Núis torainn

Réamhrá

Tugtar cuntas sa cháipéis seo ar na príomhshaghsanna torainn is féidir bheith ina gcúis le núis agus an reachtaíocht a dhéileálann leis an torann sin. Tá róil ag comhlachtaí éagsúla maidir le gearáin faoi shaghsanna nó foinsí éagsúla torainn – déantar cur síos orthu seo faoi na teidil ábhartha thíos. Tá faisnéis ghinearálta faoi thruailliú torainn ar askaboutireland.ie.

Is í an phríomhreachtaíocht an tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, a thugann sainmhíniú ar thruailliú na timpeallachta amhail torann a áireamh atá ina núis, nó torann a chuirfeadh sláinte dhaonna i mbaol nó a dhéanfadh díobháil do mhaoin nó don timpeallacht. Déantar foráil san acht do ghníomhartha éagsúla atá le déanamh chun cosc nó teorainn a chur ar thruailliú torainn. Tá cumhachtaí ag údaráis áitiúla faoin Acht a cheangal go ndéantar bearta chun torann a chosc nó a theorannú, agus féadfaidh tú núis torainn a chur in iúl do Rannóg Comhshaoil an údaráis áitiúil ábhartha.

Chomh maith leis sin, soláthraíonn rialacháin a rinneacdh faoin Acht rochtain dhíreach ar na cúirteanna do dhaoine aonair nó do ghrúpaí atá buartha faoi thorann iomarcach. Tugtar cuntas sa Treoir maidir leis na Rialacháin Torainn (pdf) ar na bearta is féidir leat a ghlacadh má tá tú thíos le núis a bhfuil torann mar chúis léi.

Léigh tuilleadh faoi chúiseanna le núis torainn agus cad is féidir leat a dhéanamh.

Torann áitreabh, próisis nó oibreacha tráchtála

Tugann an tAcht an chumhacht don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) chun bearta a dhéanamh le comhlíonadh téarma fógra chun torann a rialú a chinntiú maidir le haon áitreabh, próiseas nó oibreacha agus chun costas an ghnímh sin a aisghabháil. Féadfaidh an GCC a cheangal ar an duine nó an comhlacht bearta sonracha a dhéanamh chun torann a chosc nó a theorannú. Ní mór d’aon duine a gceanglaíonn an GCC orthu na bearta sonracha sin a dhéanamh, amhlaidh a dhéanamh nó déanfar iad a ionchúiseamh.

Tá a mhacasamhail de chumhachtaí ag údaráis áitiúla atá ag an GCC maidir le háitribh, próisis agus oibreacha seachas iad siúd a dteastaíonn ceadúnú uathu faoin Acht. Féadfaidh an t-údarás áitiúil fógra a sheirbheáil ar an duine atá i gceannas ar thithe tábhairne, dioscónna, próisis nó oibreacha, mar shampla. Ceanglaíonn an fógra seo ar an duine atá i gceannas chun pé bearta a dhéanamh a leagtar amach san fhógra chun torann a chosc nó a theorannú. Féadfaidh an t-údarás áitiúil ionchúiseamh a dhéanamh má theipeann ar dhuine an fógra a chomhlíonadh. Mar rogha air sin, féadfaidh siad bearta a dhéanamh le comhlíonadh a chinntiú agus costais na mbeart seo a aisghabháil ón duine atá i gceannas.

Ní féidir le tithe tábhairne licéar a dhíol ach má tá ceadúnas acu, a dhéanann na cúirteanna a athnuachan gach bliain. Féadfaidh duine ar bith aighneacht a dhéanamh i leith ceadúnas a dheonú ar bhunúis éagsúla, lena n-áirítear nuair nach rabhthas ag tabhairt faoi ghníomhaíocht an áitribh ar bhealach síochánta agus ordúil. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

Tá an chumhacht ag an GCC chun fógraí a sheirbheáil maidir le gníomhaíochtaí a cheadúnaíonn siad, ar nós gníomhaíochtaí diúscartha dramhaíola agus gníomhaíochtaí a dteastaíonn ceadúnais um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT) uathu.

Torann timpeallachta

Tugann na Rialacháin um Thorann Timpeallachta, 2006 éifeacht do Threoir 2002/49/CE ón AE maidir le measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar thorann timpeallachta.

Ciallaíonn torann timpeallachta fuaim gan iarraidh nó dhíobhálach faoin spéir a chruthaíonn gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear torann ó iompar, trácht ar bhóithre, aerthrácht, agus ó láithreáin ghníomhaíochta tionsclaíche. Baineann an Treoir le torann a nochtar daoine dó, go háirithe i gceantair thógtha, páirceanna poiblí nó limistéir chiúine eile laistigh de cheantair thógtha, agus i gceantair chiúine i dtír fhairsing, i ngar do scoileanna, ospidéil agus foirgnimh agus ceantair atá torann-íogair. Ní bhaineann sé le torann ó ghníomhaíochtaí baile, torann a chruthaíonn comharsana, torann ag ionaid oibre nó torann taobh istigh de mheáin iompair nó mar gheall ar ghníomhaíochtaí míleata i limistéir mhíleata.

