Leis an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, arna leasú ag an Acht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) 2001 agus an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003, tugadh isteach pionóis láidre in Éirinn chun dul i ngleic le truailliú bruscair ar bhealach níos éifeachtaí. Tugtar sainmhíniú leathan ar 'bhruscar' faoin reachtaíocht sin agus tá idir phíosaí páipéir nó toitíní caite agus aon rud beag nó mór atá gránna ar an tsúil, nó a éireoidh gránna ar an tsúil, i gceist leis.
Tá d’údarás áitiúil freagrach as na dlíthe maidir le bruscar a chur i bhfeidhm i do cheantar. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé freagrach as bruscar a chosc agus a rialú agus go bhfuil sé de chumhacht aige gníomh forfheidhmithe a ghlacadh i gcoinne daoine a sháraíonn na dlíthe sin nó a dhéanann neamhaird díobh. Tá d’údarás áitiúil freagrach as áiteanna poiblí atá faoina cheannas (lena n-áirítear bóithre poiblí), a choinneáil chomh saor ó bhruscar agus is féidir. Cuimsíonn sé sin cláir ghlantóireachta a eagrú agus araidí a sholáthar agus a fholmhú. Tá sé de chumhacht ag na Gardaí freisin fíneálacha ar an láthair a eisiúint de bharr cionta bruscair.
Tá sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil plean bainistíochta bruscair a ullmhú i gcomhair a cheantair féin. Leagann an plean sin amach cuspóirí an údaráis áitiúil chun bruscar a chosc agus a rialú chomh maith le bearta chun feasacht phoiblí ar bhruscar a spreagadh. Ní mór don phlean freisin na bearta agus na socruithe a leagan amach trína bhfuil sé beartaithe ag an údarás áitiúil a chuid cuspóirí a chomhlíonadh. Agus plean bainistíochta bruscair á ullmhú, tá sé de dhualgas ar an údarás áitiúil dul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus le páirtithe leasmhara deonacha sula nglacann baill na comhairle leis an bplean.
Is cion é bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí agus d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair de €150 a ghearradh ort nó uasfhíneáil de €3,000 má chiontaítear tú as cion bruscair sa Chúirt Dúiche Áit a leanann cion ar aghaidh tar éis ciontaithe, beidh an té atá i gceist ciontach as cion eile agus beidh sé/sí dlite fíneáil nach sáróidh 600 euro a íoc le haghaidh gach lá a leanann sé/sí ar aghaidh leis an sárú. Leis an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil tugadh isteach ciontú ar díotáil agus tugann sé sin uasfhíneáil nach sáróidh €130,000 agus fíneáil nach sáróidh €10,000 in aghaidh an lae as ciontaí leanúnacha leis.
Féadann maor bruscair atá ceaptha ag d’údarás áitiúil nó ball den Gharda Síochána fíneáil ar an láthair a eisiúint ort. Má chiontaítear tú as cion bruscair, d’fhéadfadh sé go n-éileodh an chúirt ort íoc as costais an údaráis áitiúil i gcomhair fiosrú a dhéanamh ar an gcion chomh maith le haon chostas a fulaingíodh agus an t-ionchúiseamh á dhéanamh.
Más úinéir tú ar áit ag a bhfuil rochtain ag an bpobal (.i. áiteanna mar champas scoile, páirc phoiblí, stáisiún traenach nó bus nó purláin ionad siopadóireachta), nó má tá freagracht ort as áit den sórt sin, tá sé de dhualgas ort de réir an dlí an áit a choimeád saor ó bhruscar, is cuma conas a cuireadh an bruscar ann.
Tá sé de dhualgas freisin ar úinéir nó áititheoir réadmhaoine príobháidí is féidir a fheiceáil ó áit phoiblí, an réadmhaoin a choimeád saor ó bhruscar. Ciallaíonn sé nach mór aon áit lasmuigh ar do réadmhaoin is féidir a fheiceáil ó áit phoiblí a choimeád saor ó bhruscar. Má mhainníonn tú do réadmhaoin a choimeád saor ó bhruscar d’fhéadfadh sé go ngearrfadh d’údarás áitiúil fíneáil ort nó go ndéanfaí tú a ionchúiseamh.
Áit ar carnadh bruscar ar réadmhaoin ar chúis ar bith agus ar féidir an bruscar sin a fheiceáil ó áit phoiblí, féadann an t-údarás áitiúil fógra a eisiúint ar an úinéir nó áititheoir ag éileamh air/uirthi fáil réidh leis an mbruscar láithreach. Féadann fógra den sórt sin bearta réamhchúraim a leagan síos atá le cur i bhfeidhm chun nach dtarlódh an rud céanna arís. Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn úinéir nó áititheoir réadmhaoine gach rud a iarradh air a dhéanamh, tá sé de chumhacht ag an údarás áitiúil cibé rud atá riachtanach a dhéanamh é féin agus éileamh ar an úinéir nó áititheoir na costais go léir a bhí i gceist a íoc.
Éilítear ar thionscnóirí nó eagraithe imeachtaí móra (i. cluichí peile agus imeachtaí sóisialta agus spóirt) cinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm acu ag an ionad agus san áit timpeall air, roimh an imeacht, lena linn agus ina dhiaidh. Féadann an t-údarás áitiúil tabhairt faoin tasc sin ach ní mór don tionscnóir/eagraí na costais atá i gceist a fhulaingt.
