Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Cosaint Chomhshaoil > Rialacháin Aispeiste in Éireann

Print Page Send to a Friend

Rialacháin Aispeiste in Éireann

Eolas

Céard í aispeistω

Mianra nadúrtha déanta suas de snáithíní tanaí fada í aispeist. Is féidir leis na snáithíní seo a bheith dainséarach má dhéantar iad a annalú mar dhusta agus tá sé cruthaithe go méadaíonn siad an seans go bhfaighfeá ailse na scamhóg, asbestosis (colmad i bhfiochán na scamhóg) agus mesothelioma (ailse líneáil na cléibhe agus líneáil choguas an bhoilg).

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir táirgí aispeiste a cheannach, úsáid nó ath-úsáid a bhaint astu níos mó in Éirinn. Is é sin le rá, de réir achtaíocht AE tá cosc ar aispeist, nó táirgi ina bhfuil aispeist "a chur ar an margadh". Mar sin má tá tú, mar shampla, ag baint amach díon le haispeist, ní foláir an t-abhár a chur de láimh. Ní féidir athúsáid a bhaint as, ná é a athchóiriú le haghaidh athúsáide.

Ag Aithint Táirgí Aispeiste

Tugtar le fios ar an lipéad go bhfuil aispeist sa chuid is mó de na táirgí. Ach mar sin féin muna bhfuil tú cinnte faoi, is féidir dul i dteagmháil leis an déantóir nó an soláthraí tú féin le fáil amach an bhfuil aispeist sa táirge. Má tá tú fós míchinnte, ba cheart dul i dteagmháil le saineolaí nó comhairleoir a aithneoidh má tá aispeist sa táirge agus a mheasfaidh an priacal a bhaineann leis an ábhar, is é sin an chontúirt go scaoilfear snáthíní aispeiste amach san aer. Is féidir comhairle a fháil ó chonraitheoiri a bhaineann aispeist amach, comhairleoiri aispeiste, an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, nó an Rialtas Áitiúil cuí. Má bhaineann ceisteanna leis an áit oibre nó le himeachtaí oibre, d'fhéadfadh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta comhairle a thabhairt maidir le baint amach aispeiste agus modhanna sábháilte oibre d'ábhair le haispeist.

Ag deisiú ábhair a bhfuil aispeist ann

IMá aithnítear go bhfuil abhár le haispeist ann, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gciallaíonn sé sin gur cheart i gcónai an t-ábhar a bhaint amach agus é a chur de láimh mar dramhaíl. D’fhéadfadh sé a bheith níos sábháilte do chuile dhuine an aispeist a choinneáil i mbealach sábháilte in áit é a bhaint amach. Má chorraítear an aispeist méadaíonn an chontúirt go scaoilfear snáithíní. Ba cheart go mbunófar an cinneadh seo ar mheastóireacht ar an bpriacal. Ba cheart go ndéanfaidh duine cáilithe an mheastóireacht seo agus na moltaí a éiríonn as.

Má shocraítear an t-abhár le haispeist a dheisiú agus a chothú in áit é a bhaint amach, caithfear é a chothú go sábháilte. Mar sin, ní foláir lipéad soiléir a chur ar aispeist ar bith a fhanann san áitreabh agus a suíomh san fhoirgneamh a bhreacadh síos go soiléir ar phlean an fhoirgnimh. Tá sé seo amhlaidh ionas go mbeidh a fhios ag an té a bheadh i mbun obair chothabhála nó dheisiúcháin sa todhchaí ar an bhfoirgneamh go bhfuil ábhar aispeiste i láthair agus go mbeidh sé/sí in ann a c(h)uid oibre a phleanáil dá réir agus imeachtaí a sheacaint a scaoilfeadh snáithíní amach. Bheadh sé tábhachtach chomh maith i gcás leagan an fhoirgnimh, nó má dhíoltar é.

Ní mholtar deisiúcháin aispeiste a dhéanamh tú féin ag baile, is féidir níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh. Tá conraitheoirí a dhéanann an obair seo le aispeist ar fáil sa leabhar teileafóin nó is féidir dul i dteagmháil leis an Údarás Áitiúil le haghaidh comhairle. Má tá tú in amhras faoi snáithíní aispeiste a bheith i dtáirge sa bhaile tá sé chomh maith duit a ghlacadh leis go bhfuil aispeist ann agus comhairle saineolaithe a fháil chun é sin a dhearbhú nó a shéanadh. Má dhearbhaítear go bhfuil aispeist ann ba cheart comhairle a fháil faoin mbealach is fearr chun leanúint ar aghaidh.

