha dramhaíola agus socraíonn sé spriocanna maidir le hathchúrsáil.
Forálann na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola go bhfuil dualgas ginearálta ar gach duine gan dramhaíl a choimeád, a iompar, a aisghabháil nó a dhiúscairt i slí a dhéanann truailliú comhshaoil nó ar dhócha í truailliú a dhéanamh.
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus dramhaíl
Is iad seo a leanas príomhghníomhaíochtaí na GCC i réimse na bainistíochta dramhaíola:
Údaráis Áitiúla
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as:
Pleananna Bainistíochta Dramhaíola
Tá an GCC freagrach as an bPlean Náisiúnta um Bainistiú Dramhaíola Guaisí. Caithfear an plean a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach cúig bliana.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as Pleananna Bainistíochta Dramhaíola áitiúla. Tugadh spreagadh d'údaráis áitiúla a bheith comhoibríoch lena chéile chun pleananna réigiúnacha a dhréachtú áit a raibh sé cuí. Tá sé de chumhacht ag an Aire Comhshaoil iachall a chur ar dhá údarás áitiúla nó níos mó sin plean réigiúnach a dhréachtú.
Pléann na pleananna áitiúla agus réigiúnacha dramhaíl neamhghuaiseach agus caithfidh na bearta seo a leanas a bheith san áireamh leo:
Is feidhm fheidhmeach de chuid an údaráis áitiúil é anois pleananna bainistíochta dramhaíola a dhéanamh faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) 2001 – is é sin le rá go bhfuil an chumhacht ag an mbainisteoir contae nó cathrach na pleananna a dhéanamh.
Ní mór don údarás áitiúil fógra a fhoilsiú go bhfuil sé ar intinn acu plean a dhréachtú nó a athbhreithniú. Is féidir le duine ar bith aighneacht scríofa a chur isteach laistigh de 2 mhí ón bhfógra seo. I ndiaidh don phlean molta a bheith dréachtaithe caithfidh sé a bheith ar fáil le haghaidh iniúchta agus tá dhá mhí agat aighneachtaí a chur isteach ina thaobh. Caithfear na pleananna a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach cúig bliana.
Ceadanna Dramhaíola
Tá ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil riachtanach d'áiseanna áirithe a phléann le giniúint, aisghabháil agus diúscairt dramhaíola. Tá an nós imeachta mar an gcéanna do cheadúnais IPPC. Coimeádann an GCC clár poiblí de cheadúnais dramhaíola.
Sula mbronntar ceadúnas dramhaíola, ní mór don GCC a bheith sásta, i measc rudaí eile,
Feidhmíonn na húdaráis áitiúla córas ceada le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe maidir le diúscairt agus aisghabháil dramhaíola nach dteastaíonn ceadúnas dóibh ón GCC. Ní mór don iarratas fógra poiblí rúin a thabhairt go gcuirfear iarratas isteach ar cheadúnas dá leithéid. Caithfidh an t-iarratas a bheith ar fáil le haghaidh iniúchta ag oifigí an údaráis áitiúil agus is féidir le duine ar bith aighneacht scríofa a dhéanamh faoi. Is féidir ceadúnas a bhronnadh ar feadh suas le trí bliana agus is féidir coinníollacha éagsúla a bheith ceangailte leis. Ní mór don údarás áitiúil clár na gceadúnas seo a choinneáil agus é a chur in iúl don GCC.
Ceadúnais Bailithe Dramhaíola
Ó 2001, tá sé riachtanach cead bailithe dramhaíola a fháil ón údarás áitiúil chun dramhaíl a bhailiú ar bhonn tráchtála. Caithfidh iarrthóir le haghaidh ceada bailithe dramhaíola fógra rúin maidir le hiarratas a dhéanamh a fhoilsiú agus sonraí a thabhairt maidir le cad a bhaileofar agus conas a dhéanfar é seo. Is féidir an t-iarratas a iniúchadh ag oifigí an údaráis áitiúil agus is féidir le duine ar bith aighneacht scríofa a dhéanamh i rith na sé seachtaine i ndiaidh é a chur isteach. Má dhéanann tú aighneacht dá leithéid, caithfear tú a chur ar an eolas faoi chinneadh an údaráis áitiúil.
Is féidir leis an údarás áitiúil coinníollacha éagsúla a cheangail leis an gcead lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le húsáid scipí bruscair in áiteanna poiblí. Mar shampla, is féidir go mbeidh riachtanas ann go ndéanfaí scipí bruscair a shoilsiú istoíche. (D'fhéadfadh sé seo a bheith ina riachtanas de réir na bhfodhlíthe a eisíodh faoi Acht na mBóithre 1993. Ligeann Alt 72 d'Acht na mBóithre 1993 d'údaráis áitiúla fodhlíthe a dhéanamh a rialaíonn úsáid scipí bruscair ar bhóithre poiblí)
Caithfear na ceadanna a athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach dhá bliain. Ní mór don údarás áitiúil eolas faoi na ceadanna go léir a bhronntar a chur in iúl don GCC agus coimeádann an GCC clár de na ceadanna seo. Ní mór don údarás áitiúil clár na n-iarratas agus na gceadanna a eisítear a choinneáil.
Dramhaíl Teaghlaigh
Tá oibleagáid ghinearálta ar údaráis áitiúla chun dramhaíl intíre a bhailiú nó socrú a dhéanamh ina leith. Tá roinnt eisceachtaí i gceist anseo, mar shampla, dá mbeadh na costais atá i gceist rómhór. Is féidir go gcuirfidh an t-údarás áitiúil iachall ar shealbhóirí tí dramhaíl a sholáthar i gcaoi áirithe – mar shampla, is féidir go gcuirfeadh sé iachall ort cineálacha gabhdán áirithe a úsáid. Tá iachall air áiseanna a chur ar fáil chun dramhaíl teaghlaigh a aisghabháil agus a dhiúscairt agus is féidir leis áiseanna a chur ar fáil gur féidir leat dramhaíl nó cineálacha dramhaíola áirithe a bheir chucu (a bhfuil aithne orthu mar "áiseanna beir chuige")
Is féidir le húdaráis áitiúla táille a ghearradh as seirbhísí bailithe dramhaíola. Faoin Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, 2003, tugtar cumhacht don Bhainisteoir cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal na dtáillí agus cé atá i dteideal tarscaoilte. Tugann an tAcht an chumhacht do na húdaráis áitiúla diúltú dramhaíl a bhailiú ó shealbhóirí tí nach bhfuil na táillí íoctha acu.
Oibleagáidí Dualgais an Táirgeora
Is éard is brí le "Oibleagáid dualgais an táirgeora" ná riachtanas chun céimeanna a ghlacadh ionas go ndéanfadh táirgeoir na dramhaíola an dramhaíl a chosc, a íoslaghdú, a theorannú nó a aisghabháil. Tá iachall ar gach éinne a dhéanann gníomhaíocht talmhaíochta, tráchtála nó tionsclaíoch cosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar tháirgeadh na dramhaíola ón ngníomhaíocht sin.
Tá comhaontú deonach idir an Rialtas agus Repak Ltd chun bailiú agus aisghabháil dramhaíola pacáistithe a chur chun cinn, a chomhordú agus a mhaoiniú d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir um Dhramhaíl Pacála (féach thuas) a bhaint amach. Tá scéim chomhionainn i bhfeidhm maidir le plaistigh feirme agus tá scéim eile cosúil léi á moladh le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.