Cuireadh an Scéim Deontais le Feirmeacha i gCeantracha faoi Mhíbhuntáiste a Leictriú i bhfeidhm i 1990 chun fóirdheontais a chur ar fáil d'fheirmeoirí nach raibh soláthar leictreachais acu cheana, nó nárbh leor an soláthar a bhí acu chun a gcuid feirmeacha i gceantracha faoi mhíbhuntáiste a fhorbairt agus a chur in oiriúint don nua-aois.
Tá an scéim críochnaithe anois. Rinneadh na h-íocaíochtaí deiridh sa bhliain 2011.
Tugtar deontais le haghaidh soláthair leictreachais i gcomhair na rudaí seo a leanas:
Ní cheadófar deontas le haghaidh soláthair leictreachais i gcomhair na rudaí seo a leanas:
Ní bheidh deontais ar fáil ach an oiread d'iarrthóirí a bhfuil ioncam eile taobh amuigh den fheirmeoireacht os cionn euro 24,800 euro in aghaidh na bliana acu.
Chun a bheith i dteideal deontais ní foláir critéir dhochta a chomhlíonadh:
Déantar an méid iomlán ioncaim atá ceadaithe duit a shaothrú taobh amuigh den fheirmeoireacht a mheas bunaithe ar an ioncam tagartha bliantúil atá ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaireachtaí agus Bia don chlár feabhsaithe feirme. Is é euro 24,800 euro an méid atá socraithe le haghaidh 2004. Má tá d'ioncam eile taobh amuigh den fheirmeoireacht os cionn an méid seo, ní bheidh tú i dteideal deontais.
D'fhéadfadh an Roinn Talmhaíochta, Iascaireachtaí agus Bia iarradh ort plean feirme a chur ar fáil, atá curtha le chéile ag comhairleoir de chuid Teagaisc nó comhairleoir talmhaíochta, chun iad a shásamh go bhfuil tú dáiríre ag obair mar fheirmeoir.
Ba cheart ioncam ó thalamh ligthe ar cíos ar bhonn leanúnach le haghaidh níos mó ná 11 mí a thaispeáint ann féin.
D'fhéadfaí na cáipéisí seo a leanas a iarraidh ort:
Chun cloí leis an scéim, ní foláir rialacha reatha glantúcháin chánach a shásamh.
Ní foláir an deontas a thógáil taobh istigh de mhí amháin ó dháta na tairisceana agus caithfidh na sreanga a bheith curtha isteach agus an t-áitreabh a bheith réidh le glacadh le soláthar leictreachais taobh istigh de thrí mhí ó dháta na tairisceana. Ní thosóidh Bord Soláthar an Leictreachais (BSL) an obair thógála go dtí go mbeidh an fearas, a rinneadh iarratas le haghaidh soláthair ina thaobh, curtha isteach.
Ní cheadaítear soláthar don dara theach cónaithe ar fheirm ach amháin sna cásanna seo a leanas:
I gcás soláthar leictreachais nua agus méadaithe, ceadaítear deontas 80% de chostas an tsoláthair suas go dtí uasdeontas euro 2,032.
I gcás Soláthar Tríphasach ceadaítear deontas 80% de chostas an tsoláthair suas go dtí uasdeontas euro 4,064.
Luafar gnáththéarmaí BSL le iarrthóir i dtaobh an chuid eile den chostas nuair a théann costas iomlán soláthair nua agus méadaithe thar euro 2,540 agus thar euro 5,080 le haghaidh soláthair Tríphasach.
Is féidir tuilleadh eolais mar gheall ar an scéim chríochnaithe a fháil on ag ann seoladh thíos.
Sráid Taoiling
Tobar an Choire
Sligeach
Éire
Teil:(071) 918 6700
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.