Is gás radaíghníomhach é radón a tharlaíonn go nadúrtha ó lobhadh úráiniam i gcarraigeacha agus i dtalamh. Is gás gan dath, boladh ná blas é agus ní féidir é a thomhais ach amháin le fearas speisialta. Nuair a thagann radón go barr talaimh amuigh faoin aer caolaítear é go scioptha go tiúchán gan dochar, ach nuair a thagann sé isteach i spás crioslaithe cosúil le teach nó foirgneamh eile, d'fhéadfadh sé amanna a mhéadú do thiúchán nach féidir glacadh leis. Tagann radón ón talamh isteach i bhfoirgnimh go háirithe trí scoilteanna in úrláir, timpeall ar phíopaí nó cáblaí.
Lobhann radón go dtí míreanna beaga bídeacha agus fanann cuid acu ag foluain san aer. Nuair a ionálaítear na míreanna seo isteach sna scámhóga tugann siad miosúr radaíochta a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do chealla na scámhóg agus d'fhéadfadh ailse scamhóige a bheith mar thoradh air.
Tá sé cruthaithe go bhfuil radón ina chionsiocair le hailse, go háirithe ailse scamhóg; d’fhéadfadh nochtadh fadtéarmach do leibhéil arda gás radóin i limistéar iata a bheith ina shiocair bhreise le baol na hailse scamhóige a mhéadú, go háirithe má tá tosca eile amhail caitheamh tobac i gceist freisin.
Is í an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch (IÉCR) an eagraíocht náisiúnta a bhfuil freagrachtaí rialaithe, monatóireachta agus comhairle uirthi maidir le nithe a bhaineann le radaíocht ianaithe. Déanann sí leibhéil radóin a mheas agus tá na háiteanna sin sa tír is dóigh a bhfuil leibhéil arda radóin laistigh iontu aitheanta aici.
Foilsíonn an IÉCR léarscáil radóin idirghníomhach. Is féidir leat seoladh a chur isteach agus féachaint an ‘Limistéar Ard-Radóin’ é. Is féidir leat breathnú ar thábla ina bhfuil achoimre ar thorthaí an tsuirbhé radóin do gach contae ó na 1990í.
Tá eolas i Leabhrán faoi Radón i dTithe (Radon in Homes booklet) (pdf) an IÉCR ar radón agus ar an dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh duit, agus tá cur síos ann ar na bealaí inar féidir an nochtadh do leibhéil radóin i do theach a laghdú. Is féidir leat freisin breathnú ar ceisteanna coitianta faoi radón nó an tseirbhís 'cuir ceist ar an saineolaí' a úsáid do cheisteanna eile.
Molann an IECR go bhfaigheadh gach sealbhóir tí scrúdú le haghaidh radóin dá theach. Cuireann an IECR (agus cúpla comhlucht phríomháideach) seirbhís tomhais ar fáil.
Tá sé furasta an léibhéal radóin i dteach a thomhais. De ghnáth, déantar é seo trí dhá dheis bheag (brathadóirí) a chur sa teach ar feadh 3 mhí. Ag deireadh na tréimhse seo, cuirtear na brathadóirí ar ais go dtí an saotharlann scrúdaithe le haghaidh próiseála. Déantar an próiseas uilig tríd an bpost. Moltar tréimhse scrúdaithe 3 mhí mar d'fhéadfadh léibhéil radóin i dteach a athrú go mór ó lá go lá mar gheall ar athruithe aimsire, aerú, úsáid an fhoirgnimh agus araile.
Is seirbhís faoi rún í an tseirbhís tomhais radóin. Ní thabharfaidh an IECR torthaí tomhais ar bith d'aon duine ach amháin an duine a rinne iarratas go ndéanfaí an tomhas.
Cuireann an IECR seirbhís tomhais radóin (dhá brathadóir radóin atá i
gceist) ar fáil do shealbhóirí tí ar €56 euro.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thomhas radóin i do theach agus íoc as ar líne.
Is féidir leat foirm
iarratais ar thomhas radóin i do theach a íoslódáil agus í chur ar ais
chuig an IÉCR le d’íocaíocht.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.