Is cosúil go gcruthóidh téamh domhanda athruithe in aeráid an domhain. Le minicíocht agus déine bhreise na drochaimsire agus leibhéil na farraige ag ardú, is cosúil go bhfuil drochiarmhairtí i ndán do dhaoine ar fud an domhain. Beidh dainséar ann do limistéir cois cósta agus oileáin bheaga go háirithe. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi éifeachtaí an athraithe aeráide d'Éirinn.
Tá dé-ocsaíd charbóin (CO2) ar na 'gáis cheaptha teasa' is mó atá freagrach as téamh domhanda. Gníomhaíochtaí daonna a chuireann le táirgeadh CO2 agus athrú aeráide ná dó na mbreoslaí iontaise, talmhaíocht, tionsclaíocht agus athruithe in úsáid na talún cosúil le dífhoraoisiú. Chun deireadh a chur le hathrú aeráide, caithfear astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain a laghdú go suntasach.
Bhunaigh Clár Timpeallachta na Náisiún Aontaithe (UNEP)agus an Eagraíocht Domhanda Meitéareolaíochta (WMO) Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide (IPCC) idirnáisiúnta in 1988. Tá siad freagrach as athrú aeráide agus na cúiseanna atá leis a mheasúnú, chomh maith le tuairiscí measúnachta a chur le chéile. Míníonn an mheasúnacht eolaíochta is déanaí ón IPCC, Athrú Aeráide 2007 na cúiseanna atá le hathrú aeráide, agus déanann sé cur síos ar chuid de na hathruithe atá tarlaithe cheana féin agus déanann sé réamh-mheastachán athraithe aeráide don todhchaí.
Tá Éire rannpháirteach in iarrachtaí idirnáisiúnta maidir le comhrac an athraithe aeráide agus tá dhá mhórchonradh sínithe acu chun aghaidh a thabhairt ar an gceist, Creat-Chomhaontú na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide 1992 agus an Prótacal Kyoto a bhaineann leis a aontaíodh in 1997.
Tá céimeanna tógtha ag Éirinn chomh maith mar bhall den Aontas Eorpach (AE) ó luath sna 1990aidí chun déileáil lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. I Márta 2000, sheol an Coimisiún Eorpach an Clár Eorpach um Athrú Aeráide (ECCP). Tháinig raon beartais agus bearta nua de thoradh ECCP. Ina measc sin bhí Scéim Trádála Astaíochtaí an AE a seoladh an 1 Eanáir 2005 agus reachtaíocht AE maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe a glacadh an 17 Bealtaine 2006.
Mar chuid d'iarrachtaí na hÉireann chun deireadh a chur le hathrú aeráide, forbraíodh an Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012 (pdf). Tógann an Straitéis ar an tiomantas d'fhorbairt inbhuanaithe atá leagtha amach in I dTreo 2016 agus an Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2012. Leagann an Straitéis amach prionsabail agus bearta a threoraíonn iarrachtaí na hÉireann chun a gcuid astaíochtaí CO2 a laghdú sna réimsí a leanas:
Tá feachtas feasachta náisiúnta um athrú aeráide forbartha ag an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil mar chuid den Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide.
Aibhsíonn an feachtas go bhfuil mórán gníomhaíochtaí a dhéanaimid go laethúil a chruthaíonn scaoileadh 'gáis cheaptha teasa'. Soláthraíonn sé faisnéis chomh maith ar bhealaí difriúla le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus athrú aeráide a stopadh.
Léiríonn an feachtas feasachta náisiúnta um athrú aeráide conas is féidir leat astaíochtaí CO2 a laghdú sa bhaile.
Aithníonn sé bearta nach mbeidh drochthionchar acu ar an domhan ach a laghdóidh do lorg carbóin.
Soláthraíonn an feachtas feasachta náisiúnta um athrú aeráide faisnéis agus gníomhaíochtaí do bhunscoileanna, meánscoileanna, institiúidí tríú leibhéal, grúpaí óige agus múinteoirí. Déanfaidh sé tionscnaimh a fhorbairt chun tacú le laghdú astaíochtaí CO2 agus feasacht ar athrú aeráide.
Tá Rialtas na hÉireann agus an AE ag monatóireacht astaíochtaí CO2 na hÉireann go seasmhach.
Is féidir leat monatóireacht a dhéanamh ar d'astaíochtaí CO2 freisin. Cliceáil anseo chun do Lorg Carbóin a ríomh agus bealaí a aimsiú chun é a laghdú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi athrú aeráide agus do lorg carbóin a laghdú, déan teagmháil le:
BOSCA PO 11296
Dún Laoghaire
Baile Átha Cliath
Éire
Lóghlao:1890 242 634
Láithreán Gréasáin: http://www.change.ie
Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann
Bosca P.O. 119
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire
Lóghlao:1850 927 000
Láithreán Gréasáin: http://www.seai.ie/
R-phost: hes@seai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.