Faoin Treoir, ceanglaítear ar údaráis áitiúla pleananna gnímh a chur i dtoll a chéile chun torann timpeallach a laghdú. Tugann an GCC faoi mhaoirsiú ginearálta ar fheidhmeanna agus gníomhartha údarás áitiúil maidir leis an ngné seo dá n-obair.

Nuair a bhíonn cead pleanála á dheonú, tá an chumhacht ag an údarás áitiúil a fhoráil go gcuirtear coinníollacha maidir le cosc nó laghdú ar thorann san áireamh sa chead. Féadfaidh na coinníollacha seo baint leis an gcéim thógála agus/nó leis an úsáid a bhaintear as an bhfoirgneamh ina dhiaidh sin. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh leis an mBord Pleanála i gcoinne aon chinn de na ceanglais sin (nó éagmais na gceanglas siúd).

Torann baile

Tá an chumhacht ag na Gardaí chun duine a ghabháil má sháraíonn siad síocháin in áit phoiblí.Féadfaidh siad iarraidh ar dhuine chun an torann a ísliú atá ag teacht ó áit chónaithe ach níl an chumhacht acu chun áit chónaithe a iontráil agus gan a bheith de rún acu ach iarraidh ar dhuine an torann a ísliú. Má leanann an torann ar aghaidh, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche – féach 'Gearáin faoin Acht um an GCC' thíos. Tá faisnéis úsáideach le fáil sa bhileog ar dhíospóidí idir chomharsain (pdf) de chuid FLAC.

Áiteanna cónaithe ar cíos

Má tá an torann ag teacht ó áit chónaithe ar cíos agus mura bhfaigheann tú freagairt shásúil ó na tionóntaí, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an tiarna talún – cibé acu más tiarna talún príobháideach, údarás áitiúil nó comhlachas tithíochta atá i gceist.

dualgais áirithe ar thionóntaí in áiteanna cónaithe ar cíos. Ina measc seo tá gan tabhairt faoi iompar frithshóisialta, lena n-áirítear torann comhsheasmhach a chuireann isteach ar chónaí síochánta in áiteanna cónaithe eile. Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC) má theipeann ar thiarna talún príobháideach nó ar chomhlachas tithíochtadualgas na dtionóntaí a chur i bhfeidhm maidir le torann.

Faoin Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, tá dualgas ar thionóntaí tithíocht údaráis áitiúil a sheachaint chun aon núis (torann san áireamh) a chruthú d’áititheoirí aon áit chónaithe eile. Má leanann an torann ar aghaidh, tá a gcomhaontú tionóntachta á shárú ag na tionóntaí agus féadfaidh an t-údarás áitiúil bearta a dhéanamh chun téarmaí an chomhaontaithe a fhorfheidhmiú.

Aláraim

Ceanglaítear ar shuiteálaithe córais aláraim ceadúnais a bheith acu ón Údarás Slándála Príobháidí. Chun ceadúnas a fháil, is gá dóibh cloí le caighdeáin áirithe, tréimhsí uasta san áireamh chun aláraim sheachtracha a shéideadh – is é an tréimhse uasta faoin gcaighdeán Eorpach 15 nóiméad. Féadfaidh an t-údarás áitiúil, an GCC nó duine aonair gníomh a dhéanamh faoin Acht fán GCC chun déileáil le sáruithe ar na caighdeáin seo.

Madraí

Déileálann alt 25 den Acht um Rialú Madraí, 1986 le núis a chruthaíonn madraí atá ag tafann. Mura bhfaigheann tú freagairt shásúil ó úinéir an mhadra, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche, agus an fhoirm a fhorordaítear faoin Acht um Rialú Madraí á húsáid. Tá fáil ar na foirmeacha seo ó údaráis áitiúla.

Féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh a cheanglaíonn ar áititheoir an áitribh ina gcoimeádtar an madra chun deireadh a chur leis an núis trí mhadra a rialú go cuí. Féadfaidh an chúirt líon na madraí is féidir a choimeád ar áitreabh a theorannú nó a ordú go dtugtar madra do mhaor madraí go ndéileálfar leis an madra mar mhadra gan iarraidh.

Léigh breis faisnéise faoi rialú madraí go ginearálta.

