Athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil

Réamhrá

Is féidir leis an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí poiblí a dhéanann comhlachtaí riaracháin agus na híoschúirteanna. In athbhreithniú breithiúnach, níl fiúntas an chinnidh de chúram ar an gcúirt ach dleathacht an phróisis chinnidh, is é sin, conas a rinneadh an cinneadh agus a chothroime atá sé.

Is iad bunphrionsabail déanamh cinntí poiblí:

  • Ní mór go mbeidh an t-údarás ag déantóir an chinnidh chun an cinneadh a dhéanamh a dhéanann difear duit. Má tá an t-údarás ag déantóir an chinnidh chun an cinneadh a dhéanamh, ní mór nach sáraíonn sé teorainn a (h)údaráis.
  • Tá tú i dteideal nósanna imeachta cothroma maidir leis an mbealach a bhaintear an cinneadh amach. Ciallaíonn seo nár cheart go mbeadh déantóir an chinnidh claonta agus nach mór don té a dhéanann an cinneadh éisteacht chothrom a thabhairt duit. Níor mhór go dtabharfar duit deis leordhóthanach chun do chás a chur i láthair. Ní mór go gcuirfear ar an eolas thú faoin ábhar agus ní mór go dtabharfar duit an deis chun do thuairim a thabhairt ar an ábhar atá á chur ar aghaidh ag an taobh eile.
  • Ní mór go gcomhlíonfaidh déantóir an chinnidh gach ceanglas dlíthiúil a rialaíonn an cinneadh agus déanamh an chinnidh.

Mura bhfuil an t-údarás ag an té a dhéanann an cinneadh nó mura dtugann sé/sí nósanna imeachta cothroma duit nó mura gcomhlíonann sé/sí an dlí, féadfaidh tú imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh chuig an Ard-Chúirt chun cur in aghaidh an chinnidh. Ní mór go léiríonn tú go bhfuil cás inargóinte agat, is é sin, go bhfuil bunús le do chás. Sa bhreis air sin, ní mór duit léiriú go bhfuil ‘leas leordhóthanach’ agat sna himeachtaí, is é sin, go ndearna an cinneadh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh difear duit ar bhealach éigin. Ní cheanglaítear ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a raibh cosaint comhshaoil á cur chun cinn acu ar feadh 12 mhí i dtaca le hábhair phleanála leas leordhóthanach a léiriú.

Scrúdóidh an Ard-Chúirt an cinneadh agus conas a baineadh amach é agus déanfaidh siad cinneadh ar cibé acu an cinneadh dlíthiúil nó neamhbhunreachtúil é. Ansin is féidir leis an Ard-Chúirt an cinneadh a chur ar neamhní nó a chealú – trí ordú ar a dtugtar certiorari a eisiúint. Anuas air sin, féadfaidh an Ard-Chúirt déantóir cinnidh a ordú, ar a bhfuil dualgas chun cinneadh a dhéanamh ach gur theip ar an gCúirt nó gur dhiúltaigh an Chúirt amhlaidh a dhéanamh, chun an cinneadh féin a dhéanamh – tugtar ordú mandamus air seo. Ina theannta sin, féadtar ordú toirmisc a dheonú faoi na cúinsí cuí – i.e. ordú a leagan toirmeasc ar dhéantóir cinneadh ó chinneadh a dhéanamh. I measc na n-orduithe atá ar fáil tá dearbhuithe, urghairí de chineál eatramhach, idirbhreitheach nó buan, nó dámhachtain damáistí.

Athbhreithniú comhghnásach agus reachtúil

Tá dhá phríomhchatagóir i gceist le hathbhreithniú breithiúnach:

  • Athbhreithniú breithiúnach de gháthchineál nó de chineál comhghnásach: Is ionann seo agus an saghas traidisiúnta d’athbhreithniú breithiúnach a forbraíodh thar thréimhse ama ag na breithiúna agus cásdlí. Is féidir teacht ar an nós imeachta a rialaíonn athbhreithniú breithiúnach comhghnásach in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna. Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar an nós imeachta inár gcáipéis: Athbhreithniú breithiúnach ar chinntí poiblí.
  • Athbhreithniú breithiúnach reachtúil: Scéimeanna reachtúla sainiúla um athbhreithniú breithiúnach a bhaineann le limistéir shonracha de chinntí poiblí a roghnaigh an tOireachtas mar scéimeanna óna dteastaíonn scéimeanna sainiúla mar gheall ar na buarthaí beartais lena mbaineann. Cuimsíonn reachtaíocht a bhaineann leis an limistéar ar leith sin scéimeanna reachtúla agus an nós imeachta lena mbaineann. Baineann scéimeanna reachtúla leis na limistéir siúd, ar nós tearmainn, rialú truaillithe, pleanála agus seilbh a ghlacadh ar chuideachtaí.

Cuireann roinnt scéimeanna um athbhreithniú breithiúnach reachtúil le hOrdú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna lena rialacha sonracha nós imeachta féin. Baineann na scéimeanna reachtúla seo den fháil atá ar athbhreithniú breithiúnach trí ghnéithe cosúil leo seo a leanas:

  • Tá teorainneacha ama d’iarratas ar chead chun imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh níos giorra
  • Ceanglais chun déantóir an chinnidh a chur ar an eolas faoin iarratas ar chead
  • Tairseacha níos airde a chuir an Ard-Chúirt chun feidhme nuair a bhí breithniú á dhéanamh ar cibé acu cead a cheadú nó a mhalairt, mar shampla, bunúis shuntasacha seachas cás inargóinte.

Nósanna imeachta in ábhair phleanála agus chomhshaoil

Ceadúnú dramhaíola

Tá cinntí na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil maidir le ceadúnú dramhaíola faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnú), 2004 (IR 395/2004) faoi réir athbhreithniú breithiúnach comhghnásach de réir fhorálacha Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Toiliú faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt

Baineann nós imeachta sainiúil reachtúil le hiarratais ar athbhreithniú breithiúnach ar chinntí a rinne na húdaráis phleanála nó an Bord Pleanála. Leagtar amach in Ailt 50 agus 50A den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) an nós imeachta seo, atá éagsúil uaidh sin a fhoráiltear in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna. Go háirithe, is ionann an teorainn ama chun athbhreithniú breithiúnach a chur i bhfeidhm i dtaca le cinneadh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt agus 8 seachtaine ó dháta an chinnidh nó déanamh gnímh ag údarás pleanála nó ag an mBord. Féadfaidh an Chúirt an t-am a shíneadh má tá siad sásta go bhfuil údar maith agus leordhóthanach le hamhlaidh a dhéanamh, agus má bhí na cúinsí as ar eascair an teip ar an iarratas ar chead a dhéanamh laistigh de 8 seachtaine lasmuigh de smacht an iarratasóra ar an síneadh sin.

Iarratais ar Cheadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú

Tá iarratais ar athbhreithniú maidir leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a bhaineann le hiarratais ar Cheadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (CRCT) faoi rialú reachta. Déantar foráil faoi Alt 87(10) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, 1992 (arna leasú) d’athbhreithniú breithiúnach nó do thús a chur le himeachtaí dlíthiúla eile ag aon duine, a lorgaíonn le bailíocht chinneadh na Gníomhaireachta a cheistiú chun ceadúnas nó chun ceadúnas leasaithe a dheonú nó a dhiúltú, laistigh de thréimhse 8 seachtaine. Féadfaidh an Ard-Chúirt an tréimhse seo a shíneadh, ach iarraidh orthu, sa chás go measann siad go bhfuil údar suntasach ann le hamhlaidh a dhéanamh. Níl aon cheanglas ar an duine a chuireann tús leis na himeachtaí seo chun leas a léiriú nó chun tionchar féideartha pearsanta nó chun leas suntasach a thabhairt le fios.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat tús a chur le imeachtaí um athbhreithniú breithiúnach, b’fhéidir gur mian leat teagmháil a dhéanamh le haturnae a ordóidh abhcóide na páipéir a dhréachtú don chás. Ina theannta sin, is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh duit féin más mian leat do chostais dhlíthiúla a choimeád a ísle is féidir.

