Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Leas agus Smachtú Ainmhithe > Rialú madraí

Print Page Send to a Friend

Rialú madraí

Eolas

Faoin Acht um Rialú Madraí 1986 arna leasadh ag an Acht um Rialú Madraí (Leasú) 1992, tá sé de dhualgas ar na húdaráis áitiúla smacht a choinneáil ar mhadraí. Tá an chumhacht ag na húdaráis áitiúla maoir mhadraí a cheapadh, dídean mhadraí a sholáthar, madraí a ghabháil, fíneáil a dhéanamh ar an spota agus an dlí a chur ar úinéirí.

Is féidir leis na húdaráis áitiúla dul isteach i gcomhaontú lena chéile le maoir mhadraí agus dídean mhadraí a sholáthar. Is féidir leo freisin dul isteach i gcomhaontú le dreamanna ar nós Cumann na hÉireann um Chosaint Ainmhithe (ISPCA) nó, le cead ón Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, dul i mbun comhaontaithe le haon duine nó aon eagraíocht a bhaineann le leas ainmhithe leis na seirbhísí seo a sholáthar.

Tá tú freagrach as aon ghortú nó damáiste ar bith a dhéanann do mhadra do dhaoine nó do stoc.

Is féidir bac a chur ort madra a choinneáil más rud é gur chúisíodh tú ar thurcántacht ar mhadra faoi na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe 1911 agus 1965.

Rialacha

Ceadúnais mhadraí

Caithfidh tú a bheith os cionn 16 bliana d'aois le ceadúnas madra a fháil. Is coir atá ann má tá madra agat, mura bhfuil ceadúnas agat. Is gá do gach madra os cionn 4 mhí d'aois a bheith ceadúnais aige. Ní gá do choileáin faoi bhun 4 mhí ceadúnas a bheith acu, ach nuair fágann siad a máthair, is gá dóibh ceadúnas. Caithfidh an madra a bheith i gcuideachta agus a bheith faoi smacht éifeachtach duine éigin freagrach má tá an madra taobh amuigh den teach nó áitreabh nó taobh amuigh de theach nó áitreabh an duine atá i bhfeighil ar an ainmhí. Is féidir leis an maor madra fianaise a iarraidh ort le taispeáint go bhfuil ceadúnas madra agat agus muna ndéanann tú sin is féidir tú a fhíneáil ar an spota. Muna n-íocann tú an fhíneáil seo laistigh den tréimhse atá leagtha síos, is féidir leis an údarás áitiúil tú a chúisiú.

Ní gá ceadúnas do mhadraí treoracha dall; do mhadraí atá i seilbh ag údarás áitiúil, Cumann na hÉireann um Chosaint Ainmhithe nó na Gardaí; ná d'aon mhadra iompórtáilte sa Stát ar feadh níos lú ná 30 lá.

Is féidir gnáthcheadúnas bliantúil a fháil ag oifigí poist áitiúla. Eisíonn na h-údaráis áitiúla ceadúnais ghinearálta madra. Téann an t-airgead ó cheadúnais mhadra ar aghaidh chun seirbhísí smachta madraí a mhaoiniú.

Leasaíonn an tAcht um Bunachais Pórúcháin Madraí 2010 an tAcht um Rialú Madraí 1986. Cuireann sé ceadúnas 'saolré an mhadra' ar bun. Eiseoidh na h-údaráis áitiúla na ceadúnais seo. Tagann an tAcht i bhfeidhm ar 1 Eanair 2012.

Aitheantas madra

Caithfidh madraí coiléar buan a chaitheamh le ainm agus seoladh an úinéara scríofa air nó is féidir é a bheith ar phláta, ar shuaitheantas nó ar dhiosc. Muna bhfuil aitheantas de chineál éigin agat ar do mhadra is féidir leis an maor madra tú a fhíneáil ar an spota. Muna n-íocann tú an fhíneáil seo laistigh den thréimhse atá leagtha síos, is féidir tú a chúisiú.

