Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Cosaint Chomhshaoil > Truailliú aeir

Print Page Send to a Friend

Truailliú aeir

Eolas

Iarmhairtí truaillithe aeir

Cé go bhfuil siad dofheicthe go minic, cruthaíonn truailleáin réimse contúirtí don tsláinte agus don timpeallacht. De ghnáth, tagann siad ó dhóchán teasa, giniúint chumhachta nó múch tráchta. D’fhéadfadh truailleáin a bheith mar thoradh ar fhadhbanna tromchúiseacha ina bhfíorchóngar. Ach, is féidir leo taisteal achair fhada agus is féidir iad a fhrithghníomhú go ceimiceach san atmaisféar chun truailleáin tánaisteacha a tháirgeadh, mar shampla báisteach aigéadach nó ózón.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

De réir Acht na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (1992), tá an GCC freagrach as an gCeadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT) i leith tionscadail mhóra nó choimpléascacha a bhfuil cumas suntasach truaillithe acu. Tá clár de na ceadúnais um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú ar fáil saor in aisce don phobal. Deonaíonn an GCC beagnach 98% de na ceadúnais. Tá liosta ar leith de na ceadúnais atá deonta ag údaráis áitiúla ar fáil ón Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.

Tá an GCC freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar astúcháin ó thionscadail mhóra nó choimpléascacha a bhfuil cumas suntasach truaillithe acu agus aon sárú ar bith maidir leis an gceadúnas a láimhseáil. Is féidir leis an nGCC cuideachtaí a thabhairt go cúirt de dheasca cionta faoin Acht na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil. D’fhéadfadh an chúirt fíneálacha agus breitheanna príosúin a ghearradh agus féadann an GCC ceadúnais a chúlghairm. Ní dheonóidh an GCC ceadúnas ach amháin sa chás go bhfuil sí cinnte go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais a dhícheall chun aon astúchán ar bith ón monarcha a chosc nó a theorannú. Caithfidh na hastúcháin go léir ón monarcha a bheith laistigh de theorainneacha réamhshocraithe agus gan aon chaighdeán cáilíocht aeir a shárú.

Is féidir gearáin in aghaidh sealbhóirí ceadúnais a dhéanamh leis an nGCC. Déanfar an GCC iad a logáil, a iniúchadh agus beart sa bhreis a dhéanamh, más gá. Tá an rogha agat an chuideachta a thabhairt chuig an gcúirt sa chás go gceapann tú go bhfuil sé ag briseadh théarmaí a ceadúnais nó sa chás go bhfuil tú den tuairim nach bhfuil an ceadúnas ceart aici. D’fhéadfadh sé seo a bheith costasach, áfach, agus moltar go ndéanfaidh tú do ghearáin tríd an nGCC, a dhéanfaidh iad a láimhseáil ar bhealach oiriúnach.

Beidh síneadh ar réimse gníomhaíochtaí dá gcaithfear ceadúnas a fháil agus cuirfear béim níos láidre ar úsáid éifeachtúil amhábhar agus fuinnimh tar éis do Threoir an AE um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT) a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Rialacha

