Is comórtas náisiúnta é Comórtas na mBailte Slachtmhara a reáchtálann an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil. Tugtar marcanna do bhailte sa chomórtas seo i gcomhair gach gné dá dtimpeallacht áitiúil. Tá comórtais na mBailte Slachtmhara á reáchtáil ó 1958 i leith agus spreagann sé breis agus 700 pobal áitiúil le dhul san iomaíocht gach bliain chun duais airgid agus an teideal 'An Baile is Slachtmhaire in Éirinn' a bhuachan.
Cuirtear tús le comórtas na mBailte Slachtmhara i Márta nó Aibreán gach bliain. Déantar breithiúnas ar na bailte a chuireann isteach air i Meitheamh, Iúil agus Lúnasa gach bliain agus fógraítear na torthaí ag Searmanas na nDámhachtainí Náisiúnta i Meán Fómhair.
Is rud deonach é cur isteach ar chomórtas na mBailte Slachtmhara agus féadfaidh gach sráidbhaile, baile agus ceantar cathrach sa Stát iarratas a dhéanamh. Is comórtas é i gcomhair pobail áitiúla ar spéis leo cáilíocht a dtimpeallachtaí a fheabhsú agus cur le meanma an phobail sa chaoi sin. Is coistí deonacha tríd is tríd a chuireann isteach ar an gcomórtas. Aithníonn siad an obair is gá a dhéanamh agus cuireann siad i gcrích é i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara áitiúla (mar údaráis áitiúla, cuideachtaí, cumainn cónaitheoirí, oibrithe deonacha srl.).
Tugtar an teideal ‘An Baile is Slachtmhaire in Éirinn’ don bhaile a bhuann an comórtas, buann siad duais airgid agus bronntar trófaí buan agus plaic orthu. Bronntar an dámhachtain ar an gcoiste agus úsáidtear é de ghnáth mar mhaoiniú i gcomhair gníomhaíochtaí an choiste an bhliain dar gcionn. Roghnaítear an buaiteoir is fearr san iomlán ó na buaiteoirí sna ceithre chatagóir: an Sráidbhaile is Slachtmhaire, an Baile Beag is Slachtmhaire, an Baile Mór is Slachtmhaire, agus an Lárionad Mór Uirbeach is Slachtmhaire. Tugtar duais airgid agus trófaí buan don bhuaiteoir i ngach ceann de na catagóirí sin. Bíodh is go mb'fhéidir nach bhfaigheadh ceantar dóthain marcanna chun ceann de na dámhachtainí sin a bhuachan d’fhéadfadh sé duais speisialta a fháil i gcomhair tionscadal a cuireadh i gcrích sa phobal.
Déantar na rannpháirtithe a mheas faoi dheich gcritéar agus bíonn 400 marc ar an iomlán ag dul dóibh mar seo a leanas:
Tá na critéir sin leathan agus ceapadh mar sin iad d’aon ghnó chun go bhféadfaí gach rud a chur san áireamh idir shainghnéithe stairiúla agus cultúrtha na háite agus caomhnú áiseanna fiadhúlra agus nádúrtha. Tá cead ag na rannpháirtithe a insint do na moltóirí faoi fho-limistéir faoi leith a d’fhéadfaidís breathnú orthu ach déanann na moltóirí an baile nó an sráidbhaile a mheas ina iomláine. Is éard a dhéanann na moltóirí de ghnáth nuair nach mbíonn teorainneacha an cheantair soiléir (i gceantair uirbeacha mar shampla) ná an limistéar go léir atá laistigh de chiliméadar ó lár an bhaile a mheas.
Níl aon táille iontrála i gceist i gcomhair an chomórtais ach caithfidh tú an chatagóir cheart a iontráil i gcomhair daonra do bhaile. Féadfaidh tú méid an daonra sin a fháil ón Daonáireamh is déanaí atá ar fáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
| Catagóir | An Daonra |
| A | Faoi bhun 200 |
| B | 201-1,000 |
| C | 1,001-2500 |
| D | 2,501-5,000 |
| E | 5,001-10,000 |
| F | 10,001-15,000 |
| G | 15,001-25,000 |
| H | 25,001 agus os a chionn |
Féadfaidh tú foirm iarratais i gcomhair comórtas na mBailte Slachtmhara a iarraidh ó Aonad na mBailte Slachtmhara sa Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.
Ba cheart foirmeacha iarratais i gcomhair chomórtas na mBailte Slachtmhara a sheoladh chuig an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil ag an seoladh thíos.
An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil
Sráid Taoiling
Tobar an Choire
Sligeach
Teil:(071) 910 7802
Láithreán Gréasáin: http://www.tidytowns.ie/
R-phost: tidytowns@environ.ie
Campas Gnó Sord
Bóthar Balheary
An Sord
Co. Átha Cliath
Teil:+ 353(0)1 895 1321
Lóghlao:1890 236 787
Facs:+353(0)1 895 1399
Láithreán Gréasáin: http://www.census.ie/
R-phost: census@cso.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.