Coinbhinsiún Aarhus agus comhaontuithe gaolmhara

Réamhrá

Glacadh le Coinbhinsiún Geilleagrach d’Eoraip na Náisiún Aontaithe (UNECE) um Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht i nDéanamh Cinntí agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil (‘The United Nations Economic Commission for Europe (UNECE) Convention on Access to Information, Public Participation in Decision-making and Access to Justice in Environmental Matters’) (ar a dtugtar go coitianta Coinbhinsiún Aarhus) an 25 Meitheamh 1998. Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún Aarhus an 20 Meitheamh 2012. Léigh tuilleadh ar environ.ie.

Ina theannta sin, dhaingnigh Éire dhá chomhaontú ghaolmhara – an Prótacal maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus an Leasú GMO ar Choinbhinsiún Aarhus, a ndéantar cur síos orthu thíos. Tháinig Coinbhinsiún Aarhus agus na 2 chomhaontú gaolmhara seo i bhfeidhm an 18 Meán Fómhair 2012.

Forálacha Choinbhinsiún Aarhus

Leagtar amach i gCoinbhinsiún Aarhus sraith rialacha bunúsacha chun rannpháirtíocht phoiblí a chur chun cinn in ábhair chomhshaoil. Tá ag an gCoinbhinsiún 3 cholún:

  1. Rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil: Áirítear leis seo, faisnéis ar staid an chomhshaoil agus/nó saincheisteanna sláinte daoine, mar aon le faisnéis ar bheartais agus ar bhearta a glacadh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi seo inár gcáipéis ar Rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil.
  2. Rannpháirtíocht phoiblí i ndéanamh cinntí comhshaoil: Tá ag muintir an phobail an ceart chun bheith rannpháirteach i réimse cinntí sa chás go bhféadfaidís tionchar comhshaoil a imirt. Ina measc seo tá ábhair phleanála agus cinntí ceadúnaithe comhshaoil eile, ar nós ceadúnais chladaigh, ceadúnais dramhaíola agus ceadúnais Chomhtháite Rialaithe um Chosc ar Thruailliú. Tá dualgas ar údaráis phoiblí atá freagrach as cinntí a dhéanamh ar na ceadúnais sin fógraí a fhoilsiú ar iarratais shonracha ar cheadúnais, nach mór dóibh an pobal a chur ar an eolas faoi conas is féidir leo bheith rannpháirteach. Cuirtear san áireamh tuairimí a sheolann muintir an phobail isteach sa phróiseas déanta cinntí.
  3. Rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil: Tá an ceart ag muintir an phobail agus baill d’eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil chun athbhreithniú a lorg ar chinntí a rinneadh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcomhshaol. Ní mór do na nósanna imeachta “réitigh leordhóthanacha agus éifeachtacha a sholáthar... agus a bheith cóir, cothrom agus tráthúil, seachas bheith costasach ar bhonn toirmisc”.

    De ghnáth, sa chás go ndéanann an reachtaíocht foráil d’achomharc riaracháin i leith cinneadh pleanála nó comhshaoil, ba cheart an mheicníocht seo a úsáid i dtosach báire, sula ndéantar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh. Mar shampla, ba ghnách go ndéanfaí achomharc i leith cinneadh pleanála i dtosach báire, leis an mBord Pleanála.

    In Éirinn, is trí athbhreithniú breithiúnach, go héifeachtach, a chomhlíontar an ceanglas chun meicníocht a sholáthar chun cur in aghaidh dlíthiúlacht shubstainteach agus ghnásúil chomhlachta phoiblí. Féach courts.ie chun faisnéis ar na táillí cúirte a fhail.

Treoracha an AE agus an reachtaíocht náisiúnta

Thug an tAontas Eorpach 2 Threoir isteach chun Coinbhinsiún Aarhus a chur i bhfeidhm:

  1. Directive 2003/4/EC on Public Access to Environmental Information (pdf)
  2. Treoir 2003/35/CE maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí i ndáil le dréachtú pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol

Cuireadh an dá Threoir i bhfeidhm go hiomlán in Éirinn.

Mar aon le reachtaíocht a dhéanann na Treoracha seo a thrasuíomh, cuireadh san áireamh breis beart san Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 chun codanna den Choinbhinsiún a chur i bhfeidhm. Thug an tAcht isteach rialacha nua faoi na costais a bheidh i gceist i gcásanna áirithe, mar aon le ceanglas go nglacfar fógra breithiúnach faoin gCoinbhinsiún.

