Sainaithint agus rialú capall

Réamhrá

Má tá úinéireacht agat ar nó má choimeádann tú capall nó a mhacasamhail d’ainmhí, ní mór é a mhicrishliseadh agus ní mór go mbíonn cáipéis oifigiúil aitheantais aige, ar a dtugtar pas capaill – féach ‘Sainaithint capaill’ thíos.

Tá na ceanglais seo le sonrú faoi Rialachán 504/2008 an AE a rinneadh a thrasuí, anuas ar leasuithe a rinneadh ní ba dhéanaí, isteach i ndlí na hÉireann. Baineann siad le gach ball d’eachainmhithe, capaillíní, asail agus crosálaigh, ar a dtugtar go hoifigiúil ainmhithe eachaí ach dá dtagraítear anseo, ar mhaithe le soiléireacht, mar chapaill.

Chomh maith leis sin, má choimeádann tú capall i limistéar rialaithe atá ainmnithe faoin Acht um Rialú Capall, 1996, ní mór go mbeadh ceadúnas capaill agat dó chomh maith leis an micrishlis agus an pas capaill – féach ‘Rialú capall’ thíos.

Tá tú faoi dhliteanas as aon ghortú nó díobháil a dhéanann do chapall do dhaoine eile nó do mhaoin.

Sainaithint capaill

Baineann 3 chuid leis an gcóras sainaitheanta do chapaill:

  • Pas eachaí (capaill), atá bailí ar feadh shaolré an chapaill
  • Ionchlannú micrishlise, a cheanglaíonn an t-ainmhí leis an bpas
  • Uimhir Shaoil Uathúil Eachaí (USUE)

Pasanna do chapaill

D’fhaomh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara roinnt eagraíochtaí ar mhaithe le cáipéisí aitheantais a eisiúint do chapaill agus bunachair fhaofa a choimeád. Foilsítear liosta de na comhlachtaí eisiúna seo ar láithreán gréasáin na Roinne.

Anuas ar chruthú aitheantas ainmhí a chumasú, cuimsítear sa phas dearbhú maidir le cé acu an mbeartaítear nó nach mbeartaítear an capall le haghaidh tomhaltais ag daoine. Ní mór an dearbhú seo a shíniú má tá saghsanna áirithe de chógas á dtabhairt don chapall, a fhágann go bhfuil sé neamhoiriúnach don bhiashlabhra daonna. Féadfaidh an t-úinéir a roghnú chun an dearbhú seo a shíniú go deonach.

Ní mór go bhfuil pas ag aon chapall a shaolaítear é sa Stát roimh an 31 Nollaig i mbliain na breithe, nó laistigh de 6 mhí i ndiaidh dháta na breithe, pé dáta is déanaí. Ní mór go bhfuil pas ag capall a shaolaítear i mBealtaine, mar shampla, faoin 31 Nollaig an bhliain sin. Ní mór go bhfuil pas ag capall a shaolaítear i nDeireadh Fómhair laistigh de 6 mhí – faoi Aibreán na bliana ina dhiaidh sin.

Go ginearálta, má fhágann searrach an gabháltas inar rugadh é, ní mór é a mhicrishliseadh ar dtús (féach thíos) agus pas a eisiúint dó. Má tá an searrach faoi bhun 6 mhí d’aois, áfach, mura bhfuil sé scoite go fóill agus má tá a mháthair nó a láir altrama ina chuideachta, ní theastaíonn pas uaidh.

Ní mór go ngabhann pas bailí le haon chapall a iompórtáiltear isteach sa Stát ó stát eile san AE. B’fhéidir go bhfuil pas cheana féin, chomh maith leis sin, ag capall a iompórtáiltear ó áit lasmuigh den AE. Ní mór duit pas eachtrach an chapaill a chlárú leis an gcomhlacht cuí eisiúna Éireannach laistigh de 30 lá.

Má tá an capall á iompórtáil ó áit lasmuigh den AE agus mura bhfuil pas aige, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gcomhlacht cuí eisiúna Éireannach ar phas laistigh de 30 lá.

Ní mór go ngabhann an pas leis an gcapall pé uair a bhogtar é, cé acu taobh istigh den Stát nó go dtí áit éigin eile. Sa mhullach air sin, faoi na Rialacháin um Eachainmhithe (Athrú Úinéireachta), 2016, nuair a athraíonn capall úinéireacht, ní mór an pas a thabhairt don úinéir nua agus ní mór dó/di an t-athrú úinéireachta a chlárú leis an gcomhlacht cuí eisiúna.

Nuair a fhaigheann capall bás, ba cheart duit a phas a thabhairt ar ais chuig an gcomhlacht eisiúna ionas gur féidir a shonraí ar an mbunachar sonraí a nuashonrú. Má rinneadh an capall a mharú, breacfaidh an t-ionad maraithe seo thíos ar an bpas, a sheolfar ar ais chuig an gcomhlacht eisiúna ar deireadh thiar.

Micrishliseadh agus uimhriú

Go ginearálta, caithfidh gach capall a bheith micrishliste. Ní gá micrishlis a ionsá in aon chapall a raibh pas aige cheana féin an 1 Iúil 2009, áfach.

Soláthraíonn na comhlachtaí eisiúna pas na micrishliseanna, nach mór do chleachtóir tréidliachta (tréidlia) a ionchlannú. Tá an fhaisnéis ar an micrishlis ceangailte le pas an chapaill agus leis na sonraí atá cláraithe ar bhunachar sonraí an chomhlachta eisiúna.

