Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Cosaint Chomhshaoil > Athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil

Print Page Send to a Friend

Athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil

Réamhrá

Is féidir leis an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí poiblí a dhéanann comhlachtaí riaracháin agus na híoschúirteanna. I gcás athbhreithnithe bhreithiúnaigh, níl fiúntas an chinnidh de chúram ar an gcúirt ach dleathacht an phróisis chinnteoireachta, is é sin, conas a rinneadh an cinneadh agus a chothroime is atá sé.

Mura bhfuil údarás ag an gcinnteoir nós imeachta cóir a thabhairt duit nó mura dtugann sé duit é, is féidir leat imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh san Ard-Chúirt chun agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Caithfidh tú a chruthú go bhfuil “dóthain leasa” agat sna himeachtaí, is é sin, go ndeachaigh an cinneadh a bhfuil agóid agat ina choinne i bhfeidhm ort ar bhealach éigin. Ní mór duit a chruthú freisin go bhfuil cás inargóinte agat, is é sin, go bhfuil bunús le do chás.

Scrúdóidh an Ard-Chúirt an cinneadh agus an bealach a ndearnadh é. Má éiríonn leis an iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, féadfaidh an Ard-Chúirt an cinneadh a neamhniú nó a chealú ansin.

Athbhreithniú comhghnásach agus reachtúil

Dhá phríomhchatagóir atá in athbhreithniú breithiúnach:

  • Athbhreithniú breithiúnach comhghnásach: Tá an nós imeachta a rialaíonn athbhreithniú breithiúnach comhghnásach le fáil in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna. Tá eolas ar an nós imeachta le fáil inár ndoiciméad: Athbhreithniú breithiúnach ar chinntí poiblí.
  • Athbhreithniú breithiúnach reachtúil: Scéimeanna reachtúla sainiúla um athbhreithniú breithiúnach a bhaineann le réimsí ar leith de chinntí poiblí arna roghnú ag an Oireachtas do scéimeanna sainiúla mar gheall ar na ceisteanna beartais atá i gceist.

Forlíontar Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna le rialacha nós imeachta ar leith na scéimeanna um athbhreithniú breithiúnach. Déanann na scéimeanna reachtúla sin an fháil atá ar athbhreithniú breithiúnach a shrianadh trí ghnéithe amhail:

  • Tá teorainneacha ama maidir le hiarratas a dhéanamh ar chead chun imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh níos giorra
  • Ceanglais chun an cinnteoir a chur ar an eolas faoin iarratas ar chead
  • Tairseacha níos airde á gcur i bhfeidhm ag an Ard-Chúirt le linn di a bhreithniú an dtabharfaidh sí cead, mar shampla forais shubstaintiúla seachas cás inargóinte.

Nósanna Imeachta i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil

Ceadúnú Dramhaíola

Tá cinntí na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil maidir le ceadúnú dramhaíola faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnú) 2004 (IR 395/2004) faoi réir athbhreithnithe bhreithiúnaigh chomhghnásaigh de réir fhorálacha Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Údaráis phleanála

Baineann nós imeachta reachtúil sainiúil le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis phleanála. Leagtar síos in Ailt 50 agus 50A den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) an nós imeachta sin atá éagsúil ón gceann a ndéantar foráil dó in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Iarratais ar Cheadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú

Tá iarratais ar athbhreithniú breithiúnach maidir leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a bhaineann le hiarratais ar Cheadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT) faoi rialú reachta. Déantar foráil le hAlt 87(10) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 1992 (arna leasú leis an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 agus le hAlt 107(e) den Acht Seirbhísí Uisce 2007), maidir le hathbhreithniú breithiúnach nó nós imeachta dlíthiúil eile arna thionscnamh ag aon duine atá ag iarraidh ceist a ardú maidir le bailíocht chinneadh de chuid na Gníomhaireachta chun ceadúnas nó ceadúnas athbhreithnithe a thabhairt nó a dhiúltú taobh istigh de thréimhse 8 seachtaine. Is féidir leis an Ard-Chúirt an tréimhse seo a shíneadh, ar iarratas, sa chás go mbreithníonn sí go bhfuil cúis mhaith agus leordhóthanach ann chun é sin a dhéanamh. Níl aon riachtanas ar an duine a thionscnaíonn na himeachtaí seo leas a léiriú ná tionchar pearsanta féideartha a léiriú ná leas leordhóthanach a bheith aige/aici.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú ag iarraidh tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh, d’fhéadfadh sé go mbeidh tú ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le haturnae a dhéarfaidh le habhcóide ansin na páipéir a dhréachtú don chás. Má tá tú ag iarraidh do chostais dlí a choinneáil síos is féidir leat seasamh duit féin.

Costais

Níl aon ráta daingean táillí do chostais dlí in Éirinn mar sin ba cheart duit cúpla praghas luaite a fháil sula ndéanann tú cinneadh maidir le d’ionadaíocht dlí. Caithfidh d’aturnae na táillí a chur in iúl duit i scríbhinn a bheidh ort a íoc as a s(h)eirbhísí. Mura bhfuil an fhéidearthacht ann méid chinnte a thabhairt duit, ní mór dó/di suim a mheas nó ar a laghad cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfaidh sé/sí na táillí a ríomh.

I gcásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinntí faoi réir na bhforálacha de na rudaí seo a leanas:

  • Treoir 85/337/EC ar an measúnú den tionchar atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaoil.
  • Treoir 2001/42/EC ar an measúnú den tionchar atá ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaoil.
  • Treoir 2008/1/EC maidir le cosc agus smacht truaillithe chomhtháite.

Níl ar gach páirtí d’imeachtaí ach a gcostais dlí féin a íoc, ach amháin i gcúinsí áirithe. Tá sé seo leagtha amach in Alt 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasaithe) 2010 (pdf). Ach coinníonn an Chúirt an discréid costais a bhronnadh i gcásanna atá thar a bheith tábhachtach don phobail nó sa chás ina bhfuil sé iomchuí é a dhéanamh, dar leis an gCúirt:

  • Mar go bhfuil an t-éileamh nó an frithéileamh éadrom nó ciapálach
  • Mar gheall ar an gcaoi ina reáchtáil an páirtí na himeachtaí
  • Nuair atá an páirtí i ndíspreagadh cúirte
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Poiblí
    Is féidir leis an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí poiblí le dearbhú an bhfuil siad neamhdhleathach. Faigh amach conas imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscnamh.
  • Dlí timpeallachta na hEorpa
    Forbhreathnú ar reachtaíocht na hÉireann agus an AE, beartas agus cláir mhaoinithe do chosaint an chomhshaoil.
  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.