Madraí ar seachrán

'Sé an rud atá i gceist le madraí seachráin, na madraí atá in áit phoiblí agus nach bhfuil an t-úinéir nó duine éigin freagrach ina gcuideachta. Glactar leis go bhfuil madraí ar seachrán muna bhfuil siad faoi smacht ceart. Muna bhfuil do mhadra faoi smacht ceart, d’fhéadfadh fíneáil ar an spota a fháil. Is féidir leis an maor madraí agus na Gardaí, madraí atá ar seachrán a ghabháil agus iad a thabhairt go dtí an póna madraí áitiúil. Is féidir na madraí seo a chur síos nó fáil réidh leo muna dtagann a n-úinéirí a n-iarraidh laistigh de thréimhse 5 lá. Má tá madra agat atá ar strae nó caillte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an bpóna madraí áitiúil chun seiceáil a dhéanamh ar ghabháladh é. Sula mbaillíonn tú an madra, beidh ort táille athéilimh a íoc agus ceadúnas madra reatha a sholáthar. Muna bhfuil ceadúnas madra reatha agat caithfidh tú ceann a cheannacht in oifig an phoist áitiúil sula mbaillíonn tú an madra.

Madraí nach dteastaíonn

Ba cheart iad a thabhairt go dtí an póna madraí agus tabharfar isteach iad saor in aisce. Tá sé de chumhacht ag an údarás áitiúil madraí a thógáil isteach agus iad a mharú nó fáil réidh leo muna bhfaightear áit fhóirstineach dóibh.

Maoir mhadraí

Tá an chumhacht ag an maor madraí ainm agus seoladh a iarraidh ar an té atá in amhras maidir le coir faoin Acht um Rialú Madraí. Tá an chumhacht acu madra a ghabháil agus é a choinneáil agus tá sé de chead acu dul isteach in aon áitreabh seachas áit chónaithe le 5 nó níos mó madraí chun madra a ghabháil nó a thógáil. Tá tú ciontach ar choir agus is féidir leis na Gardaí tú a ghabháil má chuireann tú bac ar an maor madraí agus é nó í i mbun a gcuid oibre nó má dhiúltaíonn tú d' ainm agus do sheoladh a thabhairt nó ainm agus seoladh bréagach a thabhairt.

Fodhlíthe

Tá go leor dlíthe curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla a léiríonn na ceantair ina gcaithfear madraí a choinneáil ar iall nó na ceantair a bhfuil cosc iomlán ar mhadraí. Beidh an t-údarás áitiúil atá agat in ann tú a chur ar an eolas maidir leis na fodhlíthe atá i bhfeidhm i do cheantar. Má bhristear na fodhlíthe maidir le madraí i do cheantar, 'sé an toradh a bheidh air ná fíneáil ar chiontú achomaire.

Fearadh madraí

Faoi Alt 22 don Acht Truailliú Brúscair 1997 is coir atá ann cead a ligean do mhadra faoi do smacht áit phoiblí a shalú. Ciallaíonn sé seo de réir dlí, go bhfuil sé suas ag an úinéir nó an duine atá i bhfeighil ar an mhadra an fearadh a ghlanadh ar bealach atá cóir ó thaobh na sláintíochta de. Is féidir leat gearán a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche in aghaidh an úinéara nó duine atá i bhfeighil ar an mhadra a thugann cead do mhadra áit phoiblí a shalú agus nach dtógann freagracht as gníomhaíochtaí an mhadra. Caithfidh tú an t-úinéir a chur ar an eolas maidir leis an ghníomhaíocht atá i gceist agat tré foirm iarratais speisialta a líonadh isteach. Léigh tuilleadh faoi na dlithe brúscair.

