Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dífhostaíocht agus Iomarcaíocht > Iomarcaíocht > Na híocaíochtaí iomarcaíochta

Print Page Send to a Friend

Na híocaíochtaí iomarcaíochta

Eolas

Nuair a chailltear post de bharr cúinsí mar dúnadh gnó nó laghdú a theacht ar líon na foirne cuirtear síos ar seo mar iomarcaíocht.

Tugann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 le fios go bhfuil fostaithe a bhfuil tréimhse socraithe seirbhíse caite acu i dteideal íocaíocht iomarcaíochta. Ní bhíonn gach fostaí i dteideal na híocaíochta iomarcaíochta reachtúla, fiú nuair a bhíonn cás iomarcaíochta i gceist. Má tá tú incháilithe le haghaidh iomarcaíochtanósanna iomarcaíochta ann a gcaithfidh fostóirí agus fostaithe cloí leo chun a bheith ar aon dul leis an reachtaíocht.

Is féidir leatsa teacht ar chomhaontú áfach le do fhostóir maidir le híocaíocht iomarcaíochta sa bhreis ar an íosmhéid reachtúil, sa chás seo is féidir le fostaithe eile nach bhfuil an íostréimhse seirbhíse caite acu íocaíocht a ghabháil chomh maith. Mar shampla, ní thagann iomarcaíocht reachtúil i bhfeidhm ach amháin i gcás fostaí a bhfuil seirbhís dhá bhliana déanta aige/aici. D'fhéadfadh áfach, go dtabharfadh fostóir cnapshuim do fhostaithe nach bhfuil seirbhís dhá bhliana déanta acu. Tiocfaidh an íocaíocht seo i gceist de bharr comhaontaithe seachas de bharr na reachtaíochta. Mar is gnách le dlí fostaíochta, ní dhéanann an reachtaíocht ach na híoschearta a chur i bhfeidhm, tig leis na páirtithe féin teacht ar chomhaontú maidir le cearta níos substaintiúla.

Rialacha

Íocaíocht chnapshuime bunaithe ar phá an fostaí is ea an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta. Tá gach fostaí incháilithe i dteideal

  • Pá 2 sheachtaine ar son gach bliain seirbhíse os cionn 16 bliain d'aois, agus
  • Pá seachtaine breise

Tá an íocaíocht chnapshuime bunaithe faoi réir uasteorainn phá €600 sa tseachtain (€31,200 sa bhliain).

ná ghnáthphá seachtaine, meánragobair rialta agus sochair comhchineáil san áireamh, roimh asbhaintí cánach agus ÁSPC, sé sin do phá comhlán.

Bíonn an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta saor ó cháin.

Seirbhís inríofa agus neamhinríofa

Beidh neamhláithreachtaí ó obair le linn na trí bliana deireanacha amháin san áireamh i ngach iomarcaíocht a fógraíodh i ndiaidh 10 Aibreán 2005. Ní cuirfear aon neamhláithreacht san áireamh a tharla taobh amuigh den tréimhse trí bliana suas go dtí an dáta ar briseadh an duine as a p(h)ost.

Agus tú ag áireamh fad do sheirbhíse le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta, cuirfear na tréimhsí seo a leanas san áireamh le linn na trí bliana deireanacha, (tugtar asláithreachtaí inríofa ar na hasláithreachtaí seo):

  • Aon tréimhse lena linn a raibh tú ag obair
  • Aon tréimhse neamhláithreacht oibre be bharr saoire
  • Aon tréimhse neamhláithreacht oibre de bharr tinnis (féach thíos tréimhsí tinnis nach bhfuil inríofa)
  • Aon tréimhse a raibh tú saor ó obair agus an fostóir aontaithe leis seo (sos gairme de ghnáth)
  • Aon tréimhse bhunshaoire mháithreachais agus saoire mháithreachais bhreise atá ceadaithe ag an reachtaíocht
  • Aon tréimhse a raibh tú ar bhunshaoire uchtála/tuismitheora/cúramóra
  • Aon tréimhse a raibh tú frithdhúnta ó do chuid oibre
  • Aon tréimhse a bhfuil leanúnachas do chuid fostaíochta caomnaithe ag Na hAchtanna um Dhífhostú Eagórach.

Agus ag áireamh fad do sheirbhíse, ní tabharfar san áireamh na tréimhsí seo a leanas mar sheirbhís le linn na 3 bliana deireanacha (asláithreachtaí neamhinríofa a dtugtar orthu seo):

  • Aon tréimhse thar 52 sheachtain leantach a raibh tú saor ó obair de bharr gortaithe a tharla agus tú ag obair
  • Aon tréimhse thar 26 seachtainí leantach a raibh tú saor ó obair de bharr tinnis
  • Aon tréimhse stailce
  • Aon tréimhse leagan as foirne.

