Tá dualgas ar fhostóirí in Éirinn nósanna imeachta áirithe a leanúint nuair a dhéantar fostaí iomarcach. Tarlaíonn iomarcaíocht nuair a chailleann tú do phost toisc cúinsí cosúil le dúnadh an ghnó nó laghdú ar an líon foirne. Soláthraíonn na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 íostheidlíocht d'íocaíocht iomarcaíochta d'fhostaithe a bhfuil tréimhse socraithe seirbhíse acu lena bhfostóir. Níl gach fostaí i dteideal na híocaíochta iomarcaíochta reachtúil seo, fiú amháin áit a bhfuil cás iomarcaíochta i réim. Is féidir leat seiceáil má cháilíonn tú d'iomarcaíocht anseo.
Laghdú lacáiste fostóra: Laghdaíodh an lacáiste fostóra le haghaidh íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla a íoctar ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go 15% (60% roimhe seo).
Chomh maith leis na forálacha sa reachtaíocht maidir le comhiomarcaíochtaí, caithfidh d'fhostóir nósanna imeachta áirithe atá cóir a leanúint. 'Sé sin, fógra ar a laghad dhá sheachtain a thabhairt agus an íocaíochta iomarcaíochta a íoc ar dháta na dífhostaíochta. Tá nósanna imeachta éagsúla chomh maith maidir le roghnú um iomarcaíocht, obair mhalartach agus am saor.
Agus fostóir ag roghnú fostaí le hiomarcaíochta, ba chóir dó critéir roghnaithe a chuir i bhfeidhm go réasúnta agus go cothrom. Tá tú i dteideal gearán a dhéanamh le haghaidh dífhostú éagórach má cheapann tú gur roghnaíodh go héagórach tú le haghaidh iomarcaíochta nó má cheapann tú nach raibh cás iomarcaíochta ann. Samplaí eile de seo ná nuair a leantar an nós 'is déanaí isteach is túisce amach' i d'ionad oibre ach nár leanadh leis i do chás-sa. Sampla eile ná nuair a leagadh critéar roghnaithe amach i gconradh fostaíochta nár leanadh leis.
De réir na reachtaíochta um dhífhostú éagórach, meastar roghnú le haghaidh iomarcaíochta, déanta ar bhoinn áirithe a bheith éagórach. San áireamh anseo tá iomarcaíocht de bharr gníomhaíochtaí ceardchumainn an fhostaí, toircheas an fhostaí nó tuairimí an fhostaí i leith an chreidimh nó na polaitíochta. Leis sin, cuireann an reachtaíocht ar chomhionannas fostaíochta cosc ar roghnú um iomarcaíocht ar na naoi mbonn seo a leanas: inscne, stádas sibhialta, stádas clainne, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéasach, nó ballraíocht den Lucht Siúil.
Cosúil le dífhostú ar bith, caithfidh an fostóir gníomhú go réasúnta nuair atá fostaí á d(h)ífhostú i gcás iomarcaíochta. Is gá go mbeadh comhairliúchán leat roimh cinneadh a bheith déanta. Ina theannta sin, ba chóir don fhostóir s'agat na roghanna ar fad a mheas ina chuimsítear roghanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith ann.
Má dhéanann d'fhostóir tairiscint réasúnta ar obair mhalartach duit, agus má dhiúltaíonn tú í, d'fhéadfá do theidlíocht ar íocaíocht iomarcaíochta a chailliúint. Go ginearálta, ní bhreathnófaí ar roghanna malartacha go mbaineann cailliúint stádais nó téarmaí agus coinníollacha níos measa leo mar roghanna réasúnta. Ar an mbealach céanna, d'fhéadfá a bheith ceart tairiscint a dhiúltú ina bhaineann fad míréasúnta taistil chun na hoibre.
Is féidir leat obair mhalartach a thógáil ar bhonn trialach suas go dtí ceithre seachtainí. Nuair a bhaineann laghdú 50% nó níos mó in uaireanta nó pá leis an obair mhalartach, ní mheasfar hoibriú faoi na socruithe nua suas go dtí 52 seachtainí mar ghlacadh.
Má ghlacann tú le conradh nua nó athfhostú le héifeacht láithreach agus nach bhfuil na téarmaí difriúil uathu sin sa chonradh roimhe, ní bheidh tú i dteideal iomarcaíocht a éileamh. Baineann sé seo chomh maith má dhiúltaíonn tú tairiscint mar seo go míréasúnta.
Má ghlacann tú leis an tairiscint i scríbhinn ó d'fhostóir ar chonradh nua agus difriúil a bheidh éifeachtach laistigh de cheithre seachtainí ó dheireadh an chonartha roimhe, ní bheidh tú i dteideal iomarcaíocht a éileamh. Ar an mbealach céanna, má dhiúltaíonn tú tairiscint mar seo go míréasúnta, caillfidh tú do cheart ar íocaíocht iomarcaíochta.
D'fhéadfadh do dhiúltú inchosanta ar thariscint d'obair mhalartach, agus dífhostú ina dhiaidh, ag brath ar na cúinsí, a chiallú go bhfuil tú i dteideal d'iomarcaíocht reachtúil nó éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh.
Ba chóir aon tairiscint d'obair mhalartach a thabhairt duit i scríbhinn agus tá tú i dteideal d'fhaisnéis iomlán a fháil maidir le sonraí na tairisceana.