Aispeist a bhaint Amach

Is próiseás an-chasta é aispeist a bhaint amach agus níor cheart do éinne é a dhéanamh seachas conraitheoir traenáilte. Má bhaintear amach é mícheart, tá an seans ann go méadófar annalú snáithíní.

Ag fáil réidh le hAispeist

Ba cheart dul i dteagmháil leis an Údarás Áitiúil le haghaidh comhairleoireachta agus níor cheart é a thabhairt do éinne seachas foireann drámhaíola an Údaráis Áitiúil nó duine éigin a bhfuil ceadúnas aici nó aige le déileáil leis. Tá na hÚdaráis Áitiúla i gceannas ar dhumpaí cathracha sa tír seo agus mar sin is iad a shocraíonn cén ábhar a ghlactar leis iontu. Ba cheart duit dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil tú ag iarraidh fáil réidh leis an abhár aispeiste chun tuilleadh eolais a fháil.

Rialacha

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Tá cumhachtaí dleathúla ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS) faoi Rialacháin an Chomhphobail Eorpaigh 1989 (Cosaint Fhostaithe ) (Nochtadh do Aispeiste) (leasaithe) chun fostaithe a chosaint ón mbaol a bhaineann le nochtadh d’aispeist san áit oibre. Tá an tÚdarás freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar dhaoine atá ag obair le aispeist. San áireamh tá comhlachtaí a bhaineann aispeist amach agus comhlachtaí suirbhéireachta aispeiste chun a bheith cinnte go gcuirfear reachtaíocht chosaint fhostaithe i bhfeidhm. Caithfear an tÚdarás a chur ar an eolas 28 lá roimh aon ghníomhaíocht ina bhfuil an baol ann go sarófar an “leibhéal gníomhaíochta” reachtúla atá leagtha síos. Tá modh ráitis ag teastáil ón té atá ag baint amach na haispeiste (imeachtaí ar fad). Ba cheart go mbeadh plean oibre leagtha amach sa doiciméad seo, mar shampla, cé mhéad duine a bheidh ag obair ar an jab, na bealai a mbainfear úsáid astu chun na fostaithe a chosaint, na bealaí chun scaoileadh snáithíní aispeiste amach san aer a sheacaint agus araile. Ba cheart go réiteofar an cháipéis seo roimh a thosnaíonn an obair. Caithfidh sí a bheith ar fáil sa láthair oibre, agus ní foláir do chuile dhuine a bheidh páirteach san obair luaite sa mhodh ráitis a thuiscint agus glacadh leis.

Tá sé de chumhacht ag an ÚSS scrúdú a dhéanamh ar shuíomhanna ina bhfuil obair ar siúl le aispeist agus is féidir leis na cigirí cuairt a thabhairt ar shuíomh gan fógra a thabhairt. Caithfear saoirse iomlán a thabhairt dóibh ar an suíomh le cinntiú go bhfuil na rialacha á gcur i bhfeidhm.

Tá sé de chumhacht ag cigirí an ÚSS, suíomh a dhúnadh síos láithreach má cheapann siad go bhfuil modhanna dainséaracha in úsáid. Cuirtear fógra toirmisc in áit ar an suíomh nó an oibríocht ar leith agus ní thógtar é go dtí go gceartófar cibé chúis a bhí leis. Muna gcloíonn fostóir leis na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra is féidir leis an Údaras cás cúirte a chur ar siúl. Is féidir an cás a thabhairt chomh fada leis an Chúirt Dúiche nó an Ardchúirt ag brath ar chúinsi agus ar thromchúiseacht an tsáraithe.

Má tá duine cúisithe ar choir faoi Rialacháin Aispeiste (1989) (leasaithe), is féidir fíneáil a chur air/uirthi gan dul thar 1,270 euro ar chúisiú athchoimre chomh maith le sin nó ina áit is féidir leis an chúirt an t-ordú a thabhairt don té atá cúisithe na céimeanna cuí a thógáil le gach rud a chur ina cheart taobh istigh de thréimhse ama. Muna ndéantar é seo taobh istigh den tréimhse atá tugtha, tá an duine sin ciontach as coir agus ar chúisiú athchoimre is féidir iad a fhíneáil 127 euro in aghaidh an lae do gach lá a leanann an coir ar aghaidh.