Tig leat an táireamhán iomarcaíochta ar líne seo a úsáid chun do theidlíocht a áireamh le haghaidh iomarcaíochta reachtúla. Tabhair faoi deara nach dtugann an táireamhán iomarcaíochta ar líne aon teidlíocht maidir le méid na hiomarcaíochta reachtúla.

Uaireanta laghdaithe agus obair gearr-ama

Má rinneadh tú iomarcach laistigh de bhliain amháin ón am a cuireadh ar uaireanta nó pá laghdaithe tú, bheadh d’íocaíocht iomarcaíochta bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán. Má dhéantar iomarcach tú tar éis duit uaireanta laghdaithe a oibriú do thréimhse níos mó ná bliain amháin, beidh an dóigh a ndéantar d’íocaíocht a ríomh ag brath ar cé acu ar ghlac tú nó nár ghlac tú le huaireanta laghdaithe. Más rud é gur ghlac tú go hiomlán le huaireanta oibre laghdaithe mar do sheachtain normálta agus níor iarr tú filleadh go hobair lánaimseartha, mar sin beidh d’íocaíocht bunaithe ar do phá comhlán le haghaidh na n-uaireanta laghdaithe. Más rud é, ar an taobh eile de, nár ghlac tú riamh leis na huaireanta oibre laghdaithe mar chuid de d’uaireanta normálta agus gur iarr tú ar bhonn leanúnach le bheith curtha ar ais ar obair lánaimseartha, beidh d’íocaíocht bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán.

D’fhéadfadh d'íocaíocht iomarcaíochta a bheith bunaithe ar phá seachtaine iomláine má cuireadh ar obair ghearr-ama thú agus má rinneadh iomarcach thú ina dhiaidh sin.

Má bhíonn conspóid agat le d’fhostóir faoi seo is féidir leat éileamh a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta.

Cánachas cnapshuimeanna

Má fhaigheann tú cnapshuim mar chúiteamh ar chailleadh fostaíochta, d'fhéadfadh cuid de a bheith saor ó cháin. Bíonn an chnapshuim íocaíocht iomarcaíochta reachtúil saor ó cháin i gcónaí. Léigh tuilleadh mar gheall ar chánachas cnapshuimeanna iomarcaíochta/scoir anseo. Breathnaigh ar dhuillín na gCoimisinéirí Ioncaim a phléann cánachas agus iomarcaíocht anseo.

Dócmhainneacht fostóra

Is faoin bhfostóir atá sé ar an gcéad ásc an íocaíocht cnapshuime iomarcaíochta reachtúil a íoc le gach aon fostaí incháilithe. Maoiníonn Ciste an Árachais Sóisialta (CÁS) 60% den íocaíocht lacáiste iomarcaíochta do fostóirí a íocann a gcuid fostaithe incháilithe an iomarcaíocht reachtúil atá ag dul dóibh. Muna bhfuil an fostóir in ann íoc nó má dhiúltaíonn siad íoc, is féidir leis an fostaí iarratas ar íocaíocht ón gCÁS a dhéanamh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Agus deireadh tagtha le do chuid fostaíochta de bharr dócmhainneacht do fhostóra tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm maidir le teidlíocht amuigh maidir le do phá. De réir Scéime na n-Íocaíochtaí Dócmhainneachta is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí iad seo a íoc as Chiste an Árachais Sóisialta. Léigh 'Tuilleadh faisnéise' thíos mar gheall ar an reachtaíocht a bhaineann le dócmhainneacht fostóra.

Rataí

Ó 1 Eanáir 2005 ar aghaidh an t-uasmhéid tuillimh a bheidh le háireamh i gcóir cnapshuimeanna reachtúil iomarcaíochta ná €600 in aghaidh na seachtaine (€31,200 in aghaidh na bliana).

Conas iarratas a dhéanamh

Ar dháta foirceannadh fostaíochta ní mór do d’fhostóirí “Teastas Iomarcaíochta” a thabhairt duit - alt B d’fhoirm RP50 agus ba chóir cnapshuim iomarcaíochta a íoc leat atá dlite duit.

Mura bhfuil do chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d’fhostóir, ba chóir duit iarratas ar d'fhostóir a dhéanamh ar fhoirm RP77 (ar fáil ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta - féach 'Tuilleadh eolais' thíos). Má dhiúltaíonn d'fhostóir don íocaíocht fós, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh íocaíochta dírí ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Caithfidh tú iarratas ar líne a dhéanamh agus foirm RP50 á húsáid mar a leanas:

  • Mura bhfuil d’fhostóir in ann do chnapshuim iomarcaíochta a íoc, ba chóir dó an fhoirm RP50 a shíniú agus litir ó chuntasóir nó dhlíodóir a chur isteach le rá nach bhfuil sé ábalta íocaíocht a dhéanamh agus go nglacann sé le dliteanas maidir leis an 40% atá dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh. Ba chóir fianaise dhoiciméadach amhail cuntais iniúchta a iniamh freisin.
  • Má dhiúltaíonn d’fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má bhíonn conspóid ann maidir le hiomarcaíocht is féidir leat éileamh a dhéanamh ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta agus an ríomh-fhoirm T1-A (pdf) á húsáid. Caithfear seo a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ó do dhífhostú. Ansin déanann tú iarratas ar do chnapshuim trí fhoirm RP50 chomhlánaithe a chur isteach agus cinneadh fabhrach ón mBinse Achomhairc Fostaíochta ag gabháil léi.

