Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Cosaint Chomhshaoil > Dlí timpeallachta na hEorpa

Print Page Send to a Friend

Dlí timpeallachta na hEorpa

Eolas

Tá raon an-leathan reachtaíochta AE curtha i bhfeidhm i ndáil le cúrsaí timpeallachta. Is iad na príomhréimsí a chlúdaítear ná:

Tá go leor de reachtaíocht an AE um chosaint an chomhshaoil sách teicniúil, sa mhéid agus go leagtar amach cáilíochtaí teicniúla agus eolaíochta mionsonraithe. Is iondúil go gcuireann an reachtaíocht dualgas ar bhallstáit freisin faisnéis a sholáthar don Choimisiún Eorpach faoi mbealach a chuirtear na rialacha i bhfeidhm agus ar éifeachtacht na rialacha sin.

Lena chois sin, tá roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta ann ar chosaint an chomhshaoil. Go ginearálta, bíonn siad seo daingnithe ag an AE agus curtha i bhfeidhm trí reachtaíocht an AE.

Reachtaíocht an AE a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú

Is í an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, na húdaráis áitiúla agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na príomhfhorais atá freagrach as reachtaíocht chomhshaoil a chur i bhfeidhm in Éirinn. Is iad na hAchtanna comhshaoil is tábhachtaí ná:

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992
An tAcht um Bainistiú Dramhaíola 2001
An tAcht um Bainistiú Dramhaíola (Leasú) 2001
An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 agus An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) (Leasú) 1990
An tAcht um Thruailliú Aeir
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000
An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003

Lena chois sin, tá raon ionstraimí reachtúla ann a chuireann reachtaíocht i bhfeidhm a bhaineann le Treoracha áirithe. Tá faisnéis maidir leis na hionstraimí reachtúla seo le fáil ón Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.

Forfheidhmiú an AE ar reachtaíocht chomhshaoil

Déantar reachtaíocht chomhshaoil an AE a fhorfheidhmiú ar an mbealach céanna le reachtaíocht eile an AE. Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht ar an bhforfheidhmiú agus féadfaidh siad ballstáit aonair a thabhairt chuig An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach mura ndéantar reachtaíocht a fhorfheidhmiú i gceart.

D’aontaigh an tAE creat-chinneadh ar chosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (Cinneadh 2003/80/JHA an 27 Eanáir 2003, IO 2003 L 29) (pdf). Chuir an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach an cinneadh ar neamhní ó shin i leith (ar chúiseanna teicniúla, dlíthiúla). Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an cinneadh bailí nó infhorghníomhaithe. Nuair a bhí an cinneadh á chur ar neamhní, rialaigh an Chúirt go bhfuil cumhacht ag an AE chun dualgas a chur ar bhallstáit chun pionóis choiriúla a bhunú do chuspóirí a bhaineann le cosaint an chomhshaoil. Tá sé i gceist ag an gCoimisiún reachtaíocht mar seo a mholadh.

Beartas an AE i leith an chomhshaoil

Léirítear beartas an AE i leith an chomhshaoil ina chuid reachtaíochta agus faigheann sé tacaíocht trí chláir airgeadais. Tá beartas reatha an AE i leith an chomhshaoil leagtha amach i Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an AE, dar teideal Environment 2010: Our future, our choice. Leanann an Clár seo ó 2001 go dtí 2010 agus díríonn sé ar cheithre phríomhréimse tosaíochta:

  • Athrú aeráide lena n-áirítear oibriú i dtreo chuspóirí an Phrótacail Kyoto a bhaint amach. Is é sin, laghdú ar astuithe gáis cheaptha teasa agus bunú scéim trádála astuithe
  • An dúlra agus bithéagsúlacht
  • Comhshaol agus sláinte, agus
  • Bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní agus ar dhramhaíl.

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA)

Díríonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (GEC) ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cabhrú chun an comhshaol a fheabhsú trí fhaisnéis a sholáthar do lucht déanta beartas agus don phobal i gcoitinne.

Tacaíocht airgeadais do thionscadail comhshaoil

Is clár cómhaoinithe AE é LIFE+ 2007-2013 a dhíríonn ar chúrsaí forbartha, forfheidhmithe agus nuashonraithe maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an AE. Lena chois sin, díríonn LIFE+ ar chomhtháthú an chomhshaoil i mbeartais eile a éascú, agus forbairt inbhuanaithe san AE a bhaint amach. Tháinig na rialacháin a rialaíonn LIFE+ 2007-2013 (pdf) i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2007.

Is iad na príomhghnéithe atá i gceist ná:

  • LIFE+ An dúlra & Bithéagsúlacht
  • LIFE+ Beartas & Rialachas an Chomhshaoil
  • LIFE+ Faisnéis & Cumarsáid

Eagraíochtaí neamhrialtasacha agus cosaint an chomhshaoil

Tá clár gníomhaíochta AE ann d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna) atá gníomhach i réimse cosanta an chomhshaoil. Tá an clár á ionchorprú mar chuid de chlár LIFE+. Eiseoidh an Coimisiún Eorpach an tríú gairm tograí bhliantúil faoin gclár Life+ an 15 Bealtaine 2009. Meastar go mbeidh an 5 Meán Fómhair 2009 mar spriocdháta. Beidh Treoirlínte agus foirmeacha iarratais le haghaidh 2009 ar fáil ón gCoimisiún Eorpach an 15 Bealtaine 2009.

Tionólfar ceardlann faisnéise, faoi stiúir Choimisiún an AE, i mBaile Átha Cliath 1 an 29 Bealtaine 2009. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.

Rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil

Mura bhfuil faisnéis a theastaíonn uait ar fáil go poiblí, féadfaidh tú Treoir 2003/4/CE a úsáid chun rochtain a fháil. Forálann an Treoir maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil go bhfuil ceart rochtana ag daoine aonair maidir le faisnéis chomhshaoil atá coinnithe ag údaráis phoiblí. Caithfear faisnéis a sholáthar laistigh de mhí amháin ó dhéantar iarratas.

Treoir 2003/35/CE ag déileáil le rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí cinnteoireachta. Forálann sé go gcaithfidh ballstáit a chinntiú go bhfuil meicníochtaí i bhfeidhm chun rannpháirtíocht an phobail i gcinntí comhshaoil a éascú.

Cliceáil anseo le tuilleadh a fháil amach faoi rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.
  • Cosc agus rialú ar thruailliú
    Déantar cur síos ar reachtaíocht an AE agus na hÉireann maidir leis na nósanna imeachta um cheadúnú agus um fhorfheidhmiú bearta maidir le truailliú a chosc agus a rialú in Éirinn.
  • Tránna agus Poirt le Bratach Ghorm in Éirinn
    Dámhachtain idirnáisiúnta í an Bhratach Ghorm a bhronntar ar thránna agus ar phoirt a léiríonn caighdeáin mhaithe timpeallachta agus áiseanna maithe sláintíochta agus sábháilteachta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.