Anseo atá tú: Baile > Comhshaol > Talmhaíocht agus Foraoiseacht > Scéim Iarfheirmeoirí

Print Page Send to a Friend

Scéim Iarfheirmeoirí

Eolas

Is scéim é an Scéim um Luathscor ó Fheirmeoireacht atá páirtmhaoinithe ag an Aontas Eorpach le feoirmeoirí idir 55 agus 66 bliain a spreagadh an obair fheirme a fhágáil agus a gcuid talún a aistriú chuig feirmeoirí níos óige. Caithfidh an feoirmeoir óg coinníollacha áirithe a shásamh. Tá na feirmeoirí a éiríonn as an obair fheirme agus a shásaíonn coinníollacha na scéime i dteideal pinsin, atá maoinithe ag an AE agus ag an gCiste Náisiúnta lena chéile. Tá an scéim eile pinsean ann d'oibrithe nó cúntóirí teaghlaigh idir 55 agus 65 blian a chaill a gcuid oibre mar gheall gur éirigh an feirmeoir as obair feirme go luath ina shaol.

Baineann príomh choinníolacha na scéime le aoiseanna an iarfheirmeora agus an feirmeora óig intofa, freagracht an iarfheirmeora tráchtáil feirme a stopadh, leanúnachas an fheirmeora óig i gcúrsaí feirme agus inmharthanacht a ghabháltais.

Is ráta cothrom atá sa phinsean scortha feirme móide méid áirithe a bhaineann leis an uimhir heachtair talún a bhí aistrithe. Má éiríonn leat bheith intofa do phinsean leasa shóisialaigh, bíonn an méid seo laghdaithe.

Cuireadh an Scéim um Luathscor ó Fheirmeoireacht ar fionraí d'iarratasóra nua.

Scéim athoscailte ar feadh tréimhse teoranta

I nDeireadh Fómhair 2008 cuireadh an Scéim um Luathscor ó Fheirmeoireacht ar fionraí d'iarratasóra nua. Áfach, tá an scéim athoscailte anois agus glacadh iarratais nua suas go dtí 30 Deireadh Fómhair 2009.

Le linn próiseáil iarratas nua, tabharfaidh an Roinn tosaíocht do na hiarratais le gníomhas aistrithe/léas stampáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim roimh 14 Deireadh Fómhair 2008. I ndiaidh sin, beidh tosaíocht cinnte de réir an dáta a raibh an gníomhas aistrithe/léas stampáilte. Níl aon ráthaíocht go nglacfar gach iarratas comhlánaithe a gheofar roimh 30 Deireadh Fómhair.

Rialacha

Glaotar "Éirí as obair go luath (ERS3) 2007" ar an scéim atá ann faoi láthair. Cuireadh tús leis ar an 13 Meitheamh 2007 . Tá an scéim atá ann faoi láthair in ionad scéime 2000-2006. Sé an tathrú is mó atá sa scéim 2007 ná go bhfuil na híocaíochtaí níos fearr do fheirmeoirí a bheith méid beag heachtáir acu.

Tá rialacha na scéime casta don fheirmeoir atá ag éirí as agus don fheirmeoir óg. Is iad seo a leanas na rialacha is tabhachtaí:

An feirmeoir atá ag éirí as

Le bheith intofa,

  • Caithfidh tú a bheith idir 55 agus 66 bliain ar an dáta a fhaigheann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an iarratas chomhlánaithe.
  • Cáillíonn talamh atá aistrithe le gníomhas aistrithe/léas ar nó i ndiaidh 1ú Eanair 2005 don scéim
  • Caithfidh an talamh a aistriú/léasú chuig feirmeoir óg intofa, ar a nglaotar "aistriú feirmeoireachta".
  • Caithfidh tú éirí as gach cinéal feirmeoireachta tráchtála. Cialaíonn sé seo go mbeidh d'uimhir thagartha tréad agus grán curtha ar cheal, nó aistrithe nó gan mhaith. Má théann tú le feirmeoireacht tráchtála ina dhiaidh sin, caithfidh tú na híocaíochtaí pinsean ar fad a aisíoc. Is féidir leat do theach a choinneáil agus uasmhéid de 10% nó heachtár amháin de talamh talamhaíochta ach níl cead agat an limistéar coinnithe a úsáid do ghíomhíocht fheirmeoireacht tráchtála. Ag teacht le hathruithe a rinneadh ar an scéim le déanaí, féadann an feirmeoir a théann ar scor dul i mbun fostaíochta inárachais i ngnó atá bainteach le feirmeoireacht. Áirítear i measc samplaí de ghnóthaí den sórt sin comharchumainn agus cuideachtaí príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí d’fheirmeoirí ar bhonn conartha, mar bhleán faoisimh, déanamh sadhlais agus bearradh fáil. Ní féidir leis an bhfeirmeoir a théann ar scor oibriú ar an bhfeirm ar éirigh sé/sí aisti ná oibriú go díreach d’fheirmeoir eile, áfach.
  • Caithfidh 5 heachtáir de thalamh intofa a bheith agat ar a laghad. Is píosaí talún gur leat féin iad nó atá ar léas agat agus atá faoi réir Scéim Aoníocaíochta sa mbliain roimh shíniú na gcáipéisí aistriúcháin /léasa atá intofa. Níl talamh a bhí aistrithe faoin scéim a bhí ann níos luaithe intofa go dtí go mbeidh deireadh le iníocaíocht ina leith.
  • Caithfidh tú an fheirmeoireacht a bheith cleachtaithe agat sa deich mbliana roimhe sin agus 25% de na haonaid ioncaim a bheith tuillte agat ón bhfeirmeoireacht, sa mbliain sul a ghlac tú páirt sa scéim.