Nuair a fhaightear aispeist molann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta í a fhágáil san áit ina bhfuil sí a fhad agus go bhfuil sí in ord maith. Braitheann an chomhairle seo ar mheasunú riosca a bheith déanta ag saineolaí. Mar a dúradh cheana, ní foláir áit, cineál, caoi na haispeiste agus araile a thaifeadadh má tá an aispeist ag fanacht san áitreabh; lipéad soiléir a chur air agus a suíomh a breacadh ar phlean nó ar dhearadh an fhoirgnimh. Caithfear an t-eolas a thabhairt do aon fhostaithe (mar shampla, iad siúd a bhíonn ag cur síos cablaí, fostaithe cothabhála, pluiméirí, péintéirí, lucht curtha isteach ríomhairí) a d’fhéadfadh dul i dteagmháil leis an aispeist i rith a gcuid oibre, sa chaoi is go mbeidh siad ar an eolas ar na dainséir sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann. Má tá aon amhras ar oibrithe atá ag obair timpeall aispeiste, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le cigirí ón ÚSS atá ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus comhairle a chur ar fáil. Má tá sé riachtanach, is féidir le cigirí ón ÚSS scrúdú a dhéanamh ar shuíomh de bharr gearán a rinneadh agus má tá baol sláinte i gceist, is féidir leis an gcigire an t-ordú a thabhairt suíomh a dhúnadh síos do dtí go bhfuil an obair déanta leis an suíomh a dhéanamh sábháilte.

I láthair na huaire in Éirinn tá sé de dhualgas ort, má tá tú ag déanamh obair ar bith ar do fhoirgneamh, a chinntiú nach bhfuil tú ag cur isteach ar aon ábhar ar nós aispeiste fiú amháin muna bhfuil ann ach rud beag ar nós ag cur isteach córas soilse nua nó ríomhairí. Muna ndéanann tú suirbhé ar aon ábhar amhrasach a fuarthas, caithfidh tú glacadh leis gur aispeist atá ann agus déileáil leis ar an mbealach cuí. Más úinéir foirgnimh tú atá ag déanamh obair athchóirithe nó ag leagan foirgnimh tá sé de dhualgas ort de réir an dlí aon rioscanna a aithint ar nós aispeiste nó ábhar le aispeist ann. Caithfear é seo a dhéanamh nuair atá an obair á dearadh, is é sin sula dtosaíonn an obair/leagan. Bunaithe ar an measúnú riosca, caithfidh an t-úinéir a dhícheall a dhéanamh an t-ábhar seo a bhogadh agus a chinntiú nach mbeidh sé ina bhagairt sláinte dá fostaithe nó daoine eile a mbeadh tionchar aige orthu. Caithfear aispeist a thógáil as foirgneamh roimh é a leagan le bac a chur ar na snáithíní a scaoileadh amach agus an ceantar timpeall a thruailliú chomh maith leis na daoine timpeall air.

De réir an dlí, caithfidh fostóirí atá freagrach as foireann oibre atá ag obair i dtimpeallacht aispeiste na treoirlínte seo a leanas a leanúint:

  • Aon aispeist ar shuíomh a aithint sula dtosaíonn aon obair.
  • Measúnú a dhéanamh ar na rioscanna atá ann do shláinte oibrithe ón obair a dhéanann siad agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamhchúram atá riachtanach le iad a chosaint (is é sin measúnú a dhéanamh ar an gcineál ábhair, a chaoi, a mhéid a shuiomh agus araile)
  • Eolas, treoir agus traenáil a sholáthar do fostaithe sa chaoi is go bhfuil siad ar an eolas faoi na rioscanna a bhaineann leis an obair a dhéanann siad agus an réamhchúram ar cheart dóibh a thógáil.
    Fostaithe a sholáthar leis an trealamh cosanta cuí (éadach agus fearais annálaithe cosanta ) agus a bheith freagrach as é a choinneáil glan agus suas chun caighdeán.
  • Déanamh cinnte go bhfuil dotháin áiseanna ag fostaithe le haghaidh glanadh, ithe agus ól.
    Fostaithe a chosaint ó nochtadh aispeiste nó an méid is féidir a dhéanamh le smacht a choinneáil ar an méid aispeiste san aer a choinneáil ag íosmhéid.
  • Ba cheart fáil réidh le aon bhrúscar le ábhar aispeiste ar an mbealach cui.
    Fostaithe a choinneáil ar an eolas maidir leis an tomhais dusta aispeiste san aer san áit oibre. Tá teorainn leis an méid dusta aispeiste gur féidir a annalú thar tréimhse 8 n-uair a chloig. 0.3 snáithíní do gach millilíotar aer do aispeist ghorm agus donn agus 0.6 snáithíní do gach millilíotar aer do aispeist bhán iad na teorainneacha sin.