Tionscadail a éilíonn Ceadúnas um CRCT

  • Mianraí – baint, táirgeadh agus próiseáil amhaispeiste, baint ocsaíd alúmanaim ó mhian, baint agus próiseáil mianraí (is iad mianraí gach substaint laistigh den thalamh, ar an talamh nó faoin talamh, seachas móin) agus stóráil dramhaíl mianraí bainteacha agus baint móna i gcúrsa gnó ag a bhfuil baint le limistéar níos mó ná 50 heicteár.
  • Fuinneamh - úsáid gáis, guail, ola, nó móna le haghaidh fuinneamh a tháirgeadh i monarcha dócháin ag a bhfuil a hionchur rátaithe teirmeach cothrom le nó níos mó ná 50MW (níl feidhm aige seo sa chás go mbaineann an mhonarcha úsáid dhíreach as na dtáirgí dócháin sa phróiseas monaraíochta) agus dó gáis guail, ola nó móna i gcoire nó i bhfoirnéis ag a bhfuil aschur ainmniúil teasa níos mó ná 50MW.
  • Miotail - iarann, cruach, antamón, arsanaic, beirilliam, cróimiam, luaidhe, maignéisiam, mangainéis, fosfar, seiléiniam, caidmiam, mearcair, alúmanam, clóirín. Le haghaidh sonraí ar leith, déan teagmháil leis an nGCC.
  • Snáithíní mianraí agus gloine
  • Ceimiceáin (baineann sé seo le tionscadail a tháirgeann ceimiceáin agus le stóráil cainníochtaí áirithe meitil acrylate (20 tonna), aicrilinítríle (20 tonna), tolúéin dé-isocyanate (20 tonna), amóinia ainhidriúil (100 tonna) agus fluairíd hidrigine ainhidriúla (1 tonna).
  • Diantalmhaíocht
  • Bia agus deoch
  • Adhmad, páipéar, teicstílí agus leathar
  • Breoslaí iontaise (a thagraíonn do pheitriliam, gás nádúrtha, gual nó sceall biotúmanach, amhpheitriliam agus lignít)
  • Stroighin
  • Dramhaíl (aisghabháil agus diúscairt dramhaíola)
  • Bratú dromchla (oibríochtaí leictreaphlátála, bratú le cumaisc orgánacha-stáin, monarú ábhar brataithe a úsáideann tuaslagóirí orgánacha agus déantúsaíocht bhrataithe phúdair)
  • Eile (lena n-áirítear tástáil inneall, tuirbíní nó imoibreoirí sa chás go bhfuil achar an urláir níos mó ná 500 méadar chearnacha, ciorcaid iomlánaithe agus cláir chiorcad priontáilte a mhonarú, aol a tháirgeadh in áith agus ceirmigh gharbha a tháirgeadh lena n-áirítear brící teasfhulangacha, píopaí cruachré, brící fásála agus urláir agus tíleanna dín

Údaráis áitiúla

De réir an Achta um Thruailliú Aeir, 1987, tá sé de dhualgas ar údaráis áitiúla aon bheart a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú ina gceantar de réir mar is gá agus ní mór d’úinéirí na monarchana tionsclaíochta áirithe ceadúnas truaillithe aeir a fháil óna n-údarás áitiúil nó ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun tionscadail áirithe, atá freagrach as a gcuid astúcháin, a fheidhmiú. Tá socruithe ceadúnais ar leithligh ag an nGCC agus ag údaráis áitiúla agus níl ar chuideachtaí iarratas a dhéanamh ar an mbeirt acu.

Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla i dtruailliú aeir a chosc agus a chomhrac. Cuimsíonn sé seo:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar astúcháin nó ar an aer comhthimpeallach sa cheantar
  • Measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta ábhartha
  • Déileáil le gearáin maidir le truailliú aeir
  • Catagóirí áirithe tionsclaíochta a cheadúnú
  • An toirmeasc ar mhargaíochta, dáileadh agus díol bhreosla toirmiscthe (gual biotúmanach de ghnáth) a chur i bhfeidhm
  • Taighde maidir le chúiseanna le truailliú aeir, méid truaillithe aeir, agus cosc ar thruailliú aeir a eagrú agus a dhéanamh
  • Cláir oideachais a bhunú agus a reáchtáil maidir le truailliú agus cosc a chur air
  • Tacú nó cabhrú le duine ar bith atá ag tabhairt faoi thaighde, suirbhé, nó iniúchadh ar bith maidir le cineál agus méid, nó cúis agus éifeacht truaillithe aeir nó cosc a chur ar thruailliú aeir, nó é a theorannú

Pionóis faoin Acht um Thruailliú Aeir

Tá cumhacht ag údaráis áitiúla pionóis de bharr shárú an Achta um Thruailliú Aeir (1987) a chur i bhfeidhm. Tá aon duine a sháraíonn forálacha an Achta ciontach i gcion agus d’fhéadfadh na pionóis seo a leanas a ghearradh air:

Ciontú achomair sa Chúirt Dúiche: fíneáil nach mó ná € 1,270 (mar aon le fíneáil nach mó ná € 127 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 6 mhí. Má chinneann an chúirt, d'fhéadfaí fíneáil agus príosúnacht araon a ghearradh ort.

