Is scéim tacaíochta ioncaim do fheirmeoirí í an Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (REPS) atá dhá rith ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ó Iúil 2009, tá an Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (SCTT) dúnta d'iarratasóirí nua. Áfach, is féidir leis na rannpháirtithe go léir a chuaigh sa scéim i 2009 fanacht sa scéim ar feadh na 5 bliana.
Cuireadh an Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (AEOS) ar bun i 2010 in ionad an REPS. Táthar ag glacadh le hiarratais i leith na scéime 2011 faoi láthair - 'sé 16 Bealtaine 2011 an data deireanach le d'iarratas a chur isteach.
Is iad aidhmeanna na Scéime REPS ná:
Tá 3 ghné sa Scéim
1. Clár Ginearálta, ina bhfuil
2. Talamh cuspóireach taobh amuigh den chlár REPS. Seo cuntar nua a ligeann do fheirmeoirí a bhfuil roinnt talamh cuspóireach acu ach nach bhfuil ag glacadh páirt sa gClár Ginearálta REPS Céim A a chur i bhfeidhm ar a gcuid talamh cuspóireach. Ní thagann cimín san áireamh san talamh cuspóireach sa gcás seo.
3. Beartanna bhreise, ar féidir le feirmeoirí atá ag glacadh páirt san
gClár Ginearálta REPS a thabhairt fúthu. Má tá tú sa gClár Ginearálta
REPS, ní féidir leat breis airgid a fháil ach ar chéim breise amháin. Má
tá tú ag glacadh páirt san gClár Ginearálta REPS is féidir leat breis
airgid do dhá beart breise a fháil.
Más mian leat páirt a ghlacadh sa gClár Ginearálta REPS, ní mór duit:
Tá 11 céim nach mór duit a chur i bhfeidhm thar tréimhse 5 bliana an chláir.
Ní mór duit:
Tá sé de dhualgas ort do ghníomhaíochta feirme a bheith dhá rith agat de réir na coinníollacha feirme cuí maidir le rangnú talún. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an uasleibhéal do cheimicí éagsúla leagtha síos agus ní mór duit dul de réir na rialacha éagsúla a bhaineann le dramhaoil.
Má tá tú ag glacadh páirt sa gClár Ginearálta REPs agus tá tailte cuspóireacha agat, ní mór duit Céim A a chur i bhfeidhm chomh maith. Sé aidhm an chéim seo ná bealach le raon leathan chun tabhairt faoi chaomhnú agus/ athfhás cheantair cuspóireacha.
Siad na ceantair cuspóireacha ná:
Má tá talamh agat sna Ceantair Cuspóireacha, ní mór duit cloí le rialacha áirithe. Ní mór duit pleananna a dhéanamh amach le pleanalaí ceadaithe agus comhshaolaí don talamh ceantar cuspóireach. Ní mór don phlean nithe ar nós caomhnú, céimeanna cosanta timpeallachta agus córais stocáil a bheith clúdaithe ann.
Ní mór duit freisin cloí leis na rialacha caomhnúcháin a bhaineann le NHAs, SACs agus SPAs. Chomh maithe leo seo, tá rialacha ar leith a bhaineann le caomhnú gnáthóga áirithe cosúil leis an Burren agus bratphortaigh.
Má tá tailte cuspóireacha agat seachas cimín agus nach mian leat cur isteach ar an gclár ginearálta REPS, d'fhéadfá roinnt cabhrach a fháil i leith an talamh cuspóireach amháin.
Is féidir leat tabhairt faoi chuile cheann de na céimeanna breise a leanas nó aon cheann ar leith acu gur mian leat. Má tá tú sa chlár ghinearálta REPS, ní gheobhfaidh tú íocaíocht breise ach ar chéim amháin.
Siad na céimeanna ná:
Tá rialacha ar leith a bhaineann le gach ceann de na céimeanna seo.
Eagraíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i gcomhar le ranna rialtais
eile, cúrsaí traenála do phleanálaithe agus feirmeoirí REPS. Ní mór do
fheirmeoirí freastal a dhéanamh ar chúrsaí oideachais ceadaithe agus ní
mór de na cúrsaí seo seasfadh ar feadh 20 uair ar a laghad.
| Talamh neamh-chuspóireach inghlactha | €200 don heachtár suas go dtí 20 heachtár |
| €175 don heachtár ó 20 go dtí 40 heachtár | |
| €70 don heachtár ó 40 go dtí 55 heachtár | |
| €10 don heachtár os cionn 55 heachtár |
| Talamh cuspóireach inghlactha | €242 don heachtár suas go dtí 40 heachtár |
| €24 don heachtár ar thailte ó 40 go dtí 80 heachtár | |
| €18 don heachtár ar thailte ó 80 go dtí 120 heachtár | |
| €5 don heachtár os cionn 120 heachtár |
| Gnáthóg traonaigh | €100 sa bhreis in aghaidh an heicteáir |
| Úllord traidisiúnta na hÉireann | €150 in aghaidh an úlloird |
| Pór neamh-choitianta | €200 do gach aonad beostoic cáilithe |
| "cur ar leath-taobh" fad téarmach | €724.5 don heachtár suas chuig uasmhéid 2.5 heachtár |
| Gnáthóg LINNET | €700 le haghaidh an chéad heicteáir agus 400 euro le haghaidh an chéad 1.5 heicteáir eile (2.5 heicteár ar a mhéad) |
| Feirmeoireacht orgánach(os cionn 3 heachtár) | €181 don heachtár atá dhá athrú suas go dtí 55 heachtár; €30 don heachtár atá dhá athrú os cionn 55 heachtár; €91 don heachtár (le stádas orgánach) suas go dtí 55 heachtár agus €30 don heachtár le stádas orgánach os cionn 55 heachtár |
| Feirmeoireacht orgánach (ó 1 go dtí 3 heachtár) | €242 don heachtár atá dhá athrú suas go dtí 3 heachtár; €121 don heachtár le stádas orgánach |
Ó Iúil 2009, tá an Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (SCTT) dúnta d'iarratasóirí nua. Áfach, is féidir leis na rannpháirtithe go léir a chuaigh sa scéim i 2009 fanacht sa scéim ar feadh na 5 bliana.
Foilseofar tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is féidir iad a fháil freisin ó oifigí áitiúla na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nó ó oifigí Teagasc.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.