Ar an iomlán, úsáideadh breis agus 60 píosa reachtaíochta chun Coinbhinsiún Aarhus a chur i bhfeidhm in Éirinn.

An Prótacal maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán

Is éard is Clár Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (PRTR) ann, bunachar sonraí nó fardal náisiúnta nó réigiúnach de shubstaintí agus/nó de thruailleáin cheimiceacha a d’fhéadfadh bheith guaiseach a scaoiltear san aer, san uisce agus san ithir, agus a aistrítear ón suíomh lena gcóireáil nó lena ndiúscairt. Is é príomhchuspóir an Phrótacail maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (pdf) chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis trí PRTRanna soiléire comhtháite a bhunú, d’fhonn rannpháirtíocht phoiblí i ndéanamh cinntí comhshaoil a éascú agus chun cur le cosc a chur agus laghdú a dhéanamh ar thruailliú comhshaoil.

Shínigh Éire an Prótacal ar PRTRanna in 2003. Ionstraim idirnáisiúnta an Prótacal seo a cheanglaíonn ar na tíortha rannpháirteacha chun cláir ar a bhfuil rochtain phoiblí a bhunú agus a choimeád ina bhfuil faisnéis ar réimse fairsing truailleán ó ghníomhaíochtaí áirithe lena mbaineann tábhacht chomhshaoil.

Cuireadh i bhfeidhm bearta reachtaíochta agus bearta eile lena chinntiú go gcomhlíontar dualgais na hÉireann faoin bPrótacal. Is é príomhchuspóir an Phrótacail chun PRTR náisiúnta a bhunú chun ceanglais shonracha faoin bPrótacal a chomhlíonadh.

Déanann Rialacháin an Chláir um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán, 2011 (IR Uimh. 649 de 2011) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a shannadh mar an Údarás Inniúil chun críocha an Phrótacail PRTR. I nDeireadh Fómhair 2011, bhunaigh an GCC PRTR na hÉireann, ina n-áirítear faisnéis faoi astuithe ó bhreis agus 300 fóntas tionsclaíoch ar fud an Stáit agus cuireann sé ar chumas mhuintir an phobail teacht ar níos mó faisnéise faoi mhórfhoinsí astuithe truaillithe ina gceantar máguaird.

Leasú GMO Choinbhinsiún Aarhus

Glacadh le Leasú Órgánach Géinmhodhnaithe Choinbhinsiún Aarhus (pdf) in 2005. Cuireann sé ceanglais i bhfeidhm le haghaidh rannpháiríocht phoiblí i gcinntí lena mbaineann scaoileadh lántoiliúil orgánach géinmhodhnaithe (GMOanna). Tá na ceanglais seo níos sonraí ná na ceanglais ghinearálta lena mbaineann rannpháirtíocht phoiblí atá i gceist le saincheisteanna eile a chuimsíonn Coinbhinsiún Aarhus.

Tagraíonn ‘Scaoileadh Lántoiliúil’ do tháirgí géinmhodhnaithe (GM) a chur ar an margadh nó barra GM a shaothrú. Ní áirítear leis GMOanna a úsáid i láithreacha srianta, ar nós saotharlann. Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ar GMOanna ar láithreán gréasáin na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus an GCC.

Cuireadh an Leasú GMO i bhfeidhm san AE ag Treoir 2001/18/CE ar Scaoileadh Lántoiliúil de GMOanna.

Rinneadh an Treoir seo a thrasuíomh in Éirinn ag Rialacháin an Chláir um Scaoileadh Amach agus Aistriú Órgánach Géinmhodhnaithe (Scaoileadh Lántoiliúil), 2003 (IR Uimh. 500 de 2003).

Coiste Comhlíonta Aarhus

Bhunaigh Airteagal 15 de Choinbhinsiún Aarhus socruithe maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Choinbhinsiúin. Chun na críche sin, bunaíodh Coiste Comhlíonta chun plé agus cinneadh a dhéanamh ar sháruithe féideartha an Choinbhinsiúin. Tá Éire faoi réir na meicníochta comhlíonta ón 18 Meán Fómhair 2013 ar aghaidh, bliain amháin i ndiaidh an dáta a tháinig an comhaontú i bhfeidhm. Aimsigh tuilleadh faisnéise faoin gCoiste agus faoina chuid oibre.

Page edited: 16 July 2015