Ciontú nó díotáil sa Chúirt Dúiche: fíneáil nach mó ná € 12,700 (chomh maith le fíneáil nach mó ná € 1,270 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 2 bhliain. Arís, má chinneann an chúirt, d'fhéadfaí fíneáil agus príosúnacht araon a ghearradh ort.

Is féidir le húdarás áitiúil fógra a sheirbheáil ar aon duine a chinneann siad go bhfuil sé ag briseadh an dlí faoin Acht um Thruailliú Aeir. Sonróidh an fógra seo na bearta ceartaitheacha atá le déanamh chun cosc a chur ar thruailliú aeir agus teorainn ama ina gcaithfidh na bearta seo a dhéanamh. Cé go bhfuil na húdaráis áitiúla freagrach as forfheidhmiú an Achta um Thruailliú Aeir ina gceantar féin, is féidir leo áitreabh atá ag truailliú na háite seo a ionchúiseamh, fiú má tá an truailliú ag teacht ó fhoinse lasmuigh dá ndlínse. Má mheasann údarás áitiúil go bhfuil duine aonair nó cuideachta tar éis neamhaird a dhéanamh de na rabhaidh agus na moltaí, is féidir leo cás a thógáil chuig an Ard-Chúirt go díreach. Is féidir leis an Ard-Chúirt urghaire a eisiúint, a thugann cead don údarás áitiúil déileáil leis an staid go láithreach. De ghnáth, ní úsáidtear an bealach seo ach amháin i gcásanna a bheidh ina riosca tromchúiseach do shláinte an phobail nó an comhshaol. De réir an Achta um Thruailliú Aeir, tá sé de dhualgas ar chuideachtaí úsáid a bhaint as na bealaí infheidhmithe ar fad chun thruailliú a theorannú agus, más féidir, a chosc óna n-áitreabh féin.

Monatóireacht

Tá leibhéil inghlactha truailleán áirithe san aer agus modhanna monatóireachta leagtha amach i dTreoracha an AE agus i rialacháin náisiúnta atá bunaithe ar na treoracha seo. Is gá do gach údarás áitiúil monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir le haghaidh na dtruailleán ar an mbealach céanna ionas gur féidir na torthaí ar fud na tíre agus ar fud an AE a chur i gcomparáid lena chéile. Leagann treoracha maidir le cáilíocht an aeir is déanaí na luachanna teorann amach atá le baint amach faoi 2005 nó 2010, ag brath ar an truailleán, agus leagann siad síos monatóireacht, measúnú agus cur chuige bainistíochta chun a chinntiú nach sáraítear na teorainneacha sin. Seolfar na torthaí monatóireachta go léir ó údaráis áitiúla ar aghaidh chuig an GCC, a áiríonn siad ina tuarascáil bhliantúil. Foilsíonn roinnt de na húdaráis áitiúla sonraí maidir le truailliú aeir ina gceantair féin ina dtuarascálacha bliantúla chomh maith. Foilsítear na tuarascálacha seo ar láithreáin Ghréasáin na n-údarás áitiúil den chuid is mó. Mura bhfuil an tuarascáil ar fáil san fhoirm sin, beidh sé foilsithe i bhfoirm cruachóipe agus ba chóir go mbeadh sí ar fáil ó do leabharlann áitiúil. Is féidir leat dul i dteagmháil le Rannóg Comhshaoil d’Údarás Áitiúil chun cóip saor in aisce den tuarascáil seo a fháil.

