Tá ceart agat faisnéis comhshaoil áirithe a fháil ó údarás poiblí.
Chun faisnéis comhshaoil a fháil, is féidir leat an reachtaíocht maidir le Saoráil Faisnéise (FOI) a úsáid nó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (Rialacháin AIE) a úsáid. Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh faoin gcúlra reachtaíochta maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil.
Chomh maith le ceart rochtana ar fhaisnéis comhshaoil a thabhairt duit, cuireann Rialacháin AIE dualgas ar na húdaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach maidir le faisnéis comhshaoil a scaipeadh go poiblí.
Faoi na Rialacháin seo, caithfidh na húdaráis phoiblí faisnéis a chur ar fáil don phobal faoina gcearta agus faisnéis agus treoir ar fheidhmiú na gceart sin. Caithfidh siad iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chomh maith chun faisnéis comhshaoil a chothabháil agus é seo a bheith ar fáil i bhfoirm inrochtana agus ar bhealach gur féidir é a atáirgeadh.
Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol 2007 (pdf).
Cad is údarás poiblí ann?
Údarás poiblí is ea comhlacht nó eagraíocht ar bith a bhfuil ról aige i riarachán poiblí agus a bhfuil faisnéis comhshaoil acu. Tá an sainmhíniú ar údaráis phoiblí faoi Rialacháin AIE níos leithne ná faoin reachtaíocht FOI. Ciallaíonn sé seo mura bhfuil údarás clúdaithe ag FOI, d'fhéadfá rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a fháil fós ag baint leasa as Rialacháin AIE.
Má dhiúltaítear don iarratas ar fhaisnéis comhshaoil toisc go gcinneann an comhlacht nó eagraíocht nach údarás poiblí iad, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CFC). Tá ról mar CFC ag an Ombudsman /Coimisinéir Faisnéise reatha chomh maith faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (I.R. Uimh. 133 de 2007) (pdf).
Cén fhaisnéis ar féidir leat rochtain a fháil uirthi?
Ceadaíonn Rialacháin AIE rochtain ar raon leathan faisnéise. Ceadaíonn siad rochtain ar fhaisnéis comhshaoil arna tháirgeadh ag údarás poiblí, arna fháil ag údarás poiblí agus arna choinneáil in áit éigin eile ar son an údaráis.
Áirítear faisnéis comhshaoil i measc eolais faoi na hábhair a leanas:
An féidir rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a dhiúltú duit?
Ní féidir faisnéis faoi astaíochtaí sa chomhshaol a dhiúltú duit. Mar sin féin, d'fhéadfaí rochtain a dhiúltú duit ar fhaisnéis faoi leith. Mar shampla, d'fhéadfaí faisnéis a dhiúltú duit faoi shuíomh speicis i mbaol, dá gcruthódh an nochtadh an eolais seo breis riosca.
Déanfar iarratas ar fhaisnéis ag baint leasa as Rialacháin AIE a dhiúltú má tá an fhaisnéis atá ag teastáil le cur ar fáil faoi fhoráil reachtúil ar bith eile (seachas FOI).
Cad is féidir leat a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain ar an bhfaisnéis seo duit?
Caithfidh an t-údarás poiblí fógra a thabhairt duit faoi thoradh an iarratais laistigh de mhí amháin. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh den tréimhse seo, is féidir leat glacadh leis gur diúltaíodh don iarratas.
Tá cúiseanna ann nuair is féidir rochtain ar fhaisnéis comhshaoil a dhiúltú duit go dlíthiúil. Mar sin féin, má dhiúltaíonn an t-údarás poiblí don iarratas ar fhaisnéis nó mura ndéileálann siad leis an iarratas mar is cuí, is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ón údarás poiblí.
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh.
Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat gearán nó achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CFC). Caithfidh tú gearán nó achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh athbhreithnithe ón údarás poiblí. D'fhéadfadh an CFC an teorainn ama a shíneadh má chreideann sí go bhfuil a leithéid de rud réasúnta.
