Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Cosaint Chomhshaoil > Cosaint chomhshaoil an dúlra agus na bithéagsúlachta

Print Page Send to a Friend

Cosaint chomhshaoil an dúlra agus na bithéagsúlachta

Eolas

Is éard is bithéagsúlacht ann ná éagsúlacht na bplandaí difriúla, na n ainmhithe difriúla agus na miocrorgánach difriúil, mar aon lena ngéinte agus na héiceachórais a bhfuil siad mar chuid díobh. Tá an bhithéagsúlacht tábhachtach dár marthanas agus dár bhforbairt gheilleagrach. Cuirtear slándáil bhia agus aimsiú leigheasanna nua i mbaol trí bhithéagsúlacht a chailleadh. Bíonn earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a ndéantar talamh slán dóibh go minic, mar shampla aer glan agus uisce úr, faoi bhagairt de bharr éiceachórais ag dul i léig.

Tá reachtaíocht in Éirinn agus san AE a bhfuil sé mar aidhm aici an bhithéagsúlacht a chinntiú trí ghnáthóga nádúrtha, agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú.

Treoir maidir le hÉin Fhiáine

Tá trí phríomhghné sa Treoir maidir le hÉin Fhiáine (is é sin Treoir 79/409/CEE maidir le héin fhiáine a chaomhnú):

  • Déantar foráil ann do chaomhnú gnáthóg, lena n áirítear ceanglas chun Limistéir faoi Chosaint Speisialta a ainmniú le haghaidh speicis imirceacha agus leochaileacha d’éin fhiáine
  • Cuirtear cosc ar ghníomhaíochtaí a bhagraíonn d’éin (amhail neadacha a scriosadh d’aon turas agus uibheacha a thógáil) agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara amhail éin bheo nó mharbha a thrádáil
  • Bunaítear rialacha a chuireann teorainn le líon na speiceas is féidir a sheilg, leis na tréimhsí inar féidir iad a sheilg, agus leis na modhanna seilgthe atá ceadaithe.

Treoir maidir le Gnáthóga

Déantar foráil sa Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus flóra agus fána fiáin a chaomhnú) do ghréasán láithreán faoi chosaint a chruthú ar a dtugtar Natura 2000. I measc na láithreán seo, áirítear Limistéir faoi Chosaint Speisialta (faoin Treoir maidir le hÉin Fhiáine) agus láithreáin eile a mholann ballstáit an AE a chomhlíonann critéir shonraithe eolaíochta. Ní mór na láithreáin ainmnithe sin a riar de réir na gcosaintí atá leagtha amach sa Treoir. Ciallaíonn seo go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist:

  • Réamh-mheasúnacht ar phleananna agus ar thionscadail a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh
  • Ceanglas nach ndéanfar na pleananna agus na tionscadail seo a fhaomhadh ach amháin más leas sáraitheach atá iontu agus mura bhfuil réiteach ar bith eile ann
  • Bearta chun gnáthóga cúiteacha a chur ar fáil má dhéantar dochar do ghnáthóga.

Déantar foráil sa Treoir freisin do chosc ar íosghrádú áiteanna síolrúcháin agus láithreacha scíthe le haghaidh speicis áirithe ainmhithe. Cuirtear an reachtaíocht seo i bhfeidhm in Éirinn leis an Acht um Fhiadhúlra 1976, leis an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 agus le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997.

An Bhithéagsúlacht

Ghlac an AE le straitéis maidir leis an mbithéagsúlacht i 1998. Glacadh le ceithre phlean gníomhaíochta maidir le bithéagsúlacht:

  • Acmhainní nádúrtha a chaomhnú
  • Talmhaíocht
  • Iascaigh
  • Comhoibriú eacnamaíoch agus forbartha.

Tá an AE ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. I measc nithe eile, tiomnaíonn an coinbhinsiún seo na páirtithe do ghréasán a chruthú de limistéir chosanta agus chaomhnaithe an dúlra chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Tá an AE ina pháirtí i roinnt Coinbhinsiún eile lena n áirítear an Coinbhinsiún maidir le Speicis Imirceacha (Coinbhinsiún Bonn), an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Berne) agus an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe
    An Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe, scéim cúnamh ioncaim atá dhá rith ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaireachtaí agus Bia.
  • Foraoiseacha Mílaoise in Éirinn
    Mar chuid den cheiliúradh ar bhliain na mílaoise (bliain 2000) plandáileadh ós cionn 1.2 milliún crann in Éirinn thar cheann gach teaghlach sa tír. Faigh amach cá bhfuil do chrann lonnaithe.
  • Measúnacht Tionchair Timpeallachta
    Bíonn Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta de dhíth faoi dhlí an AE agus na hÉireann le haghaidh tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha. Is é cuspóir na Measúnachtaí anailís a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.