Mar chuid de cheiliúradh bliain na Mílaoise (bliain 2000) in Éirinn, ainmníodh ós cionn 1500 acra coillearnaí dúchasaí mar "Foraoiseacha Mílaoise na nDaoine". Déarnadh an choillearnach dhúchasach (atá roinnte suas i 16 foraois ar fud na tíre) seo a thiomniú go deo do mhuintir na hÉireann. Áiritear sna foraoiseacha limistéir nua plandáilte a bhíodh ag baint úsáide as síol dúchasach Éireannach. Áiritear sna 16 foraois freisin athchóiriú a dhéanamh ar choillearnacha dúchasacha atá ann le 200 bliain nó ós a chionn.
Mar chuid den cheiliúradh, plandáileadh crann dúchasach saor in aisce thar cheann gach líon tí in Éirinn. Seoladh teastas chuig gach teaghlach ag tabhairt eolais faoin áit a bhfuil gach crann teaghlaigh plandáilte. Plandáileadh 1.2 milliún crainnte dúchasacha ar fad mar chuid den cheiliúradh.
Thar na haoiseanna tá coillearnacha na hÉireann buailte go dona ag glanadh agus dúshaothrú. Faoi láthair ní chlúdaíonn coillearnacha ach 10% de thírdhreach na hÉireann. Tá foraoiseacha an-tábhachtach ar go leor cúiseanna, san áireamh an fiadhúlra a chothaíonn siad. Méadaíonn foraoiseacha a bhfuil bainistiú agus plandáil chúramach déanta orthu bithéagsúlacht ár dtaobh tíre, ag cruthú réimse mhóir gnáthóga le haghaidh ainmhithe agus fásra fiáin. Ba chóir go ndéanadh an t-athrú i dtreo éagsúlachta speiceas agus leathanduilleog i bhforaoiseacha Éireannacha an fiadhúlra a chothú níos fearr.
Tugtar Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoise ar bhainistiú agus úsáid foraoiseacha ar bhealach a dhéanann cothabháil ar shaibhris éagsúla a bhfoirmeacha beatha, a bhfeidhmeanna sóisialta agus eacnamaíochta agus a gcumas chun ath-fhás a dhéanamh. Plandáiltear crainnte, ligtear cead dóibh aibiú, baintear iad, ath-phlandáiltear iad agus ath-ghintear iad go nádúrtha i dtimthriall leanúnach fáis.
Tá go leor feirmeoirí in Éirinn anois ag iompú ar an bhforaoiseacht chun malairt úsáide a bhaint as a gcuid talún. Tá spreagadh dá thabhairt don chlaonadh seo trí dheontas cabhrach agus préimheanna (íocaíochtaí bliantúla) ón tSeirbhís Fhoraoise agus ón AE chun cabhrú le feirmeoirí infheistíocht fhadthéarmach a dhéanamh i gcrainnte. Cuireann foraoiseacht fheirme malairt ioncaim ar fáil a chabhraíonn chun pobail feirmeoireachta a bhuanú, ar an gcaoi sin cuirtear forbairt tuaithe chun cinn agus tugtar deis do dhaoine fanacht ar a gcuid talún.
Tá Foraoiseacha Mílaoise na nDaoine urraithe in Éirinn ag Coiste Náisiúnta na Mílaoise agus tá bainistíocht dá dhéanamh air ag Coillte, i gcomhpháirtíocht le Grúpa Coillearnach na hÉireann.
Eisíodh teastas do gach teach in Éirinn ag tabhairt eolais faoin gcrann a plandáileadh do gach teaghlach agus cén áit a bhfuil sé lonnaithe. Cuireadh na crainnte i 16 foraois ar fud na hÉireann. Braitheann an áit a bhfuil do chrann plandáilte ar cén áit a bhfuil cónaí ort. Seiceáil cén fhoraois a bhfuil do chrann lonnaithe inti anseo.
Plandáileadh na crainnte thar cheann gach saoránaigh in Éirinn saor in aisce.
Mura bhfuair tú cóip de do theastas nó má tá sé imithe amú ort, téigh i dteagmháil le Coillte (Foraois Mhílaoise an Phobail) ag an seoladh thíos le tuilleadh eolais a fháil.
Le cóip de do theastas a fháil téigh i dteagmháil le hOifig Fhoraois Mhílaoise an Phobail:
Coillte Teoranta
Baile an Chinnéidigh
Cill Mhantáin
Éire
Teil:(01) 201 1111
Facs:(01) 201 1199
Láithreán Gréasáin: http://www.coillte.ie
R-phost: pr@coillte.ie
Le faisnéis a fháil faoi thionscnamh na foraoise mílaoise agus faoi choillearnacha dúchasacha in Éirinn téigh i dteagmháil le:
f/ch Comhairle Crann na hÉireann
Teach an tSeismeagraif
Caisleán Ráth Fearnáin
Ráth Fearnáin
Baile Átha Cliath 14
Éire
Teil:(01) 493 1313
Facs:(01) 493 1317
Láithreán Gréasáin: http://www.woodlandsofireland.com
R-phost: woodsofireland@iol.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.