Áit a bhfuil tailte le húinéirí ar leithligh/ tailte ar cíos á mbainistiú mar chomhfhiontar is féidir níos mó ná pinsean amháin a íoc ach ní féidir comhluach na bpinsean an t-uasphinsean atá iníoctha faoin scéim a shárú.

An feirmeoir óg intofa

Tá 3 cineál aistrí (an feirmeoir óg intofa) agus caithfidh siad, ar dháta a fhaigheann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an iarratas chomhlánaithe:

  • Taithí feirmeoireachta oiriúnach agus riachtanais oideachais a bheith aige/aici
  • Geallúint a thabhairt leanacht leis an bhfeirmeoireacht
  • Uimhir thagartha tréad nó grán a bheith aige agus uimhir PPS a thabhairt

Aistrí Catagóír A

Caithfidh an cineál aistrí seo bheith ceadaithe faoin Scéim Suiteáil Feirmeoirí Óga agus riachtanais na Sceime a chomhlíonadh.

Aistrí Catagóír B

  • Idir 18 agus 45 bliain d'aois
  • Feirmeoireacht a bheith cleachtaithe aige ar a laghad 5 heachtáir de talamh méadaithe agus ceann ghabháltas ar a laghad 20 heachtáir (limistéar mídheisiúil) nó 15 heachtáir (neamh limistéar mídheisiúil)
  • Ioncam taobh amuigh den fheirmeoireacht níos lú ná €50,000 sa bhliain cánach roimh síniú aistrithe nó léas.

Aistrí Catagóír C

  • Ceadaithe mar aistrí faoi Sceim Luathscor roimhe seo
  • Idir 45 agus 50 bliain d'aois

Leanúint Feirmeoireachta

Caithfidh an feirmeoir óg geallúint a thabhairt feirmeoireacht/foraoiseacht/turasóireacht feirme a chleachtadh mar phríomh obair ar feadh cúig bliana déag ar a laghad nó chomh fada is atá an pinsean scoir iníoctha. Beidh air/uirthi an talamh atá aistrithe a oibriú le 20 aonad ioncaim ar a laghad a ghnóthú. Caithfidh an fheirmeoireacht a bheith de réir Coinníollacha dea- Chleachtadh Feirmeoireachta.

Beidh air/uirithi bheith sásta cónaí taobh istigh de 112 km (70 míle) den talamh aistrithe ar bhun seasamhach in fhad atá an pinsean ar fáil.

Riachtanaisí eile

Beidh ar an bhfeirmeoir óg uimhir tréada agus grán a bheith aige agus uimhir PSP (PPSN) a sholáthar

Lucht Oibre

Tá scéim ann don lucht oibre idir 55 agus 65 bliain freisin, a chailleann a gcuid oibre mar gheall gur éirigh an feirmeoir as a chuid oibre go luath ina shaol.

Chun a bheith cáilithe, beidh ar an oibrí

  • a bheith idir 55 agus 65 bliain d'aois
  • leath dá am oibre ar a laghad a bheith caite leis an bhfeirmeoireacht i rith na 5 bliana roimhe sin
  • cothrom le 2 bhliain oibre lánaimseartha a bheith déanta ar ghabháltas an fheirmeora atá ag éirí as i rith na 4 bliana roimh don fheirmeoir sin éirí as an obair agus ranníocaíchtaí ÁSPC a bheith íoctha aige/aici don tréimhse sin
  • geallúint a thabhairt obair na feirme a stopadh ar fad

Tá tuilleadh eolais faoi thearmaí agus coinníollacha na Scéime um Luathscor ar shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Rátaí

Íocaíochtaí íarfheirmeoirí

Íocaíochtaí le feirmeoirí atá ag éirí as €9,300 an bun ráta a íoctar mar phinsean scoir fheirme. D'fhéadfadh sé go n-íocfaí freisin suim de €300 do gach heachtár talamh talmhaíochta suas go dtí uasmhéid de 24 heachtáir. Is é €15,000 an uas-íocaíocht faoin scéim seo sa bhliain.