Limistéir faoi Rialú Speisialta

Is féidir le húdarás áitiúil ceantar a dhearbhú mar limistéar faoi rialú speisialta chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

I 1990, dearbhaíodh ceantar iomlán Bhaile Átha Cliath (Cathair Bhaile Átha Cliath, Fine Gall agus Dún Laoghaire/Ráth an Dúin) mar limistéar faoi rialú speisialta agus tugadh cosc ar mhargaíocht, ar dhíol agus ar dháileadh breosla biotúmanaigh isteach chun toitcheo geimhridh a mhaolú. Ó shin i leith, cuireadh 11 cheantar eile san áireamh sa toirmeasc. Dearbhaíodh Cathair Chorcaí mar limistéar faoi rialú speisialta i 1995. Idir 1998 agus 2000, dearbhaíodh 10 gceantar eile mar limistéar faoi rialú speisialta agus cuireadh san áireamh iad sa toirmeasc breosla - An tInbhear Mór, Droichead Átha, Dún Dealgan, Luimneach, Loch Garman, Cill Droichid, Gaillimh, Léim an Bhradáin, An Nás agus Port Láirge. Baineann an toirmeasc le limistéir chomhthógtha uirbeacha ina bhfuil truailliú ina fhadhb agus ní hionann na limistéir seo agus teorainneacha bailte, cathracha nó contaetha i gcónaí. Mar shampla, tá an toirmeasc i gcathair Luimnigh i bhfeidhm i gcuid de Chontae an Chláir chomh maith agus cuimsíonn ceantar Dhroichead Átha Contae na Mí beagán.

Le haghaidh shonraí maidir leis na ceantair lena mbaineann na toirmisc, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil. Léiríonn anailís ar thorthaí monatóireachta ar chaighdeán an aeir feabhsú suntasach ar chaighdeán an aeir sna ceantair seo ó dearbhaíodh mar limistéir faoi rialú speisialta iad. Déanann údaráis áitiúla seiceálacha ar an láthair ar mhiondíoltóirí breosla chun comhlíonadh leis an toirmeasc a chinntiú agus ba chóir gearáin faoi dhó ábhar neamhúdaraithe a chur in iúl d'údarás áitiúil. Ní chion é breosla toirmiscthe a dhó agus ní féidir tú a ionchúiseamh dá bharr. Ní bhaineann an reachtaíocht ach amháin leo siúd a dhíolann an breosla.

De bharr go bhfuil ról leathnaithe ag an nGCC i monatóireacht agus measúnú ar chaighdeán an aeir, is féidir léi gá le bearta rialaithe i réimse áirithe a aithint chun cloí leis na caighdeáin 2005 nó 2010, agus bheadh ar an údarás áitiúil na bearta sin a thabhairt isteach trí phlean bainistíochta cáilíocht aeir. Tar éis na gcaighdeán cáilíochta aeir nua a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sáruithe de na luachanna teorann a thitim amach fós sa ghearrthéarma faoi choinníollacha áirithe. Má aithnítear a leithéid de rioscaí, d’fhéadfadh go mbeadh ar an t-údarás áitiúil plean gníomhaíochta gearrthéarmach a fheidhmiú chun na leibhéil truailleáin a choimeád laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos. Is féidir leis an an bplean cosc a chur ar thrácht mótair ar feadh tréimhse ama sa limistéar bainteach sa chás go bhfuil trácht ag cur leis an bhfadhb.

Rataí

Tá rátaí socruithe leagtha amach le haghaidh iarratas ar cheadúnais truaillithe aeir agus CRTC agus iad a athnuachan. Tháinig na táillí i bhfeidhm ar 12 Iúil, 2004.

Táillí ar cheadúnais um CRTC

Táillí ar iarratas ar cheadúnas um CRTC Táille ar athbhreithniú ar cheadúnas um CRTC nó ar cheadúnas athbhreithnithe um CRTC
Mianraí agus ábhair eile Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €12,697

Gníomhaíocht Bheag: €4,444,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Fuinneamh Gníomhaíocht Bheag: €7,615,

Gníomhaíocht Mhór: €16,506

Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €12,697

Miotail Gníomhaíocht Bheag: €5,078,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Gníomhaíocht Bheag: €3,809,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

snáithíní mianracha agus gloine Gníomhaíocht Bheag: €5,080,

Gníomhaíocht Mhór: €8,885

Gníomhaíocht Bheag: €3,174,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

Ceimiceáin Gníomhaíocht Bheag: €7,618,

Gníomhaíocht Mhór: €20,315

Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €14,601

Monarú lotnaidicídí, nó táirgí cógaisíochta nó tréidliachta Gníomhaíocht Bheag: €10,157,

