Is éard is Orgánach Géinmhodhnaithe ann ná orgánach a bhfuil a ábhar géiniteach athraithe. Is iondúil go gciallaíonn sé seo go gcuirtear ábhar géiniteach isteach i ngéanóm orgánach chun tréithe nua a ghineadh. (Is éard is géanóm ann ná ábhar géiniteach iomlán orgánach beo). Tá creat leathan dlí forbartha ag an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbaineann táirgí Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus táirgí a fhaightear ó Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe a fhástar, a ndéantar margaíocht orthu agus a onnmhairítear chuig an AE, caighdeáin sábháilteachta faoi leith amach.
Seo a leanas an phríomhreachtaíocht atá i bhfeidhm anois:
Déanann an reachtaíocht maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe foráil nach mór measúnú a dhéanamh ar na priacail a bhaineann do shláinte an duine agus don chomhshaol sula ndéantar aon orgánach géinmhodhnaithe nó táirge comhdhéanta de, nó ina bhfuil, orgánach géinmhodhnaithe a scaoileadh sa chomhshaol nó a chur ar an margadh.
Is iad na príomhghnéithe eile a bhaineann le rialú na nOrgánach Géinmhodhnaithe ná:
Más mian le cuideachta Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe a chur ar an margadh, ní mór di iarratas a sheoladh chuig an údarás áitiúil sa chéad bhallstát ina bhfuil an táirge chun a bheith curtha ar an margadh. (In Éirinn, is é seo Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann). Ní mór don chuideachta measúnú priacail comhshaoil a sheoladh isteach leis an iarratas. Má tá an t údarás náisiúnta ar son an iarratais, ní mór dó an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas, agus ansin cuirfidh an Coimisiún na ballstáit eile go léir ar an eolas. Mura bhfuil aon agóid ann, tugann an t údarás náisiúnta cead agus is féidir an táirge a chur ar an margadh sna ballstáit go léir. Má tá agóidí ann, iarrtar a dtuairimí ar na Coistí Eolaíochta. Má tá siad seo fabhrach, molann an Coimisiún Cinneadh don Choiste Rialaithe atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na ballstáit chun a dtuairim a fháil. Má thugann an Coiste Rialaithe tuairim fabhrach, glacann an Coimisiún leis an gCinneadh.
Mura dtugann, seoltar an dréacht-Chinneadh chuig Comhairle na nAirí chun go nglacfar leis trí thromlach cáilithe nó go ndiúltófar é. Mura bhfeidhmíonn an Chomhairle taobh istigh de 3 mhí, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an gcinneadh.
Cuireann an AE faisnéis ar fáil don phobal maidir leis an bpróiseas i ngach cás.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.