Tá tú i dteideal d'fhógra dhá sheachtain iomarcaíochta ar a laghad. Imíonn an tréimhse fógra seo suas ag brath ar an tréimhse seirbhíse.
| Tréimhse Seirbhíse | Fógra atá riachtanach |
Idir 2-5 bliana |
2 sheachtain |
| Idir 5-10 bliana | 4 seachtainí |
| Idir 10-15 bliana | 6 seachtainí |
| Os cionn 15 bliana | 8 seachtainí |
Leagan as agus gearr-am: Má leagadh as tú nó má cuireadh ar obair ghearr-ama tú, ciallaíonn sé sin go bhfuil do chonradh fostaíochta curtha ar fionraí go sealadach. Má ghlacann d’fhostóir cinneadh tú a dhéanamh iomarcach ansin, ní mór dó/di do chonradh a athghníomhú chun tú a dhíbhe ar fhoras iomarcaíochta. Nuair a thugann d’fhostóir fógraí faoi iomarcaíocht tá tú i dteideal tréimhse fógra iomlán. Má dhéantar iomarcach tú agus mura bhfuil ort obair ar feadh do thréimhse fógra tá tú i dteideal íocaíochta in ionad fógra atá comhionann le do ghnáthphá don tréimhse fógra sin.
Mar shampla, má bhí tú ar obair ghearr-ama agus má dhéanann d’fhostóir iomarcach tú ansin tá d’íocaíocht in ionad fógra bunaithe ar na huaireanta oibre i do chonradh fostaíochta, seachas ar na huaireanta oibre gearr-ama.
Má tá tú á dhéanamh iomarcach, tá tú i dteideal d'am saor réasúnta atá íoctha ionas gur féidir leat post nua a chuardach. Tá an ceart seo leagtha síos sa dlí in Éirinn in Alt 7 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1979 (Ba chóir duit nótáil cé gur leasaíodh na hAchtanna Iomarcaíochta cúpla babhta, tá na forálacha a leagadh síos i 1979 maidir leis an am saor, mar an gcéanna fós inniu.)
Tá tú i dteideal aon laethanta saoire atá fágtha nó íocaíocht do na laethanta saoire sin.
Idir d'fhógra iomarcaíochta a aimsiú agus an dáta a chríochnaíonn d'fhostaíocht, is féidir leat fógra a thabhairt don fhostóir s'agat gur mian leat fágáil roimh dheireadh an tréimhse fógra. Déanann tú é seo tríd an bhfoirm RP6 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre - féach 'Tuilleadh eolais' thíos) a chomhlánú agus a thabhairt go dtí d'fhostóir. Tá rogha ag an bhfostóir s'agat an iarratas a cheadú nó gan a cheadú. Ba chóir duit nótáil go bhféadfadh fágáil le linn an tréimhse fógra, gan chomhaontú ó d'fhostóir, goilliúint ar an teidlíocht s'agat d'íocaíocht iomarcaíochta.
Nuair a chailleann tú do phost, ba chóir duit clárú mar dhuine dífhostaithe trí shíniú le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Má tá go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat d'fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist atá ina shochar de réir tástála acmhainne.
Tá fostóirí a íocann an teidlíocht iomarcaíochta reachtúil agus a thugann fógra ceart iomarcaíochta (ar a laghad dhá sheachtain) i dteideal do lacáiste ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Is é 15% (60% roimhe seo) an lacáiste fostóra le haghaidh íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla a íoctar ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012. Chun éileamh a dhéanamh ar an lacáiste seo cuireann na fostóirí foirm RP50 faoi bhráid Rannóg na nÍocaíochtaí Iomarcaíochta sa Roinn Coimirce Sóisialaí laistigh de 6 mhí ó dháta deiridh na fostaíochta.
Is féidir éileamh iomarcaíochta a dhéanamh ar líne. Tá faisnéis d'fhostóirí ar éileamh iomarcaíochta a dhéanamh anseo
Ní mór do d’fhostóir 2 sheachtain d’fhógra na hiomarcaíochta a thabhairt duit trí “Fhógra Iomarcaíochta” - alt A d’fhoirm RP50. Ar dháta foirceannadh fostaíochta ní mór do d’fhostóirí “Teastas Iomarcaíochta” a thabhairt duit - alt B d’fhoirm RP50 agus ba chóir cnapshuim iomarcaíochta a íoc leat atá dlite duit.
Mura bhfuil do chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d’fhostóir, ba chóir duit iarratas ar d'fhostóir a dhéanamh ar fhoirm RP77 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre - féach 'Tuilleadh eolais' thíos). Má dhiúltaíonn d'fhostóir don íocaíocht fós, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh íocaíochta dírí ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Caithfidh tú iarratas ar líne a dhéanamh agus foirm RP50 á húsáid mar a leanas:
Dócmhainneacht: Má tá an comhlacht leachtaithe nó curtha faoi ghlacadóireacht, ba chóir don leachtaitheoir nó glacadóir ar son fhostaithe an fhoirm RP50 comhlánaithe a chur isteach.
Ba chóir duit an iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig an Rannóg um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, Urlár 2, Roinn Coimirce Sóisialaí, Bloc C, Lárionad Phorta an Iarla, Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Is féidir iarratas ar fhoirm trí théacs a sheoladh “FORM REDUNDANCY” agus d’ainm agus do sheoladh ina dhiaidh chuig 51909 (bíonn rátaí caighdeánacha téacs i bhfeidhm).
Is féidir teacht ar liosta ceisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá tuilleadh eolais faoi theidlíochtaí iomarcaíochta sa Treoir maidir le Scéim na nÍocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf)
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.