Tá cumhacht ag an gCoimisinéir na cinntí a dhéanamh ceangailteach agus is féidir iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun seasamh le cinneadh má tá sé riachtanach.
Iarratas ar fhaisnéis comhshaoil ón údarás poiblí
Níl aon táille ann chun iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis comhshaoil faoi Rialacháin AIE. D'fhéadfaí faisnéis a sholáthar duit gan táille chomh maith - chomh fada is nach bhfuil costas suntasach i gceist.
Mar sin féin, d'fhéadfadh táille réasúnta a bheith i gceist a thógann an costas a bhaineann le soláthar na faisnéise san áireamh, mar shampla, costas cuardaigh, tiomsaithe agus cóipeála faisnéise.
Caithfidh na húdaráis phoiblí liosta táillí a chur ar fáil go poiblí, más ann dóibh, a ghearrtar do sholáthar faisnéise comhshaoil.
An chéad chinneadh ar achomharc don Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil maidir le táillí atá gearrtha ag údarás áitiúil.
Athbhreithniú inmheánach ar chinneadh an údaráis phoiblí
Ní ghearrtar aon táille ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh ón údarás poiblí.
Achomharc a dhéanamh ar chinneadh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil
Tá costas €150 ar achomharc a dhéanamh chuig an CFC nó €50 má tá cárta leighis agat.
Tá roinnt pointí le meabhrú nuair atá iarratas ar fhaisnéis comhshaoil á dhéanamh:
Caithfidh an t-údarás freagra a thabhairt ar an iarratas chomh luath agus is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin ón dáta a bhfaightear an t-iarratais uait. Má tá an t-iarratas casta nó líon mór faisnéise ag teastáil, caithfidh an t-údarás scríobh chugat laistigh de mhí amháin le hinsint duit faoi dheacrachtaí atá acu maidir le próiseáil d'iarratais. Caithfidh siad dáta a thabhairt duit chomh maith faoin dtabharfaidh siad freagra ort - ní féidir leis an dáta seo a bheith dhá mhí níos mó ná an t-iarratas bunaidh.
Iarrann Rialacháin AIE ar údaráis phoiblí oifigigh eolais a bheith acu atá sannta chun gach iarratas a chlárú agus a phróiseáil.
Cén cúnamh atá ar fáil duit ó údarás poiblí?
Faoi na Rialacháin, ba chóir don údarás poiblí iarracht a dhéanamh freagra dearfach agus pras a thabhairt ar d'iarratas. Ba chóir dóibh cúnamh a thairiscint chun cur ar do chumas iarratas a dhéanamh, go háirithe má tá deacrachtaí litearthachta agat nó má tá míchumas ag dul duit.
Mura bhfuil an fhaisnéis ag an údarás lena ndéanann tú an t-iarratas, d'fhéadfaidís d'iarratas a aistriú chuig an t-údarás chuí agus tú a chur ar an bhfaisnéis faoi sin. Mar sin féin, seachas d'iarratas a aistriú, d'fhéadfaidís faisnéis a sholáthar duit faoin áit is fearr duit an t-iarratas a sheoladh.
Iarratas ar fhaisnéis comhshaoil
Ba chóir d'iarratas ar fhaisnéis comhshaoil a sheoladh chuig an t-údarás poiblí leis an bhfaisnéis atá ag teastáil, mar shampla, do údarás áitiúil, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil.
Athbheithniú inmheánach ar chinneadh ón údarás poiblí
Caithfear athbhreithniú inmheánach ar chinneadh ón údarás poiblí a iarraidh ón údarás poiblí ar sheol tú iarratas ar fhaisnéis comhshaoil chuige.
Achomharc a dhéanamh ar chinneadh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil
Ba chóir achomhairc chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil a sheoladh chuig an seoladh a leanas:
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Ireland
Teil:(01) 639 5689
Lóghlao:1890 253 238
Facs:(01) 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.ocei.gov.ie/
R-phost: info@ocei.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.