Costais

Níl aon ráta daingean táillí do chostais dlí in Éirinn, agus ar an ábhar sin, ba cheart duit roinnt cuótaí a choimeád sula ndéanann tú cinneadh ar ionadaíocht dhlíthiúil. Ní mór do d’aturnae na táillí a chur in iúl duit a ghearrfar ort dá s(h)eirbhísí i scríbhinn. Murar féidir suim chinnte a thabhairt duit, ní mór dó/di suim a mheas nó, ar a laghad, cur síos a dhéanamh ar an mbonn ar a ríomhfar táillí nó muirir.

Go ginearálta, i ndlíthíocht, is í an ghnáthriail maidir le costais go ‘leanann na costais an t-imeacht’, i.e. bíonn an páirtí rathúil i dteideal a c(h)ostais a fháil. Dar ndóigh, má chailleann tú an mhaoin sin, beidh tú faoi dhliteanas, go ginearálta, íoc as costais an pháirtí rathúil.

Déantar foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú, ag Alt 50B, do rialacha speisialta d’fhonn an Treoir um Rannpháirtíocht Phoiblí agus Coinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh. I gcásanna lena mbaineann Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol, Measúnú Straitéiseach ar an gComhshaol agus treoracha um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú, is gnách nach mbeidh duine de mhuintir an phobail a lorgaíonn athbhreithniú ar chinneadh poiblí faoi dhliteanas íoc as a c(h)uid costas agus d'fhéadfadh sé bheith i dteideal a c(h)ostais a fháil ón bpáirtí neamhrathúil má bhíonn an rath air/uirthi. Ina theannta sin, féadtar a c(h)ostais a dhámhachtain ar iarratasóir i gcásanna lena mbaineann tábhacht eisceachtúil agus sa chás go bhfuil sé ar mhaithe le ceartas.

Tá roinnt eisceachtaí, áfach, i leith na rialach seo agus féadtar ordú costas a dhámhachtain i leith páirtí i ndáil le himeachtaí faoi chúinsí áirithe, lena n-áirítear:

  • Sa chás go meastar go bhfuil cás cráiteach nó suaibhreosach
  • An bealach faoinar thug páirtí na himeachtaí, nó
  • Má dhéanann páirtí an chúirt a dhíspeagadh

San Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 rinneadh na rialacha seo a shíneadh chun athbhreithnithe ar chinntí i gcásanna áirithe eile comhshaoil a chuimsiú.

Cuirtear liosta de na saghsanna cásanna lena mbaineann na rialacha seo ar fáil ag Alt 4 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha).

Déanann Alt 7 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 foráil do nós imeachta inar féidir le duine iarratas a dhéanamh ar chúirt, sula nglactar imeachtaí, lena dheimhniú an gcáilítear an cás atá faoi chaibidil do na rialacha nua ar chostais. Ciallaíonn seo gur féidir le hiarratasóir a dheimhniú, ag luathchéim, céard is dócha a bheidh i gceist leis na rioscaí airgeadais má leanann sé/sí ar aghaidh leis an gcás. Mura gcomhaontaíonn an Chúirt go dtagann an cás faoi chuimsiú na rialacha nua ar chostais, féadfaidh an t-iarratasóir athmhachnamh a dhéanamh ar na himeachtaí agus an baol costais gaolmhar.

Chun costais a bhreislaghdú, is faoi dhuine ar bith a bhfuil cás á ghlacadh acu i gceisteanna comhshaoil a fhiafraí de chleachtóirí dlí an bhfuil siad toilteanach chun glacadh leis an gcás ar bhonn ‘dea-thoradh ar bith, táille ar bith’. Faoina leithéid de chomhaontú, má éiríonn leat i do chás, beidh tú i dteideal do chostais a aisghabháil ón taobh nár éirigh leis, agus mura n-éiríonn le do chás, chomhaontaigh d’ionadaithe dlí gan a dtáillí a lorg.

Féach courts.ie ar fhaisnéis maidir le táillí cúirte iníoctha.

Ina theannta sin, ceanglaíonn an tAcht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 go dtugtar aird bhreithiúnach ar Choinbhinsiún Aarhus.

Page edited: 23 November 2016