Dócmhainneacht: Má tá an comhlacht leachtaithe nó curtha faoi ghlacadóireacht, ba chóir don leachtaitheoir nó glacadóir ar son fhostaithe an fhoirm RP50 comhlánaithe a chur isteach.

Ba chóir duit an iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig an Rannóg um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, Urlár 2, Roinn Coimirce Sóisialaí, Bloc C, Lárionad Phorta an Iarla, Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Is féidir iarratas ar fhoirm trí théacs a sheoladh “FORM REDUNDANCY” agus d’ainm agus do sheoladh ina dhiaidh chuig 51909 (bíonn rátaí caighdeánacha téacs i bhfeidhm).

liosta ceisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht le fáil ar an suíomh gréasáin na Ranna Coimirce Sóisialaí. Tá tuilleadh faoi theidlíochtaí iomarcaíochta sa leabhrán Treoir maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf).

Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta téigh i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta. Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis stádas éilimh ar chnapshuim iomarcaíochta nó aisíoc atá curtha isteach, téigh i dteagmháil leis an Rannán Íocaíochtaí iomarcaíochta go díreach ar 1890 800 699.

Tuilleadh eolais

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Tuilleadh faisnéise

Reachtaíocht maidir le dócmhainneacht fostóirí

Cosnaíonn na hAchtanna um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984 - 2004 teidlíochtaí áirithe gan íoc maidir le pá fostaithe má éiríonn a bhfostóirí dócmhainneach de réir mar a shainmhínítear sna hAchtanna.

Faoi réir theorainneacha agus choinníollacha áirithe (na teorainneacha ama reachtúla san áireamh), féadann an Roinn Coimirce Sóisialaí airgead atá dlite le fostaithe i raon cásanna a íoc as an gCiste Árachais Shóisialaigh. San áireamh ar na cásanna inar féidir leis an Roinn íoc as an gciste seo tá cúinsí ina bhfuil airgead dlite mar thoradh ar:

  • Riaráistí pá (lena n-áirítear riaráistí pá atá dlite faoi Ordú Rialaithe Fostaíochta)
  • Pá saoire agus breoiteachta
  • Teidlíochtaí faoin reachtaíocht maidir le fógra íostréimhse agus téarmaí fostaíochta, comhionannas fostaíochta agus dífhostú éagórach
  • Orduithe cúirte maidir le tuarastal, pá saoire nó damáistí faoin dlí coiteann de bharr dhífhostú éagórach.

Cosnaíonn Scéim na nÍocaíochtaí Dócmhainneachta ranníocaíochtaí amuigh na bhfostaithe le scéimeanna pinsean gairme a d’fhéadfadh a bheith bainte ó na tuarastail ag an bhfostóir ach nár íocadh isteach sna scéimeanna iad. Is féidir ranníocaíochtaí nach bhfuil íoctha le scéim pinsean gairme ar chuntas an fhostóra féin a íoc ón gCiste chomh maith, faoi réir theorainneacha áirithe. Baineann an Scéim le ranníocaíochtaí pinsean gan íoc suas le bliain roimh dháta na dócmhainneachta.

Clúdaíonn an Scéim fostaithe atá os cionn 16 bliana d’aois agus atá i bhfostaíocht atá inárachais do na sochair uile faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus cuimsíonn sé daoine os cionn 66 bliana d’aois atá i bhfostaíocht a bheadh, mura mbeadh siad an aois sin, inárachais do na sochair uile faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.

Ba chóir d’fhostaithe íocaíocht na dteidlíochtaí gan íoc a éileamh ó ionadaí an fhostóra (an leachtaitheoir nó glacadóir de ghnáth). Is féidir l'ionadaí an fhostóra iarratas dócmhainneachta ar líne a dhéanamh.

Is féidir díospóidí maidir leis an gcuid is mó de na teidlíochtaí faoi na hAchtanna a tharchur chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an ríomh-fhoirm ghearáin T1-C (pdf).

Le tuilleadh faisnéise a fháil féach Treoir do Fhostaí maidir le Scéim na nÍocaíochtaí Dócmhainneachta.

Forfheidhmiú na Treorach 2002/74/CE

Leasaíonn Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) IR 630/2005 an tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984 trí fhoráil a chuimsiú chun fostaithe a chlúdach atá fostaithe in Éirinn ag fostóir atá tar éis éirí dócmhainneach faoi dhlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta riaracháin Ballstáit eile. Baineann na Rialacháin le dócmhainneacht a tharlaíonn ó 8 Deireadh Fómhair 2005 ar aghaidh.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.