Oifig na nOibreacha Poiblí

Tá sé de dhualgas ar Oifig na nOibreacha Poiblí monatóireacht a dhéanamh ar aispeist i bhfoirgnimh rialtais uilig agus scoileanna san áireamh. Faoi láthair tá siad ag déanamh a ndícheall aispeist a lorg sna scoileanna ar fud na tíre. Bunaithe ar an measúnú riosca agus torthaí na suirbhéanna atá déanta ag saineolaithe aispeiste tá siad ag déanamh cinnithe ar an mbealach agus cén uair ar cheart an aispeist a thógáil amach. Tá sé tábhachtach a chuimhniú, má tá caoi mhaith ar an aispeist nach bhfuil baol sláinte ag baint leis ach de bharr chomh gar agus atá páistí don ábhar seo, tá cinneadh á thogáil an aispeist a bhaint amach, fiú amháin muna bhfuil sé riachtanach. Má tá aon imní ort faoi aispeist sa scoil ar a bhfreastálaíonn do chuid páistí nó in aon fhoirgneamh rialtais eile ba cheart duit teagmháil díreach a dhéanamh le Oifig na nOibreacha Poiblí.

An tÚdarás Cosanta Timpeallachta

Bronnann an tÚdarás Cosanta Timpeallachta ceadúnais ar mhaithe le hábhair chontúireacha a stóráil ar nós aispeiste. Caithfear aire speisialta a thógáil nuair atá tú ag plé le ábhar ar nós aispeiste agus caithfidh aon chomhlacht nó Údarás Áitiúil a dhéanann stóráil ar an dramhail seo é a dhéanamh ar an mbealach cuí. Ba cheart fáil réidh le dramhaíl a bhfuil aispeist ann chomh luath agus is féidir agus de réir rialacha aitiúla.Má tá tú ag iarraidh fáil réidh le dramhaíl aispeiste, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil le fáil amach an nglacfaidh an Láithreán Líonta Talún leis an dramhaíl. Freisin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhlacht príobháideach a bhfuil ceadúnas acu ón Údarás Cosanta Timpeallachta le haghaidh dramhaíola atá contúirteach a stóráil. Ba cheart gach cineál dramhaíola aispeiste a lipéadú go soiléir agus é a chur i málaí plaisteacha le bac a chur ar snáithíní dusta éalú isteach san aer.

Na hÚdaráis Áitiúla

Tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as fiosriúcháin a dhéanamh maidir le eachtraí a bhaineann le truailliú aeir nó uisce ina gceantar (mar shampla, ag fáil réidh le aispeist ar an mbealach mícheart) agus is féidir leo tú a chúisiú ar bhriseadh rialacháin an Acht um Thruaillithe Aeir 1987 agus an Acht um Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977.

Pionóis faoin Acht um Thruaillithe Aeir 1987

Tá tú ciontach as coir má bhriseann tú cumhachtaí an achta agus is féidir na pionóis seo a leanas a ghearradh ort:

Cúisiú Athchoimre sa Chúirt Dúiche: gan dul thar 1,270 euro (chomh maith le fíneáil gan dul thar 127 euro in aghaidh an lae chomh fada agus a leanann an coir ar aghaidh ) nó téarma príosúnachta gan dul thar tréimhse 6 mhí. Is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh ort má dhéanann an chúirt an cinneadh sin.

Cúisiú nó Díotáil sa Chúirt Dúiche: Fíneáil gan dul thar 12,700 euro (chomh maith le fíneáil gan dul thar 1,270 euro in aghaidh an lae chomh fada agus a leanann an coir ar aghaidh ) nó téarma príosúnachta gan dul thar tréimhse 2 bhliain. Aris, is féidir fíneáil agus téarma príosúnachta a ghearradh ort má dhéanann an chúirt an cinneadh sin.

