Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Daonáireamh

Print Page Send to a Friend

Daonáireamh

Eolas

Cuntas cuimsitheach ar gach duine a chónaíonn sa Stát dáta faoi leith é Daonáireamh na hÉireann ag cur san áireamh freisin daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu anseo.

Bíonn daonáireamh ann gach cúig bliain agus is í an Phríomhoifig Staidrimh (POS) atá freagrach as. Ritheadh daonáireamh 2011 ar an Domhnach 10 Aibreán 2011. Roimhe sin, bhí an daonáireamh ba dhéanaí ann i mí Aibreáin 2006.

Tá oibleagáid dlíthiúil ann (faoin Acht Staidrimh 1993) an fhoirm a líonadh.

Na fáthanna go mbíonn daonáireamh ann

Insíonn daonáireamh dúinn cén daonra atá in Éirinn. Baintear úsáid as an eolas ón daonáireamh le pleanáil a dhéanamh do sholáthar seirbhísí ar nós cúram sláinte, seirbhísí oideachais agus a leithéidí. Ag an leibhéal áitiúil, tugann mionsonraí an daonáirimh cúnamh le áiteanna a aithint ina bhfuil an dífhostaíocht nó an díothacht ghinearálta an-ard agus cá mbeadh éileamh ar sheirbhísí agus áiseanna áitiúla.

Is é an daonáireamh an t-aon bhealach cruinn atá ann le líon na ndaoine a thagann isteach sa tír a mheas. Déantar é seo trí chomparáid a dhéanamh idir thorthaí ó dhaonáirimh siar na blianta agus ag cur san áireamh an méid daoine a saolaíodh agus a bhásaigh sa tír le linn na tréimhse céanna sin.

Tá sé leagtha síos i mBunreacht na hÉireann go mbeidh ballraíocht iomlán ag Dáil Éireann bunaithe ar an daonra a dhéanann Daonáireamh na hÉireann a chomhaireamh (TD amháin ar son gach 20,000 go 30,000 daoine).

Conas a riartar an daonáireamh

Dáiltear foirm an daonáirimh ar gach teaghlach agus ar áiteanna eile ina mbeidh daoine i láthair ar oíche an daonáirimh. Ba cheart gach duine atá sa teaghlach ar an oíche sin a chomhaireamh. Tá liosta breise ar an bhfoirm le daoone a bhíonn sa teaghlach de ghnáth, ach nach bhfuil ann ar oíche an daonáirimh, a chomhaireamh. Muna mbeidh éinne sa bhaile ar oíche an daonáirimh, tabhairfidh d'áiritheoir 'foirm E' duit seachas foirm an daonáirimh.

I measc na gceisteanna ar fhoirm an daonáirimh tá ceisteanna a bhaineann le haois, stádas pósta, gnéas, áit bhreithe, príomhstádas eacnamaíoch, gairm bheatha agus tionscal, agus tréithe tithíochta.

Pléitear le gach eolas a chuireann tú ar an bhfoirm go rúnda. Bainfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid as an eolas a sholáthraíonn tú ar chúiseanna staidrimh amháin. Ní chuirfear d'ainm ná do sheoladh ar bhunachar sonraí ar bith, agus ní bheidh aon eagraíocht eile (fiú Ranna nó gníomhaireachtaí Stáit) ábalta rochtain a fháil ar shonraí a d'fhéadfadh teaghlach nó duine aonair a shainaithint ar chaoi ar bith.

Daonáireamh 2011

Bhí Daonáireamh 2011 ann ar an Domhnach 10 Aibreán. Ba cheart gach duine atá sa Stát ar an oíche sin a áireamh ar fhoirm an daonáirimh. Dáileann áiritheoirí daonáirimh na foirmeacha ar gach teaghlach roimh lá an daonáirimh agus bailíonn siad iad ina dhiaidh sin. Ba chóir duit an fhoirm seo a chomhlánú i leith gach duine a bhí sa teaghlach an oíche sin (nó a mbíonn ann de ghnáth - ar an liosta breise). Muna raibh éinne sa bhaile ar oíche an daonáirimh, iarr ar d'áiritheoir 'foirm E' a thabhairt duit seachas foirm an daonáirimh. Sínigh an dearbhú ar deireadh na foirme agus coiméad d'fhoirm chomhlánaithe réidh le bailiú ag d’áiritheoir.

Tá cárta aitheantais ag gach áiritheoir agus is féidir leat é seo a sheiceáil más mian leat. Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi fhoirm an daonáirimh, id féidir le d’áiritheoir cabhrú leat. Cabhróidh d’áiritheoir leat freisin má tá aon deacracht agat le comhlánú na foirme.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an láithreán gréasáin www.census.ie.

Foirm an daonáirimh

Is féidir sampla den fhoirm a léamh ar láithreán gréasáin an daonáirimh www.census.ie. Tá liosta na gceisteanna ar fáil freisin, chomh maith le cur síos sonraithe ar na ceisteanna. Ta treoirleabhar céim-ar-chéim ar fáil chomh maith.

Iarradh dhá cheist nua i 2011. Siad sin: "An labhraíonn tú teanga seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile?" agus "Conas atá do shláinte ghinearálta?"

Tá leaganacha Gaeilge agus Béarla den fhoirm le fáil - abair le d'áiritheoir cé acu is mian leat a fháil.

Agus tú ag comhlíonadh na foirme, marcáil an bosca cuí go dlúth le peann dubh nó gorm, mar a léirítear ar leathanach tosaigh na foirme.

Táthar tar éis téacs na foirme a aistriú go breis agus 20 teanga iasachta agus tá faisnéis chúlrach ar fáil sna teangacha sin chomh maith. Níl na téacsanna seo ann ach mar eolas, áfach, agus caifear an fhoirm a chomhlíonadh sa leagan Gaeilge nó Béarla amháin.

Ta leagan den fhoirm ar fáil i gcló mór freisin. Tá leaganacha Braille, caiséid agus dlúthdhiosca den fhoirm dhaonáirimh ar fáil ach iad a iarraidh ó d'áiritheoir nó ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Is féidir closleagan 5-míreach a íoslódáil i bhformáid MP3.

Má bhaineann tú úsáid as a leagan i gcló mór, líon isteach d'fhreagraí agus baileoidh d'áiritheoir an fhoirm uait. Cuirtear an leagan Braille agus na closleaganacha ar fáil mar chabhair amháin, agus is gá an fhoirm phaipéir (Gaeilge nó Béarla) a chomhlánú sa ghnáthbhealach.

Torthaí an daonáirimh 2011

réamhthorthaí an daonáirimh foilsithe ar láithreán gréasáin an POS. B'é 4,581,269 líon iomlán an daonra. Cuirtear an líon seo i gcomparáid leis an líon a bhí ann sa bhliain 2006 - 4,234,925 duine an uair sin. Is méadú 341,421 duine (nó 8.1%) sna 5 bliana 2006-2011 é. Cuirfear torthaí iomlána an daonáirimh ar fáil diaidh ar ndiaidh.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Is féidir leaganacha aistrithe, closleagan nó leagan i gcló mór a íoslódáil ó dheasc chabhrach an daonáirimh.

Is féidir leat cabhair a éileamh ón dheasc chabhrach ar líne nó glaoch a chur ar Íosghlao 1890 2011 11.

Fiosrúcháin an Daonáirimh

Campas Gnó Sord
Bóthar Balheary
An Sord
Co. Átha Cliath

Teil:+ 353(0)1 895 1321
Lóghlao:1890 236 787
Facs:+353(0)1 895 1399
Láithreán Gréasáin: http://www.census.ie/
R-phost: census@cso.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.