Gníomhaíocht Mhór: €22,855

Gníomhaíocht Bheag: €7,618,

Gníomhaíocht Mhór: €16,506

Diantalmhaíocht Gníomhaíocht Bheag: €3,1704,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Gníomhaíocht Bheag: €1,904,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

Bia agus deoch Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €12,697

Gníomhaíocht Bheag: €4,444,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Adhmad, Páipéar, teicstílí agus leathar Gníomhaíocht Bheag: €5,078,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Gníomhaíocht Bheag: €3,174,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

Breoslaí iontaise Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €13,967

Gníomhaíocht Bheag: €4,444,

Gníomhaíocht Mhór: €10,157

Stroighin Gníomhaíocht Bheag: €7,618,

Gníomhaíocht Mhór: €16,506

Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €12,697

Dramhaíl Gníomhaíocht Bheag: €5,713,

Gníomhaíocht Mhór: €13,967

Gníomhaíocht Bheag: €4,444,

Gníomhaíocht Mhór: €10,157

Bratú dromchla Gníomhaíocht Bheag: €5,078,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Gníomhaíocht Bheag: €3,174,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

Gníomhaíocht eile Gníomhaíocht Bheag: €5,078,

Gníomhaíocht Mhór: €8,888

Gníomhaíocht Bheag: €3,174,

Gníomhaíocht Mhór: €6,983

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas um CRTC nó ceadúnas athbhreithnithe um CRTC, is í €126 an táille.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir gearáin in aghaidh sealbhóirí ceadúnais a dhéanamh leis an nGCC. Déanfar an GCC iad a logáil, a iniúchadh agus beart sa bhreis a dhéanamh, más gá. Tá an rogha agat an chuideachta a thabhairt chuig an gcúirt sa chás go gceapann tú go bhfuil sé ag briseadh théarmaí a ceadúnais nó sa chás go bhfuil tú den tuairim nach bhfuil an ceadúnas ceart aici. D’fhéadfadh sé seo a bheith costasach, áfach, agus moltar go ndéanfaidh tú do ghearáin tríd an nGCC, a dhéanfaidh iad a láimhseáil ar bhealach oiriúnach.

Is féidir leat foirm iarratais ar cheadúnas um CRTC a íoslódáil anseo. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do cheantar féin, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar d'údarás áitiúil. Tá foirmeacha, mar shampla foirmeacha iarratais ar cheadúnais astaíochtaí aeir, le fáil ar láithreáin ghréasáin na n-údarás áitiúil agus is féidir iad a íoslódáil. Tá na sonraí go léir a bhaineann le truailliú aeir atá ag údaráis áitiúla agus ag an nGCC (m.sh. sealbhóirí ceadúnais, leibhéil astaíochtaí, srl.) ar fáil don phobal.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie

ENFO

17 Sráid Naomh Aindriú
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 8882001
Lóghlao:1890 200 191
Facs:+353 (0)1 8883946
Láithreán Gréasáin: http://www.enfo.ie
R-phost: info@enfo.ie

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Wexford
Loch Garman
Éire

Teil:053 916 0600
Lóghlao:1890 335 599
Facs:053 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie

Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch

3 Clonskeagh Square
Clonskeagh Road
Dublin 14
Ireland

Teil:+353 (0)1 2697766
Facs:+353 (0)1 2697437
Láithreán Gréasáin: http://www.rpii.ie
R-phost: rpii@rpii.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 March 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An cúlra reachtach maidir le truailliú aeir
    Cur síos ar raon, ar chineál agus ar réimse reachtaíochta an AE agus na hÉireann ar thruailliú aeir.
  • Láithreáin Dramhaíola
    Tá míniú tugtha sa cháipéis seo ar an mbealach a bhfaightear réidh le dramhaíl i láthreáin dramhaíola agus na rialacha a bhaineann le láithreáin dramhaíola in Éirinn.
  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.