Iomarcaíocht a thugtar ar chailleadh poist in Éirinn de bharr dhúnadh gnó nó laghdú teacht ar an bhfoireann nó a leithéid. De ghnáth beidh iomarcaíocht i gceist má thagann deireadh le do phost agus mura ngabhann aon duine eile d'ionad. Cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le hiomarcaíocht ná staid airgeadais an ghnóthais, easpa oibre, atheagrú an ghnóthais, nó é a bheith ag dúnadh uile.
Tugann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 íostheidlíocht le haghaidh íocaíochtaí iomarcaíochta do dhaoine a bhfuil tréimhse seirbhíse socraithe caite acu leis an bhfostóir. Ní gach fostaí a bhíonn i dteideal na híocaíochta reachtúla iomarcaíochta seo, fiú nuair atá iomarcaíocht i gceist. Má tá tú incháilithe le haghaidh iomarcaíochta tá nósanna iomarcaíochta le leanúint ag fostaithe agus fostóirí chun a bheith in oiriúint leis an reachtaíocht.
Chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta de réir na nAchtanna, caithfear na riachtanais seo a leanas a shásamh:
Agus ag tabhairt breithe ar ar oibrigh tú go leanúnach ar son do fhostóra le 104 seachtaine ar a laghad, ní chuirfidh aon cheann de na cásanna seo isteach ar an mbreithiúnas:
Más printíseach thú, tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir leatsa agus seans go mbeidh tusa incháilithe le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta mura mbristear as do phost thú taobh istigh de mhí roimh an phrintíseacht a chríochnú.
Déanann reachtaíocht iomarcaíochta fostaithe gníomhaireachta chosaint chomh maith. Más iad an ghníomhaireacht fostaíochta a íocann an tuarastal, is iad atá freagrach as an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta a íoc.
Déanann an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 2003 leasú ar riachtanais inárachais iomarcaíochta chun cearta oibrithe páirtaimseatha a chinntiú um iomarcaíocht reachtúil. De bharr an leasaithe seo tá siad anois ar aon dul le An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 a tugann le fios nach féidir caitheamh le hoibrithe lánaimseartha níos fabhraí ná le hoibrithe páirtaimseatha maidir le coinníollacha fostaíochta. Caithfidh siad an riachtanas 2 bhliain seirbhís leanúnach a shásamh - féach an cur síos thuas.
Cíallaíonn seo go n-athnaítear anois cearta oibrithe páirtaimseartha (iad sin i mbreacfhostaíocht nó mionfhostaíocht) maidir le hiomarcaíocht reachtúil.
Ionas le cinntiú gur dífhostú atá i gceist, caithfidh gur tháinig deireadh le do chuid fostaíochta, le nó gan rabhadh. Agus tú fostaithe le haghaidh achar socraithe beidh dífhostú i gceist má thagann deireadh leis an socrú gan é a athnuachan faoin gconradh.
Beidh dífhostú i gceist freisin, má chuireann tú deireadh le do chonradh agus cúis mhaith agat de bharr iompar do fhostóra. Dífhostú inchiallaithe a dtugtar ar seo
Cé go bhfuil iomarcaíocht i gceist, seans go mbeidh de cheart agat gearán a dhéanamh má roghnaíodh thú go héagórach.
Agus fostóir ag roghnú fostaí le hiomarcaíochta, ba chóir dó critéir roghnaithe a chuir i bhfeidhm go réasúnta agus go cothrom. Tá tú i dteideal gearán a dhéanamh le haghaidh dífhostú éagórach má cheapann tú gur roghnaíodh go héagórach tú le haghaidh iomarcaíochta nó má cheapann tú nach raibh cás iomarcaíochta ann. Samplaí eile de seo ná nuair a leantar an nós 'is déanaí isteach is túisce amach' i d'ionad oibre ach nár leanadh leis i do chás-sa. Sampla eile ná nuair a leagadh critéar roghnaithe amach i gconradh fostaíochta nár leanadh leis.
De réir na reachtaíochta um dhífhostú éagórach, meastar roghnú le haghaidh iomarcaíochta, déanta ar bhoinn áirithe a bheith éagórach. San áireamh anseo tá iomarcaíocht de bharr gníomhaíochtaí ceardchumainn an fhostaí, toircheas an fhostaí nó tuairimí an fhostaí i leith an chreidimh nó na polaitíochta.
Leis sin, cuireann an reachtaíocht ar chomhionannas fostaíochta cosc ar roghnú um iomarcaíocht ar na naoi mbonn seo a leanas: inscne, stádas sibhialta, stádas clainne, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéasach, nó ballraíocht den Lucht Siúil.
Tig leat tuilleadh a léamh maidir lena a bhfuil ag dul duit ó thaobh na hiomarcaíochta de sa leabhrán Treoir um an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf). Tá an leabhrán seo le fáil in aisce ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta. Tá liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht ann freisin.
Má cheapann tú go ndearnadh roghnú éagórach um iomarcaíocht ort, tig leat éileamh a dhéanamh faoi na hAchtanna um Dhífhostú Eagórach 1977-2007 (pdf) chuig Coimisinéir um Chearta íoslódáil foirm iarratais anseo (pdf) nó chuig An Binse Achomhairc Fostaíochta tríd an ríomh-fhoirm T1-A (pdf) a chomhlánú.
Nóta: má chuireann tú isteach ar chúiteamh le haghaidh dífhostaithe éagóraigh ní féidir cuir isteach le haghaidh iomarcaíochta.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.