Madraí ag tafann

Is coir é nuair atá madra ag tafann an-iomarca agus é ina ábhar núis. Is féidir leis an Chúirt Dúiche ordú a dhéanamh go laghdófar an-iomarca tafainn a dhéanann madra, cosc a chur ar an méid madraí gur féidir coinneáil ar áitreabh nó an treoir a thabhairt an madra a thabhairt chuig maor madraí mar mhadra nach bhfuil ag teastáil.

Is féidir leat gearán a dhéanamh maidir leis an-iomarca tafainn chuig an gcúirt dúiche faoi Rialacháin Torainn. Sula ndéanann tú é seo, caithfidh tú úinéir an mhadra a chur ar an eolas maidir leis an gníomhaíocht atá i gceist agat tré an fhoirm speisialta a líonadh isteach faoi Acht um Rialú Madraí 1986. Tá na foirmeacha seo ar fáil ó d'údarás áitiúil.

Madraí cosanta

Caithfidh duine éigin a bheith in éineacht le madra cosanta nó é a choinneáil sabháilte sa dóigh is nach féidir leis a bheith ag siúl thart saor nó nár féidir leis éalú, má tá sé in áit neamh-chónaithe.

Caithfear fógra a chrochadh ar an bhealach isteach leis an phobal a chur ar an eolas go bhfuil madra cosanta ar an láthair.

Caithfidh an madra cosanta coiléar a chaitheamh ag tabhairt ainm agus seoladh an úinéara.

Caithfidh an madra ionchlannán leictreonach a bheith ar a chorp le marc aitheantais buan air a tugadh don mhadra ón ISPCA. Caithfidh an ionchlannán a bheith sáite sa mhadra faoi chúram dochtúir tréadliachta atá glactha leis ag an ISPCA. Tá úinéir an mhadra freagrach as na costais a bhaineann leis an ionchlannán.

Má tá conchróite le níos mó na 5 mhadra cosanta agus iad níos mó ná 4 mhí d'aois, caithfear iad a chlárú leis an údarás áitiúil. Tá rialacha sonraithe maidir coimeád madraí cosanta. Léigh tuilleadh faoi na rialacha seo sa I.R. 329/1989 Rialacháin na hAcht um Rialú Madraí 1986 (Madra Cosanta) 1989.

Rialacha maidir le cineálacha póir madraí

Cuireann Rialacháin um Rialú Madraí 1998 (I.R. 442 1998) rialacha sa bhreis maidir le cineálacha póir madraí seo a leanas (agus tréithchineál/traspóradh).

  • American Pit Bull Terrier
  • English Bull Terrier
  • Staffordshire Bull Terrier
  • Bull Mastiff
  • Dobermann Pinscher
  • German Shepherd (Alsatian)
  • Rhodesian Ridgeback
  • Rottweiler
  • Japanese Akita
  • Japanese Tosa
  • Bandog

Luann na rialacha:

  • Go gcaithfear na madraí seo (nó tréithchinéal agus traspóradh dóibh) a bheith coinnithe ar iallachta gairid láidir ag duine atá os cionn 16 bliana d'aois agus atá in ann smacht a choinneáil orthu.
  • Caithfear soc béil a chur ar na madraí ( nó tréithchinéal agus traspóradh dóibh) nuair atá siad in áit phoiblí
  • Caithfidh na madraí seo (nó tréithchinéal agus tras-póradh dóibh) coiléar a chaitheamh an t-am ar fad le ainm agus seoladh an úinéara.

Ní bhaineann na rialacha seo le madraí a úsaideann na Gardaí, Gardaí Calafoirt Bhaile Átha Cliath, Gardaí ar Aerfort Stáit agus foirne tarrthála bona fide agus iad i nbun gníomhaíochta sábháltachta. Ní bhaineann na rialacha maidir le soc béil leis na madraí treoir a bhíonn ag an dream atá dall.

Pionóis

Tá cumhacht ag údaráis áitiúla fodhlíthe maidir le rialú a thabhairt isteach. Is treoir iad ná pionóis liosaithe thíos. D’fhéadfadh an fineálacha i do cheantar bheith níos airde.