Faoin Acht um Thruaillithe Aeir, is féidir leis an Údarás Áitiúil fógra a bhronnadh ar dhuine má cheapann siad go bhfuil sé/sí ag briseadh an dlí. Tabharfar na céimeanna ceartaitheach ar cheart a thógáil le bac a chur ar thruailliú aeir agus tréimhse ama a thabhairt leis na céimeanna seo a thógáil. Má cheapann Údarás Áitiúil nach bhfuil duine nó comhlacht ag tógáil a chuid rabhaidh agus moltaí, is féidir leis cás a thabhairt díreach chun na hArdchúirte. Is féidir leis an Ardchúirt ordú cúirte a thabhairt a thabharfas cead don Údarás Áitiúil déileáil leis an gcás láithreach. Úsáidtear an modh seo nuair atáthar ag déileáil le hábhar truaillithe ar nós aispeiste, mar go gceapann an tÚdarás Áitiúil go bhfuil riosc mór ann do shláinte an phobail nó an timpeallacht.

Tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as ceadúnais bhailiúcháin brúscair a eisiúint chomh maith. Caithfidh gach comhlacht a bhailíonn dramhaíl chontúirteach ceadúnas suas chun dáta a bheith acu, rud a chinntíonn go bhfuil na háiseanna cuí acu le haghaidh iompair agus ag fáil réidh le dramhaíl ar nós aispeiste. Ba cheart a chinntiú go n-úsáideann tú comhlachtaí atá cláraithe nuair atá tú ag déileáil le dramhaíl chontúirteach. Déan seic leis an Údarás Áitiúil le cinntiú go bhfuil an ceadúnas cuí ag an Chomhlacht a úsáideann tú.

Conas Iarratas a dhéanamh

Tá conraitheoirí ann a bhfuil saintaithí acu ar aispeist a bhaint amach. Is féidir leat dul i dteagmháil díreach leo siúd. Ba cheart go mbeadh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An tÚdarás Cosanta Timpeallachta nó an tÚdarás Áitiúil ábalta eolas bunúsach a sholáthar duit maidir le fadhbanna aispeiste baile agus tionsclaíoch ó thaobh cur de láimh, truailliú, dramhaíl agus araile. Cé go mbíonn baint ar leith ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta le cosaint fostaithe agus leis na hearnálacha tionsclaíocha in áit tithe, má tá obair ar siúl i dteach d'fhéadfadh sé a bheith ina áit oibre dá réir agus ba cheart an leibhéal cuí cosanta a chur ar fáil dóibh siúd atá ag obair ann chun go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh go sábháilte agus gan baol dá sláinte ná dá sábhailteacht.

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta nó Oifigeach Sláinte Timpeallachta sa Rannóg Timpeallachta den Údarás Áitiúil má tá aon imní ort faoi aispeist i gceantair phoiblí. Chomh maith céanna, má tá aon imní ort maidir le háit oibre, nó imeachtaí oibre, is féidir comhairle a fháil ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as déileáil le aispeist i dTithe Rialtais agus scoileanna. Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta má tá imní ort faoi daoine a oibríonn le aispeist. Tá ceadúnais bhailiúcháin brúscair ar fáil ón Údarás Áitiúil. Má tá ceadúnas ar mhaithe le dramhaíl chontúirteach a storáil uait, caithfear iarratas a dhéanamh chuig an Údarás Cosanta Timpeallachta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Údarás Sláinte agus Sábháilteachta

An Foirgneamh Cathrach
Sráid James Joyce
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 614 7000
Lóghlao:1890 28 93 89
Facs:(01) 614 7020
Láithreán Gréasáin: http://www.hsa.ie
R-phost: wcu@hsa.ie


An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Wexford
Loch Garman
Éire

Teil:053 916 0600
Lóghlao:1890 335 599
Facs:053 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie

Oifig na nOibreachta Poiblí

51 Faiche Stiabhna
Dublin 2
Ireland

Teil:+353 (0)1 647 6000
Lóghlao:1890 213 414
Facs:+353 (0)1 6610747
Láithreán Gréasáin: http://www.opw.ie/
R-phost: info@opw.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 February 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Truailliú aeir
    Truailliú aeir
  • Láithreáin Dramhaíola
    Tá míniú tugtha sa cháipéis seo ar an mbealach a bhfaightear réidh le dramhaíl i láthreáin dramhaíola agus na rialacha a bhaineann le láithreáin dramhaíola in Éirinn.
  • Dramhaíl tí a dhó
    Tá sé neamhdhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín féin. Má chiontaítear tú as dramhaíl a dhó go neamhdhleathach, féadfar fíneáil nó téarma príosúnachta a ghearradh ort.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.