Torann iompair agus ionad oibre

Torann ó mhótharfheithiclí

Ceanglaíonn na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963 ar chiúnadóir nó gléas eile a shuiteáil i bhfeithiclí a oireann do thorann a laghdú anuas go dtí leibhéal réasúnta a chruthaíonn éalú gáis sceite ón inneall agus cuireann na Rialacháin toirmeasc ar fheithicil a úsáid a chruthaíonn aon torann iomarcach in áit phoiblí. Áirítear leis an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG) measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chiúnadóra chun an torann a chruthaíonn an sceithphíopa a laghdú.

Forálann na Rialacháin seo, chomh maith, nach féidir le tiománaí adharc a úsáid ach amháin chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí bóithre maidir le baol atá amach romhat, nó chun iad a chur ar an eolas faoi láithreacht an tiománaí ar mhaithe le cúiseanna sábháilteachta nuair is gá go réasúnta. Ní féidir adharc a úsáid i gceantar tógtha idir 11pm agus 7am mura bhfuil éigeandáil tráchta ann.

Déan teagmháil leis na Gardaí más mian leat gearán a dhéanamh faoi sháruithe ar na rialacha seo.

Leag caighdeáin an AE d’aláraim ghluaisteáin teorainneacha íosta agus uasta síos chun an t-aláram a shéideadh (25 soicind ar a laghad agus 30 soicind ar a mhéid).

Torann ó aerárthaí

Údarás Eitlíochta na hÉireann (ÚEÉ) freagrach as torann ó aerárthaí a rialú. Cuireann Rialacha na gComhphobal Eorpach (Rialacha agus Nósanna Imeachta Aerloingseoireacht agus Aeriompair maidir le Srianta Oibriúcháin a bhaineann le Torann ag Aerfoirt), 2003 rialacha an AE maidir le torann ag aerfoirt mhóra i bhfeidhm in Éirinn.

Torann san ionad oibre

Déileálann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta le fiosrúcháin a bhaineann le torann san ionad oibre agus d’fhoilsigh siad sraith ceisteanna coitianta ar an tsaincheist seo. Is féidir leat tuilleadh a léamh inár gcáipéis ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair.

Gearáin faoin Acht um an GCC

Cé nach luaitear go sonrach sa dlí leibhéal nó caighdeán cruinn torainn atá in aghaidh an dlí, is soiléir, má tá torann comharsanachta ag cur isteach ar do cháilíocht beatha, go bhfuil an ceart agat chun gearán a dhéanamh. Má tá sé beartaithe agat gearán a dhéanamh faoi thorann iomarcach, moltar go ginearálta go gcoimeádann tú dialann mhionsonraithe faoi na hamanna a tharla an torann, fad an torainn agus, más féidir, na leibhéil a bhí i gceist.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an duine nó an gnó a bhfuil an torann á chruthú acu, a mhíniú gur núis atá ann agus iarracht a dhéanamh chun réiteach a bhaint amach ar féidir leis an mbeirt agaibh glacadh leis.

Iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche

Mura n-oibríonn seo, ceadaíonn an tAcht d’aon duine, údarás áitiúil nó don GCC gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche faoi thorann atá ‘chomh glórach, chomh leanúnach, chomh leantach sin, a mhaireann chomh fada sin nó atá ar an airde sin nó a tharlaíonn ag na hamanna sin gurb ionann é agus cúis réasúnta le cur isteach ar dhuine ina aon áitreabh sa chomharsanacht nó ar dhuine a bhaineann úsáid dhleathach as aon áit phoiblí agus ordú a lorg chun déileáil leis an núis torainn. Gearrtar táille bheag.

Téigh i gcomhairle le Cléireach na Cúirte Dúiche áitiúla faoi choinne a fháil chun éisteacht le do chás. Beidh ort tagairt chruinn a dhéanamh don reachtaíocht faoina bhfuil do ghearán á dhéanamh agat – Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 agus na Rialacháin an Achta fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Torann), 1994.

Ar a laghad 7 lá roimh dháta éisteachta do cháis, ní mór duit fógra a sheirbheáil ar an duine nó an gnó a bhfuil gearán á dhéanamh agat fúthu, agus úsáid a bhaint as foirm fógra torainn an Achta fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Is tábhachtach an fhoirm fógra seo a úsáid agus chun í a chomhlánú go hiomlán agus go cruinn.

D’fhéadfadh go mbeadh cosaint ag duine a dhéanann torann i gcaitheamh trádála nó gnó más féidir a thaispeáint gur tugadh an aire réasúnta go léir chun an torann a chosc nó go bhfuil an torann i gcomhréir le ceadúnas a eisíodh faoin Acht.

Má thugann an chúirt breithiúnas i d’fhabhar, féadfaidh siad an duine nó an comhlacht a dhéanann, nó atá mar chúis leis an torann nó atá freagrach as an torann a ordú chun bearta a dhéanamh chun an torann a chosc nó a theorannú. Ní mór na horduithe sin a chomhlíonadh.

Page edited: 10 August 2016