Coir Fíneáil Pionós
Gan ceadúnas madra Fíneáil ar an spota: €30 agus é iníoctha leis an údarás áitiúil Muna n-íocann tú an fhíneáil ar an spota is féidir tú a chúisiú sa Chúirt Dúiche le uasmhéid fíneála de €1904.61 agus/nó téarma príosúnachta 3 mhí
Gan aitheantas ar an madra Fíneáil ar an spota: €30 agus é iníoctha leis an údarás áitiúil Muna n-íocann tú an fhíneáil ar an spota is féidir tú a chúisiú sa Chúirt Dúiche le uasmhéid fíneála de €1904.61 agus/nó téarma príosúnachta 3 mhí
Madra ar strae Tá táille athéilimh de €20 ag an phóna madra .Tá costas €8 in aghaidh na h-oíche a chaitheann an madra sa phóna Faightear réidh leo nó cuirtear síos madraí muna dtagann éinne a lorg i ndiaidh 5 lá
Madraí nach gcoinnítear faoi smacht Fíneáil ar an spota 12.70 euro iníoctha leis an údarás áitiúil Muna n-íocann tú an fhíneáil ar an spota is féidir tú a chúisiú sa Chúirt Dúiche le uasmhéid fíneála de €1,904.61 agus/nó téarma príosúnachta 3 mhí
Ag briseadh fodhlíthe ( ag leagaint amach amanna gur féidir le madraí a bheith in áit phoiblí gan iall) Fíneáil suas go dtí €1,904.61 má chúisítear tú
Madra ag salú in áit phoiblí Muna bhfaigheann úinéirí nó an duine atá i bhfeighil an madra réitigh don bhfearadh ar bealach atá freagrach is féidir leis / léi a bheith fíneáilte ar an spota €125. Muna n-íocann tú an fhíneáil ar an spota is féidir tú a chúisiú sa Chúirt Dúiche le uasmhéid fíneála de €3,000 agus €600 sa lá do chiontí leanúnach.

Rátaí

Cosnaíonn ceadúnas madra €12.70 agus é dlisteanach do thréimhse bliana. Ón 1 Eanair 2012 cosnaíonn sé €20.

Cosnaíonn ceadúnas ginearálta madra €253.95. Ón 1 Eanair 2012 cosnaíonn sé €400.

Beidh ceadúnas nua 'saolré an mhadra' le fáil ón 1 Eanair 2012. Cosnóidh sé €140.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir gnáthcheadúnas do mhadra aonair a fháil in oifig an phoist.

Má tá ceadúnas ginearálta madra nó an ceadúnas nua 'saolré an mhadra' uait, iarr ar an údarás áitiúil.

Cumann na hÉireann um Chosaint Ainmhithe

An Lárionad Ainmhithe Náisiúnta
Lóiste Derrylogher
Caonach
Co. Longfort
Éire

Teil:+353 (0)43 332 5035
Facs:+353 (0)43 332 5024
Láithreán Gréasáin: http://www.ispca.ie/
R-phost: info@ispca.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 December 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Smacht ar chapaill
    Sa doiciméad seo déantar cur síos ar na rialacha a bhaineann le úinéireacht chapaill.
  • An dlí maidir le bruscar in Éirinn
    In Éirinn is é d’údarás áitiúil atá freagrach as an dlí ar thruailliú bruscair a chur i bhfeidhm. Cad is truailliú bruscair ann agus cén pionóis atá i bhfeidhm?
  • Fíneálacha páirceála agus clampáil feithiclí
    Tá córas a chuireann srian ar pháirceáil agus a ghearrann fíneálacha i bhfeidhm ar fud bailte agus cathracha in Éirinn. Eolas faoi fhíneálacha, srianta ar pháirceáil agus an chaoi a chuireann d'údarás áitiúil an dlí i bhfeidhm.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.