Sonraítear Uimhir Shaoil Uathúil Eachaí (USUE) an chapaill ar a phas agus sainaithníonn sí é leis an gcomhlacht eisiúna.

Rialú capall

Ceadaítear san Acht um Rialú Capall, 1996 d’údaráis áitiúla chun fodhlíthe a thabhairt isteach a ainmníonn roinnt limistéar mar limistéir rialaithe do chapaill. (Cuimsíonn an téarma “capall” faoin Acht capaill, asail agus miúileanna.) Nuair atá na fodhlíthe siúd á ndéanamh ag an údarás áitiúil, ní mór dó nósanna imeachta áirithe a leanúint, ina measc sonraí a thabhairt ar na limistéir bheartaithe rialaithe i nuachtáin áitiúla.

Má tá tú i do chónaí i limistéar ainmnithe rialaithe, teastaíonn ceadúnas uait chun capall a bheith agat. Is gnách go maireann ceadúnas ar feadh bliana. Coimeádann an t-údarás áitiúil clár atá ar fáil go poiblí ar gach ceadúnas a eisíodh.

Nuair a dhéantar iarratas ar cheadúnas, ní mór duit a shásamh don údarás áitiúil gur duine oiriúnach thú chun capall a choimeád agus go ndéanfar an capall a chothabháil agus a choimeád i stábla, faoi mar is cuí. Más le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois capall, meastar gurb ionann ceann an teaghlaigh ina gcónaíonn siad agus an t-úinéir, mar gheall nach féidir capaill a dhíol le duine ar bith faoi 16 bliana d’aois.

Ní mór do dhuine ar bith a cheadaítear chun capall a bheith acu in áit phoiblí a chinntiú go bhfuil srian á chaitheamh aige agus go bhfuil sé faoi smacht leordhóthanach. Tá sé in aghaidh an dlí ligean do chapall innilt, beathú, bheith ar strae nó fanacht in áit phoiblí gan toiliú an údaráis áitiúil a bheith faighte agat.

Más mian leat do chapall a mharcaíocht ar bhóthar poiblí, féadfaidh tú amhlaidh a dhéanamh a fhad agus go bhfuil ceadúnas ag an gcapall agus go bhfuil srian ar an gcapall. Ba cheart go mbeadh an capall faoi smacht ag duine atá os cionn 16 bliana d’aois.

Cigireacht agus cionta

Féadfaidh na Gardaí nó an fhoireann a údaraíonn an t-údarás áitiúil an cinneadh a dhéanamh chun cigireacht a dhéanamh ar do chapall agus caithfidh tú ligean dóibh é seo a dhéanamh. Féadfaidh siad iarraidh ort chun fianaise a sholáthar i leith ceadúnas capaill. Tá cumhachtaí sách fairsinge cuardaigh agus gabhála acu má bhíonn siad in amhras faoi chruálacht i leith capall.

Sonraítear sa reachtaíocht roinnt cionta, ina measc teip ar chapall a bhaint ó áit phoiblí nó ó limistéar rialaithe agus úsáid bhaolach a bhaint as capall. Féadtar thú a ghabháil gan bharántas i ngeall ar thromlach na gcionta seo. Má chiontaítear thú, féadtar fíneáil a ghearradh ort nó thú a phríosúnú (nó an dá rud) agus féadtar thú a dhícháiliú ó chapall a choimeád ar feadh tréimhse. Féadfaidh an chúirt an capall a urghabháil agus é a dhiúscairt faoi mar a shíleann siad is cuí.

Capaill ar strae

Anuas ar chapaill neamhcheadúnaithe i limistéir rialaithe, féadtar capaill ar strae nó neamh-inaitheanta nó capaill atá ina gcúis le núis nó a chruthaíonn baol, a urghabháil, a choinneáil agus nó a mhilleadh. Má thángthas ar do chapall i mbun fánaíochta 3 huaire laistigh de thréimhse 12 mhí, féadtar é a urghabháil agus ní thabharfar ar ais duit é.

Rátaí

D’fhonn go ndéanfar capall a chlárú, a mhicrishliseadh agus a eisiúint le pas, beidh ort táillí a íoc leis an gcomhlacht faofa eisiúna pas agus leis an tréidlia a dhéanann an mhicrishlis a ionchlannú. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh costais bhreise a bheith i gceist ar thástáil DNA etc.

Seiceáil láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil chun teacht ar shonraí faoina athruithe ar cheadúnais chapaill agus chun capall urghafa a athéileamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun socruithe a dhéanamh go ndéanfar do chapall a chlárú, a mhicrishliseadh agus a eisiúint le pas, déan teagmháil leis an gcomhlacht faofa eisiúna pas.

Chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas capaill, déan teagmháil le d’údarás áitiúil.

Tuilleadh eolais

D’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faisnéis ar chlárú agus pasanna capaill, anuas ar shraith ceisteanna coitianta, agus ar bhileog faisnéise (pdf) ar agriculture.gov.ie.

Chun teacht ar bhreis faisnéise faoi chlárú agus pasanna capaill, déan teagmháil leis an gcomhlacht faofa eisiúna nó le Rannóg um Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe na Roinne ag:

Page edited: 24 October 2017