Tá an pinsean iníoctha ar feadh deich mbliana nó go dtí go sroisfidh an feirmeoir atá ag éirí as 66 bliain d'aois.

Má chailltear an feirmeoir atá ag éirí as, beidh an méid den phinsean atá fágtha aistrithe chuig a c(h)éile agus/nó ag gaolta a bhí ag brath air/uirthi, i gcásanna áirithe.

Íocaíochtaí don Lucht Oibre Feirme atá ag éirí as

Is í an íocaíocht bhliantúil don lucht oibre ná €4,000. Tá sé seo iníoctha ar feadh deich mbliana nó suas go dtí aois 66. Má chailltear an toibrí, is féidir an chuid eile den phinsean a aistriú go dtí an céile agus/nó na gaolta a bhí ag brath air, I gcásanna áirithe.

Má cháilíonn an tIarfheirmeoir do phinsean leasa shóisialaigh

Laghdaítear an méid a íoctar mar phinsean na scéime scoir má tharlaíonn sé go mbíonn an t-iarfheirmeoir nó a c(h)éile/páirtí i gcás iarratais chomhbhainistíochta i dteideal ceann de na pinsin leasa shóisialaigh seo a leanas:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
  • Pinsean (Ranníocach) Baintrí (fir nó mná) (ag 66 bliana)
  • Pinsean (Neamh-Ranníocach) Baintrí (fir nó mná) (ag 66 bliana)
  • Pinsean Eatramhach (aois 65)
  • Pinsean Easláinte (aois 66)

Bíonn méid iomlán an phinsean, ag tógáil san áireamh aon liúntas do dhuine fásta cáilithe, liúntas do pháiste cáilithe agus liúntas do dhuine aonarach, bainte as pinsean na scéime Iarfheirmeoirí.

Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh atá tástáilte ó thaobh maoine de cuirfear an Pinsean Scoir Feirmeoireachta san áireamh i gcás na híocaíochta sin. Mar sin féin, ní dhéantar do Phinsean Scoir Feirmeoireachta a thógáil san áireamh sa tástáil mhaoine do phinsin neamh-ranníocacha do dhaoine os cionn 66 bliana d'aois.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuireadh an Scéim um Luathscor ó Fheirmeoireacht ar fionraí d'iarratasóra nua.

Tá foirm iarratais agus cáipéisí ar fáil ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ó Oifigí Seirbhísí Forbairt Feirme Aitiúil (FDS)

Caithfidh tú d'uimhir PSP a thabhairt nuair atá tú ag déanamh an iarratais. Muna bhfuil uimhir PSP agat, is féidir leat ceann a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Beidh cúnamh comhairleóra talmhaíochta nó dlíodóra uait leis na cáipéisí a líonadh. Beidh ort cáipéisí dleathacha áirithe a chur ar fáil mar gníomhais na feirme agus na gníomhais aistrithe.

Beidh roinnt eile ráitis ag teastáil, mar shampla, ceann ón Oifig Ceantair Tréidliachta, ag cinntiú an aistriú talún, ceann ag taispeáint go bhfuil an Uimhir tréad curtha ar ceal nó gan mhaith; buntheastas breithe, uimhir PSP agus fógra measúnachta maidir le d' ioncam taobh amuigh den fheirmeoireacht.

Tá cáipéis éagsúla eile cánach ag teastáil freisin. Tá go leor cáipéisí ag teastáil ón bhfeirmeoir óg freisin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara

Caisleán Bhaile Sheonach
Loch Garman
Éire

Teil:+353 53 9163400
Lóghlao:1890 200509
Láithreán Gréasáin: http://www.agriculture.gov.ie
R-phost: ers@agriculture.gov.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe
    An Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe, scéim cúnamh ioncaim atá dhá rith ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaireachtaí agus Bia.
  • Scor ón obair in Éireann
    Don fhormhór nuair a smaoiníonn siad ar scor, feiceann siad deis le treonna nua a ghlacadh agus dushláin nua a thabhairt. Faisnéis ba cheart a bheith ar eolas agat mar gheall ar dhul ar scor ó obair.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.