Tá sé de dhualgas ar oibritheoir asraoin bia soghluaiste a dhíolann mearbhia nó asraoin eile mar iad siúd a dhíolann táirgí feirme araidí oiriúnacha a chur ar fáil timpeall a gcuid asraon. Freisin, ní mór dóibh aon bhruscar a bhíonn laistigh de 100 méadar óna gcuid asraon a bhí ag obair san áit a ghlanadh.
Mhéadaigh na dlíthe maidir le bruscar an chumhacht atá ag d’údarás áitiúil chun dumpáil neamhdhleathach dramhaíola agus bruscair a chomhrac. Má fheiceann tú daoine ag dumpáil go neamhdhleathach, ba cheart duit tuairisc a thabhairt do d’údarás áitiúil a dhéanfaidh fiosrúchán agus a ghlacfaidh aon ghníomh forfheidhmithe a theastaíonn.
Nó féadfaidh tú dumpáil neamhdhleathach a thuairisciú d’uimhir theileafóin íosghlao 24 uair an chloig 1850 365 121. Déanfaidh údaráis áitiúla, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Garda Síochána fiosrúchán faoin eolas de réir mar is cuí. Is féidir déileáil go rúnda le heolas a thugann tú ach moltar duit do shonraí teagmhála a thabhairt mar d’fhéadfadh sé go mbeadh údaráis ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leat maidir leis an bhfiosrúchán ar dhumpáil neamhdhleathach.
Má fhaigheann d’údarás áitiúil ábhar atá dumpáilte go neamhdhleathach agus má fhaigheann sé amach cé leis an t-ábhar, beidh cás le freagairt ag an duine sin agus ní gá go mbéarfaí air/uirthi agus é/í ag dumpáil. Ina theannta sin, tá cumhachtaí breise ar fáil do d’údarás áitiúil chun iarraidh ar shealbhóir tí nó oibreoir gnó tabhairt le fios cá háit agus cén chaoi a bhfuil siad ag diúscairt a gcuid dramhaíola. Tá sé sin ábhartha go háirithe mura bhfuil an sealbhóir tí nó úinéir gnó ag baint leasa as seirbhís bailiúcháin dramhaíola nó mura bhfuil siad ag tabhairt a gcuid dramhaíola chuig saoráid diúscartha údaraithe.
Ní mór d’úinéirí madraí dramhaíl a gcuid peataí a thógáil as áiteanna poiblí agus fáil réidh léi ar bhealach ceart. Baineann an oibleagáid sin leis na háiteanna seo a leanas:
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi fhreagrachtaí úinéirí madraí inár ndoiciméad faoi rialú madraí.
Cuireann an dlí cosc ar phóstaeir/comharthaí a chur suas ar chuaillí nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí mura bhfuil cead faighte agat ó úinéir an chuaille nó struchtúir eile sula gcuirtear suas na póstaeir/comharthaí agus éilítear go mbeadh ainm agus seoladh an duine ar an alt nó ar an bhfógra:
Tar éis toghcháin, ní mór do pháirtí/iarrthóir póstaeir a bhaint anuas laistigh de sheacht lá. Tar éis an dáta sin, eisíonn an t-údarás áitiúil fíneáil ar an láthair €150 i dtaobh gach ciona. Bainfidh d’údarás áitiúil an póstaer anuas agus eiseoidh sé fíneáil. Má eisítear fíneáil ar pháirtí/iarrthóir agus má dhiúltaítear íocaíocht a dhéanamh, is féidir iad a ionchúiseamh. Is é an t-uasphionós ar chiontú achomair de bharr neamhíoc na fíneála ná €3,000.
Tá sé neamhdhleathach bileoga fógraíochta a chur ar ghaothscáthanna gluaisteáin. Má tá sé ar intinn agat bileoga fógraíochta a scaipeadh ar an tsráid, ba cheart duit seiceáil ar dtús leis an údarás áitiúil chun féachaint ar thug siad isteach aon srianta áitiúla ar bhruscar, rud a bhfuil sé de cheart acu a dhéanamh.
Má bhíonn tú cúramach maidir leis an mbealach a shocraíonn tú do chuid dramhaíola a bhailiú, cabhróidh tú go mór chun bruscar a chosc. Mura bhfuil araid rothaí nó gnátharaid dramhaíola á húsáid agat cheana féin, ba cheart duit málaí plaisteacha láidre a úsáid agus málaí éadroime ar nós málaí ollmhargaidh a sheachaint. Ba cheart duit an bruscar a chur amach le bailiú maidin an bhailiúcháin agus gan é a dhéanamh an lá nó an oíche roimhe. Dá fhaide a fhágtar amuigh an bruscar atá le bailiú, is é is mó seans go gcruinneoidh madraí, cat, éin nó creimirí timpeall air. Is cion é dramhaíl tí a dhiúscairt in araidí sráide. Má dhéanann tú é sin, is féidir le d’údarás áitiúil tú a ionchúiseamh.
Chun eolas a fháil faoi na beartais i leith bruscair i do cheantar, lena n-áirítear eolas ar dhualgais agus ar oibleagáidí, uasfhíneálacha agus pionóis, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.
Is féidir leat dumpáil neamhdhleathach a thuairisciú chuig an uimhir íosghlao 24 uair an chloig 1850 365 121. Cuirtear gearáin ar aghaidh chuig comhordaitheoir a chuirfidh sonraí ar aghaidh chuig an údarás áitiúil, chuig an nGarda Síochána nó chuig an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Tá tuilleadh eolais ar mhonatóireacht bruscair agus cosc bruscair ar fáil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.